1,181 cás nua fógartha, 60 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

1,590 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh seachtar eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,181 cás nua fógartha, 60 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

Tá 1,181 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

309 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 321 inné, agus bhí 60 acusan in aonad dianchúraim, ardú ar an 58 a bhí i gceist inné.

1,590 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh seachtar eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,468 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

441 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt, i gcomparáid le 457 inné, agus tá 41 díobhsan in aonad dianchúraim, mar a bhí inné. Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,298,956 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,197,505 duine.

Fág freagra ar '1,181 cás nua fógartha, 60 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim'