1,110 cás eile den víreas fógartha, Dún na nGall an contae is measa atá buailte

89 duine a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil ar maidin, laghdú ó 101 inné

1,110 cás eile den víreas fógartha, Dún na nGall an contae is measa atá buailte

D’fhógair an Roinn Sláinte 1,110 cás eile den Covid-19 tráthnóna. 89 duine a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil ar maidin, laghdú ó 101 inné. 21 de na hothair Covid-19 a bhí in aonad dianchúraim I gcomparáid le 22 inné.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, go raibh ardú 88% tagtha ar líon na gcásanna a deimhníodh le seachtain anuas i gcomparáid leis an tseachtain roimhe sin. Nach mór 7,700 cás den Covid a deimhníodh le seachtain.

Dúirt sé gur tháinig ardú ar ráta an ghalair i ngach contae le seachtain. I nDún na nGall atá an ráta coicíse is airde sa stát, 725 cás in aghaidh gach 100,000 duine. Baile Átha Cliath an tríú háit is measa atá buailte le coicís agus 307 cás in aghaidh gach 100,000 duine. Luimneach a bhí sa cheathrú háit le ráta coicíse 258 agus bhí an Ghaillimh ar an gcúigiú háit is measa a bhí buailte le coicís anuas le 257 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Dúirt an Dr Ronan Glynn go raibh formhór na ndaoine ag cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus go raibh sin “an-tábhachtach” agus iarracht ar siúl an tsnáthaid a thabhairt d’oiread daoine agus ab fhéidir sna seachtainí romhainn.

Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE, inniu go mbíonn toradh dearfach anois ar suas le 25% de na tástálacha don Covid-19 a dhéantar in ionaid tástála áirithe.

Dúirt sé go mbíonn ráta dearfachta 10% ar thástálacha “in go leor contaetha”.

“Dá fhairsinge is atá sé [an galar] sa phobal, is ea is mó a éireoidh leis a shlí a dhéanamh isteach i measc na ndaoine a bhfuil an vacsaín faighte acu. Tugaimis go léir aire ar feadh roinnt seachtainí agus cuirimis romhainn an ruaig a chur air seo agus líon na ndaoine atá breoite a laghdú,” arsa Paul Reid.

Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios chomh maith gur duine a bhfuil an vacsaín faighte aige duine as gach cúigear a chuirtear san ospidéal de dheasca an Covid. Dúradh, áfach, go bhfuil ag éirí níos fearr leis na hothair seo ná mar bhíodh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 1,138 cás eile den ghalar tráthnóna. Duine amháin eile a raibh an galar air a fuair bás sa Tuaisceart le lá anuas.

118 othar a bhfuil an Covid orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá seisear acusan in aonad dianchúraim.

Tá níos mó othar ná mar atá slí ann dóibh i seacht gcinn de na hospidéil.

Dúirt Príomh-Eolaí Thuaisceart Éireann, Ian Young, gur údar imní dó an t-ardú ar líon na gcásanna agus líon na ndaoine nár thapaigh an deis go fóill an vacsaín a fháil.

Dúirt sé go mbeadh “cinneadh crua” le déanamh ag feidhmeannas Stormont Déardaoin ach a ndéanfar plé faoina thuilleadh srianta a scaoileadh.

Fág freagra ar '1,110 cás eile den víreas fógartha, Dún na nGall an contae is measa atá buailte'