£10m in aghaidh na bliana d’ábhar Gaeilge á éileamh ón BBC

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an bpobal éileamh a dhéanamh ar an BBC tuilleadh maoiniú a thabhairt don chraoltóireacht Ghaeilge agus ‘cothrom na féinne’ a thabhairt di i measc na dteangacha Ceilteacha eile

BBC Béal Feirste
BBC Bhéal Feirste

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an BBC “cothrom na féinne” a thabhairt don Ghaeilge agus í a thabhairt “ar comhchéim leis an mBreatnais agus leis an nGáidhlig” mar chuid den phróiseas comhairliúchán atá ar siúl faoi láthair ag an Roinn Cultúir, Meáin agus Spóirt sa Bhreatain Mhór.

Thosaigh an próiseas níos túisce an mhí seo agus tá an Conradh anois ag impí ar an bpobal an deis a úsáid chun aird a tharraingt ar an “leatrom leanúnach atá á dhéanamh ag an BBC” i leith na craoltóireachta Gaeilge.

Dúirt an Conradh go bhfuil difríocht shuntasach idir an soláthar a dhéanann an BBC don Ghaeilge agus do na teangacha eile Ceilteacha a bhíonn á gcraoladh ar stáisiúin na heagraíochta.

Ba chóir don BBC, dar leis an gConradh, é sin a dhéanamh ar a gcuid stáisiún féin nó trí chomhpháirtíocht le TG4 sa dóigh is go bhfuil an t-ábhar Gaeilge ar fáil trí TG4 ó thuaidh.

Tugann an BBC 200 oiread maoinithe don Bhreatnais is a thugann sé don Ghaeilge agus 10 n-oiread maoinithe don Gháidhlig. Tá an Conradh ag iarraidh go dtabharfar ar a laghad £10m in aghaidh na bliana don Ghaeilge go mbeadh sí níos giorra don dá theanga eile ó thaobh an mhaoinithe de.

Craoltar idir 50 agus 100 uair a’ chloig d’ábhar Gaeilge ar sheirbhísí teilifíse an BBC i láthair na huaire agus idir 260 agus 365 uair a’ cloig d’ábhar Gaeilge ar sheirbhísí raidió na heagraíochta.

Tá ceangal dlí ar an BBC athbhreithniú a dhéanamh ar an gCairt atá ag an gcraoltóir poiblí gach deich mbliana. Tá an Conradh ag súil go dtapófar an deis chun brú a chur ar an eagraíocht tiomantas don Ghaeilge a dhaingniú sa chairt sin, deis nach mbíonn ann ach go hannamh, dar leo.

Féadfar teacht ar fhoirm chomhairliúcháin an BBC anseo.

Fág freagra ar '£10m in aghaidh na bliana d’ábhar Gaeilge á éileamh ón BBC'