1,124 cás nua fógartha, ‘dóchas’ go bhfuil an galar beagnach ‘faoi chois’

1,209 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,124 cás nua fógartha, ‘dóchas’ go bhfuil an galar beagnach ‘faoi chois’

Tá 1,124 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

349 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, le hais 333 inné, agus bhí 65 acusan in aonad dianchúraim, duine níos mó ná inné.

1,209 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,573 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

346 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, ardú ó 338 inné, agus tá 34 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos lú ná Dé Luain.

Dúirt cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Eipidéimeolaíochta NPHET inniu go raibh an-dóchas ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go bhfuil an Covid-19 beagnach faoi chois ag pobal na tíre agus go mbeifear in ann deireadh ar fad a chur leis na srianta mar a bhí sa bplean, faoin 22 Deireadh Fómhair.

A bhuíochas don leibhéal ard vacsaínithe agus daoine a bheith ag cloí leis na bearta sláinte phoiblí a tharla sin, a dúirt Nolan.

Dúirt sé gur bhuail ráig mhór den Delta daoine óga idir 16-34 bliain i rith an tsamhraidh, go leor acu nach raibh an vacsaín faighte acu ar an tráth sin. Tá go leor de na cásanna faoi láthair ag eascairt ón ráig sin, dar leis.

Mhol an tOllamh Nolan an obair mhór atá á déanamh ag príomhoidí, múinteoirí agus tuismitheoirí sna scoileanna a fhágann nach bhfuil an galar ag scaipeadh go dona i measc páistí idir 5-12 bliain.

Fág freagra ar '1,124 cás nua fógartha, ‘dóchas’ go bhfuil an galar beagnach ‘faoi chois’'