Cuirfidh breis is 135,000 dalta iar-bhunscoile tús inniu lena scrúduithe stáit i nach mór 15,000 ionad scrúdaithe ar fud an stáit.
Seo an líon is mó daltaí a cláraíodh riamh do na scrúduithe.
Cuirfear tús ar maidin le scrúduithe 2023 na hArdteiste agus na Sraithe Sóisearaí le páipéir a haon an Bhéarla.
Amárach a dhéanfaidh daltaí na Sraithe Sóisearaí a scrúdú Gaeilge agus Dé Luain agus Dé Máirt seo chugainn a thabharfaidh daltaí na hArdteiste aghaidh ar a bpáipéir Ghaeilge.
Ar an 27 Meitheamh a chuirfear críoch le hArdteist 2023 leis na scrúduithe san oideachas reiligiúnach. Ar an 19 Meitheamh a chríochnóidh scrúduithe na Sraithe Sóisearaí.
Dúirt Cathaoirleach Choimisiún na Scrúduithe Stáit, Pat Burke, gur “ócáid thábhachtach a bhí sna scrúduithe stáit d’iarrthóirí, a muintir agus a scoileanna”.
Beidh torthaí na hArdteiste ar fáil Dé hAoine an 25 Lúnasa, seachtain níos luaithe ná anuraidh.
61,107 dalta a fuair torthaí Ardteiste in 2022 ach níor chláraigh 11,213, nó 22.4%, díobhsean don Ghaeilge.
Deir Coimisiún na Scrúduithe Stáit go bhfuil níos mó scrúdaitheoirí ar fáil chun scrúduithe a cheartú ná mar a bhí an tráth seo anuraidh.
Fág freagra ar '135,000 dalta iarbhunscoile ag tabhairt faoi na scrúduithe stáit'