13 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 76 cás nua deimhnithe

2,109 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,604 duine ó dheas den teorainn agus 505 ó thuaidh di

13 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 76 cás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 13 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

2,109 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,604 duine ó dheas den teorainn agus 505 ó thuaidh di.

Duine ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

76 cás eile den ghalar a deimhníodh tráthnóna, rud a fhágann gur 29,127 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,582 cás ó dheas den teorainn agus 4,545 cás ó thuaidh.

Ach de réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) amach, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 505.

664 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 15 Bealtaine. 472 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna, rud a fhágann go bhféadfadh líon na mbásanna de bharr Covid-19 sa Tuaisceart a bheith beagnach 30% níos airde ná mar a thugtar le fios sna figiúirí oifigiúla éagsúla.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó NISRA tharla leath de na básanna de bharr Covid-19 in ionaid chúraim.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart agus ní chuireann siad ar an taifead ach cásanna a deimhníodh le tástáil go raibh Covid-19 i gceist. Cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 24,451 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Déardaoin:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,211 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 393 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 7,813 cás, nó 32%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 11,830 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,420 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,387 cás, nó 6%
  • 455 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.3%), 478 cás bhí i nDún na nGall (2%), 149 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%) agus 795 cás a bhí i gcontae na Mí (3.3%)

Scaipeadh sa phobal ba chúis le 60% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 38% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%.

49 othar le Covid-19 a bhí sna haoniad dianchúraim iar maidin agus bhí 15 othar eile in ICU a mheastar go raibh Covid-19 orthu. 298 othar le Covid-19 a bhí sna hoispidéil agus bhí 187 othar eile iontu a mheastar go raibh Covid-19 orthu.

Don chúigiú lá as a chéile níor fógraíodh aon ardú ar líon na gcásanna deimhnithe i gCiarraí –308. Mar a chéile a bhí líon na gcásanna deimhnithe a fógraíodh do Dhún na nGall inné agus inniu.

Fág freagra ar '13 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 76 cás nua deimhnithe'