1,105 cás eile den Covid-19 fógartha, 700,000 dáileog bhreise den phrioc Pfizer le fáil ón Rómáin

D’fhógair Céad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon, go bhfuiltear ag fáil réidh Dé Luain seo chugainn le formhór na srianta Covid-19 atá fós sa tír

1,105 cás eile den Covid-19 fógartha, 700,000 dáileog bhreise den phrioc Pfizer le fáil ón Rómáin

1,105 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. 178 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 29 acusan in aonad dianchúraim.

1,082 cás nua a d’fhógair Roinn Sláinte na Tuaiscirt inniu agus dheimhnigh siad go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe. 224 duine a bhí buailte ag an víreas a bhí in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 37 díobhsan in aonad dianchúraim.

 Idir an dá linn, tá 700,000 dáileog den tsnáthaid Pfizer/BioNTech le ceannach ag an stát.

D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly tráthnóna gur aontaíodh leis an Rómáin agus an tAontas Eorpach go gceannófaí na dáileoga breise a dháilfear ar dhaoine óga.

Tiocfaidh na dáileoga in aghaidh an Covid-19 díreach ó Pfizer i ndiaidh don Rómáin iad a thabhairt ar ais.

Chuir an tAire Sláinte Stephen Donnelly fáilte roimh an scéal agus ghabh sé buíochas leis an Rómáin.

“Léiríonn an comhaontú seo na buntáistí a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht Eorpach ó thaobh teacht ar vacsaíní,” arsa an tAire.

An tseachtain beidh sé mhilliún snáthaid tugtha amach ó cuireadh tús leis an gclár vacsaínithe, a deir an Rialtas.

Táthar ag súil leis an 700,000 dáileog bhreise ó Pfizer an mhí seo.

Tugadh os cionn 30,000 vacsaín amach le linn an deireadh seachtaine go dtí na hionaid siúil isteach a osclaíodh do dhaoine nach bhfuil an vacsaín faighte go fóill acu.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le tús a chur as seo go ceann cúpla seachtain le vacsaíniú déagóirí idir 12 agus 15 bliain. Beidh foirm le líonadh ag tuismitheoirí chun cead a thabhairt an tsnáthaid a thabhairt dá bpáistí.

Idir an dá linn, d’fhógair Céad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon, go bhfuiltear ag fáil réidh Dé Luain seo chugainn le formhór na srianta Covid-19 atá fós i bhfeidhm sa tír.

Dúirt Sturgeon gur dócha gurb é “an lá is cinniúnaí go dtí seo” sa phaindéim a bheadh ann. Beifear ag fáil réidh leis an scaradh sóisialta agus leis na srianta ar líon na ndaoine a cheadaítear ag ócáidí agus imeachtaí.

Beidh clubanna oíche ag oscailt den chéad uair ó Mhárta 2020.

Beidh sé riachtanach masc a chaitheamh go ceann tamaill eile agus táthar fós ag moladh do mhuintir na hAlban obair ón mbaile más féidir leo.

Fág freagra ar '1,105 cás eile den Covid-19 fógartha, 700,000 dáileog bhreise den phrioc Pfizer le fáil ón Rómáin'