11 duine eile le Covid-19 básaithe, 115 cás nua deimhnithe

2,096 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,592 duine ó dheas den teorainn agus 504 ó thuaidh di

11 duine eile le Covid-19 básaithe, 115 cás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 11 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 115 cás nua den ghalar atá deimhnithe.

Seo an an chéad lá le seachtain gur fógraíodh níos mó ná 100 cás nua den ghalar, ach dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, nár chóir mórán suntais a chur sa mhéid sin.

2,096 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,592 duine ó dheas den teorainn agus 504 ó thuaidh di.

Beirt ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

115 cás eile den ghalar a deimhníodh ó dheas tráthnóna, rud a fhágann gur 29,010 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,506 cás ó dheas den teorainn agus 4,504 cás ó thuaidh

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go bhfuil triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

De réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) amach inniu, Dé hAoine, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 504.

664 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 15 Bealtaine. 472 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna, rud a fhágann go bhféadfadh líon na mbásanna de bharr Covid-19 sa Tuaisceart a bheith beagnach 30% níos airde ná mar a thugtar le fios sna figiúirí oifigiúla éagsúla.

Idir an dá linn, d’fhógair an rialtas ó dheas tráthnóna inniu go mbeidh iachall ar gach duine a thagann chun na hÉireann an seoladh ag a mbeidh siad ag fanacht ar feadh coicíse a thabhairt do na Gardaí. Tiocfaidh an dlí nua i bhfeidhm an tseachtain seo chugainn.

Beidh ar an uile dhuine a thagann i dtír ag calafoirt agus aerfoirt na tíre é seo a dhéanamh agus cion a bheidh ann ag aon phaisinéir gan an fhoirm a thabharfaidh a seoladh a líonadh isteach.

Tá an Rialtas ag tabhairt treoir do dhaoine a thagann thar tír isteach iad féin a leithlisiú ar feadh coicíse, ach níl dlí déanta den treoir sin go fóill.

Tugadh rialacha isteach sa Bhreatain inniu a chuireann iachall ar chuairteoirí iad féin a leithlisiú, ach ní bhaineann an dlí nua ansin maidir le muintir na hÉireann.

I litir a sheol an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, chuig an tAire Sláinte Simon Harris deich lá ó shin, dúirt sé go bhféadfadh lúb ar lár faoi chúrsaí taistil a bheith ina contúirt sláinte don phobal.

Chuir an Dr Tony Holohan fainic sa litir sin ar an Rialtas go bhféadfadh paisinéirí a bheadh ag teacht chun na tíre seo as an mBreatain an coraintín 14 lá a sheachaint ach taisteal go dtí an Tuaisceart agus a mbealach a dhéanamh ó dheas ansin.

De réir an áirimh is déanaí atá déanta ag Ollscoil Johns Hopkins, nach mór 335,000 duine ar a laghad atá curtha den saol go dtí seo ag an gcoróinvíreas agus tá sé deimhnithe gur bhuail an galar breis is 5.1 milliún duine ar fud na cruinne.

Tá breis is 20,000 duine, ar a laghad, a raibh an galar orthu básaithe sa Bhrasaíl agus é ina imní go mbeidh Meiriceá Theas ar an gcéad eipealár eile ag an bpaindéim.

Fág freagra ar '11 duine eile le Covid-19 básaithe, 115 cás nua deimhnithe'