123 duine fostaithe i mbun seirbhísí Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh – meamram ó Roinn na Gaeltachta

Liosta tosaíochtaí molta ag Roinn na Gaeltachta don Aire agus don Aire Stáit Gaeltachta nuacheaptha i nótaí eolais

123 duine fostaithe i mbun seirbhísí Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh – meamram ó Roinn na Gaeltachta

Bhí  foireann iomlán 123 duine fostaithe i mbun seirbhísí Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh ag deireadh na bliana seo caite, de réir meamram eolais nuafhoilsithe don Aire agus don Aire Stáit nua a ceapadh i Roinn na Gaeltachta sé seachtaine ó  shin.

Tá 34 den fhoireann Ghaeilge ag obair i gCoimisiún na hEorpa, 29 sa Rúnaíocht Ghinearálta, 23 i bParlaimint na hEorpa agus 10 sa Chúirt Bhreithiúnais.

Tá an chuid eile ag obair mar oibrithe aonair nó i ngrúpaí beaga i measc institiúidí eile de chuid an Aontais.

Cruthaíodh cuid mhór de na poist sin de thoradh an chinnidh stádas a thabhairt don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2007.

De thoradh an stádais sin, caithfear an reachtaíocht ar fad a nglacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon léi a aistriú go Gaeilge agus caithfidh ateangaireacht ó Ghaeilge a bheith ar fáil ag aon seisiún iomlán de Pharlaimint na hEorpa agus ag roinnt cruinnithe de chuid na Comhairle.

Ceadaíodh maolú ar chuid de na dualgais teanga sin go dtí go mbeadh foireann iomlán aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge oilte le dul i mbun oibre.

Tá sé tugtha le fios sa mheamram eolais do na hairí nua-cheaptha gur “tosaíocht” aitheanta é “leanúint ag oibriú go dlúth le hinstitiúidí an AE, le córas oideachais na hÉireann agus le páirtithe leasmhara eile” chun go mbeadh daoine le cumas dóthanach Gaeilge ar fáil ionas go bhféadfaí deireadh a chur leis an maolú faoi 2022.

Ar na tosaíochtaí eile atá aitheanta ag Roinn na Gaeltachta don tréimhse romhainn tá:

  • Tús a chur le hathbhreithniú ar struchtúr rialachais Údarás na Gaeltachta de réir an ghealltanais atá i gClár an Rialtais (3 mhí)
  • Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a achtú agus na Rialacháin ghaolmhara a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais.  (6 mhí)
  • Dréachtchaighdeáin nua a fhoilsiú don cineál seirbhíse trí Ghaeilge a chuirfidh comhlachtaí poiblí ar fáil in áit na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair (3 mhí)
  • Cathaoirleach agus comhaltaí boird nua a cheapadh ar bhord Fhoras na Gaeilge agus ar an Bhord Ultaise (6 mhí)
  • Pleananna gnó Fhoras na Gaeilge agus an Bhoird Ultaise le ceadú ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas (3 mhí)
  • Athbhreithnithe ar Scéim na gCúntóirí Teanga agus an Scéim Folláine a fhoilsiú (3 mhí)
  • Cead an Rialtais a fháil don chéad tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú an Phlean Gníomhaíochta 5 bliana don Ghaeilge, 2018 go 2022, agus í a fhoilsiú (3 mhí)
  • Pleananna teanga i ngach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga a cheadú agus a chur i bhfeidhm chomh maith leis na chéad 3 Líonra Gaeilge (6 mhí)
  • Cead an Rialtais a fháil do Phlean Digiteach don Ghaeilge agus é a fhoilsiú (6 mhí)
  • Cuidiú leis na gealltanais ó thaobh na Gaeilge a leagtar amach san chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua faoinar athbhunaíodh an Feidhmeannas ó thuaidh a sheachadadh (6 mhí)

Fág freagra ar '123 duine fostaithe i mbun seirbhísí Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh – meamram ó Roinn na Gaeltachta'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Cur amú tallainn agus cur amú airgid! Dá mbeadh an 123 duine sin fostaithe sa mbaile ag an státchóras ‘i mbun seirbhísí Gaeilge’ b’fhéidir nach mbeadh an oiread gearán le déanamh againn faoin easpa seirbhíse tré Ghaeilge atá ar fáil ón státchóras ag pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge sa mbaile! Ina áit tá os cionn 100 duine cumasach ag cur amú a gcuid scileanna ag aistriú doiciméidí teicniúla nach léifear, de chuid na institiúdaí an AE go Gaeilge.

  • An Mhéileach Mhéineach

    Níl baint dá laghad idir an dá státchóras. Ní aon bhac ar sholáthar seirbhísí in Éirinn é an stádas san Eoraip, dar ndóigh is mó an seans go dtabharfadh rialtas na hÉireann a gceart do na Gaeil ach aitheantas ar leibhéal na hEorpa a bheith ann. Ina theannta sin is iomaí duine cumasach in Éirinn a chaith seal ar an mór-roinn thar na blianta agus a d’fhill ar Éirinn arís eile, na céadta faoin am seo, mar sin tá muid mór go leor mar phobal freastal ar an dá thrá ach an toil a bheith ann. Níl aon chúis mhaith ann go mbeimis ag iarraidh tabhairt faoin todhchaí mar mhionteanga réigiúnach nuair is féidir tabhairt fúithi mar theanga náisiúnta a úsáidtear ag na leibhéil is airde go hidirnáisiúnta, cinnte is mór iad na buataisí ach bhíomar in ann iad a líonadh tráth dá raibh agus líonfar arís iad. Tá borradh nach beag ar phobal na Gaeilge le tamall measartha fada anois agus cosúil le gach rud a bhaineann le daoine bíonn an fás easpónantúil, beidh teacht aniar na Gaeilge go fóill ar cheann de na téarnaimh is bisiúla a tharla riamh!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Níl aon chúis mhaith ann go mbeimis ag iarraidh tabhairt faoin todhchaí mar mhionteanga réigiúnach nuair is féidir tabhairt fúithi mar theanga náisiúnta a úsáidtear ag na leibhéil is airde go hidirnáisiúnta….” Sin an argóint nach bhfuil ag luí leis na fíricí, mar a fheicimse iad. Go praicticiúl is mionteanga réigiúnach í an Ghaeilge, ar an gcuid is mó. Ag leibhéal náisiúnta is teanga a usáidtear i measc idir 1% agus 2% de phobal na hÉireann go minic. Ach go príomha is teanga siombalach í go náisiúnta, nach bhfuil ina theanga oibre a thuilleadh ag aon roinn rialtais, ó cuireadh deireadh le Roinn na Gaeltachta mar roinn as féin.

    Im thuairimse is cuid den cur i gcéill go mbeadh sí ‘á usáid ag na leibhéil is airde go hidirnáisiúnta’ nuair nach féidir le cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht déileál leis an leibhéal is áitiúla den státchóras i nGaeilge, ceal fóirne ag an gcomhairle contae le Gaeilge. Ag an am céanna tá breis is 100 ag cur amú a gcuid scileanna teanga thall sa Bhruiséal!

    Tá muid ag cur dallamullóg orainn féin ag ceapadh gurb é leas na Gaeilge go mbeadh doiciméidí teicniúla de chuid an Aontas Eorpach á aistriú go Gaeilge, agus a fhios againn go maith nach léifear iad.