1,144 cás nua fógartha, ardú ar líon na n-othar atá buailte ag an víreas sna hospidéil

1,764 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,144 cás nua fógartha, ardú ar líon na n-othar atá buailte ag an víreas sna hospidéil

Tá 1,144 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

384 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 362 inné, agus bhí 59 acusan in aonad dianchúraim, an líon céanna is a bhí i gceist inné.

1,764 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,417 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

407 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 46 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,291,944 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,174,021 duine.

Tá laghdú eile tagtha ar ráta scaipthe an Covid-19 ó dheas den teorainn.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, laghdaigh ráta coicíse na ghalair go dtí 491.9 cás in aghaidh gach 100,000 duine i gcomparáid le 523.3 sa choicís roimhe sin.

I nDún na nGall atá an dara ráta is airde sa stát – 1,185 cás in aghaidh gach 100,000 duine. Contae Muineacháin, áit a raibh 1,498 cás, an t-aon chontae a bhí níos measa as.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go raibh a rian fágtha ag an gclár vacsaínithe ar chúrsaí agus go raibh laghdú “an-soiléir” ar ráta scaipthe an ghalair i measc daoine óga go háirithe.

Fógraíodh an laghdú is déanaí ar an ráta coicíse tráth a bhfuil maolú á dhéanamh ar a thuilleadh srianta.

Ón lá inniu tá cead imeachtaí móra beo lasmuigh agus laistigh a eagrú agus rialacha nua i bhfeidhm.

Tá cead ag 50% den líon iomlán a bhfuil áit dóibh san ionad freastal ar shearmanais reiligiúin. Ní raibh ach 50 duine ceadaithe go dtí seo.

Ceadófar feasta 60% den líon a bhfuil áit dóibh in ionaid taobh istigh ach na daoine sin a bheith lánvacsaínithe agus beidh cead ag 75% den iomlán freastal ar imeachtaí lasmuigh faoin spéir agus ní mór dóibhsean vacsaín a bheith faighte acu chomh maith.

Na hionaid lasmuigh ar mian leo daoine nach bhfuil vacsaínithe a ligean isteach ag imeachtaí, ní cheadófar dóibh ach 50% dá gcumas a ligean isteach.

Is faoi na heagraíochtaí spóirt féin a bheidh sé cinneadh a dhéanamh cé acu an ligfidh siad daoine neamhvacsaínithe isteach ag a gcuid imeachtaí nó nach ligfidh.

Tá cead arís ag ceoltóirí ceol a sheinm ag bainiseacha agus i dtithe tábhairne. Níl aon athrú ar an am dúnta, caithfear an bhainis agus an t-ól a stopadh ag 11.30pm.

Fág freagra ar '1,144 cás nua fógartha, ardú ar líon na n-othar atá buailte ag an víreas sna hospidéil'