1,120 cás nua den víreas deimhnithe, an vacsaín ceadaithe do leanaí idir 12-15

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh 1,473 cás nua deimhnithe ansin agus go raibh triúr eile básaithe de dheasca an ghalair

1,120 cás nua den víreas deimhnithe, an vacsaín ceadaithe do leanaí idir 12-15

1,120 cás eile den Covid-19 atá fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

142 othar atá buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil ar maidin, duine sa bhreis ar fhigiúr an lae inné, agus 27 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

Tá a bheannacht tugtha ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC) do vacsaín in aghaidh an Covid-19 a thabhairt do leanaí idir 12-15 agus an Coiste ag moladh don Rialtas an vacsaín a thabhairt dóibh.

Rinneadh an cinneadh seo agus é léirithe gur déagóirí duine as gach cúigear a deimhníodh an Covid-19 a bheith tolgtha acu le trí seachtaine.

Meastar go dtosóidh vacsaíniú na ndéagóirí seo go luath ionas go mbeidh an vacsaín faighte acu roimh thús na scoilbhliana ag deireadh mhí Lúnasa. Vacsaín mRNA, sin Pfizer nó Moderna, a bheidh á cur ar fáil don dream óg agus ceithre seachtaine a bhíonn idir an dá shnáthaid den na vacsaíní sin.

Caithfear athrú a dhéanamh ar shuíomh idirlín an chláir vacsaínithe mar beidh cead tuismitheoirí riachtanach agus caithfidh duine fásta an déagóir a thionlacan chuig an ionad vacsaínithe.

1,473 cás a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna. Fógraíodh go raibh triúr eile básaithe de dheasca an víris ansin.

243 othar Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh den teorainn, suas ó 208 inné, agus tá 28 acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i 72 d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,198,692 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,016,691 duine.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney inniu gur chinn an Rialtas i bprionsabal go mbeadh cead ag 100 aoi freastal ar bhainis ón 5 Lúnasa. Dúirt sé go mbeadh an tAire Sláinte Stephen Donnelly ag scrúdú na rialacha eile sláinte phoiblí a bhainfeadh lena leithéid d’ócáid.

Dúirt Coveney chomh maith go mbeadh searmanas an bhaiste á cheadú ó mhí Lúnasa ar aghaidh ach nár theastaigh ón Rialtas go mbeadh cóisirí móra ag daoine ina dhiaidh mar gheall go bhfuil “cineál tógálach bagrach den Covid fós sa tír agus gur cineál é is deacair a bharraíocht”.

 

 

 

Fág freagra ar '1,120 cás nua den víreas deimhnithe, an vacsaín ceadaithe do leanaí idir 12-15'