1,392 cás fógartha, 73 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

1,239 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh deichniúr eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,392 cás fógartha, 73 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

Tá 1,392 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna. 

288 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 290 inné, agus bhí 73 acusan in aonad dianchúraim, laghdú  ón 67 a bhí i gceist inné. 

1,239 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh deichniúr eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,493 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime. 

419 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt, i gcomparáid le 425 inné, agus tá 38 díobhsan in aonad dianchúraim, mar a bhí inné. Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,303,889 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,199,906 duine. 

Fág freagra ar '1,392 cás fógartha, 73 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim'