12 bean eile thíos le conspóid na dtorthaí tástála ailse míchearta

Tá ráite ag Emma Mhic Mhathúna as Baile na nGall go bhfuil an ailse atá uirthi tar éis scaipeadh go dtína hinchinn

12 bean eile thíos le conspóid na dtorthaí tástála ailse míchearta

Dheimhnigh an HSE inniu gur 221 bean seachas 209 bean atá buailte ag scannal CervicalCheck.

Dhearbhaigh Stiúrthóir Ginearálta an HSE John Conaghan an méid sin agus ceisteanna á bhfreagairt aige inniu ag cruinniú den Choiste Um Cuntais Phoiblí. Dúradh ag an gcruinniú go bhfuil beagnach dhá scór cás dlí á dtógáil ag mná de bharr na dtástálacha míchearta.

Tá trí cinn de na cásanna sin socraithe, 35 díobh ar siúl fiú láthair agus dhá cheann eile á mbeartú.

Idir an dá linn, tá ráite ag Emma Mhic Mhathúna, an bhean as Baile na nGall atá ar dhuine de na mná ar tugadh torthaí tástála ailse míchearta dóibh, go bhfuil an ailse atá uirthi tar éis scaipeadh go dtína hinchinn.

Ag labhairt di ar an gclár Today with Miriam O’Callaghan, dúirt Mhic Mhathúna go bhfuair sí an drochscéala sin inné.

An tseachtain seo caite, thángthas ar réiteach €7.5 milliún san Ard-Chúirt sa chás a thóg Emma Mhic Mhathúna in aghaidh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Quest Diagnostics, saotharlann tástála ailse sna Stáit Aontaithe.

Tá an bhean, atá ag cur fúithi i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, ar dhuine de 221 bean atá thíos leis an gconspóid a bhain le torthaí tástála ailse míchearta.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre nach bhféadfaí Athbhreithniú Scally a chríochnú roimh dheireadh mhí Lúnasa, mar a bhí beartaithe, toisc nár tosaíodh ar an athbhreithniú a dhéanamh ar an 3,000 tástáil smearaidh atá i gceist.

Fág freagra ar '12 bean eile thíos le conspóid na dtorthaí tástála ailse míchearta'