1,049 cás nua fógartha, 66 duine atá buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

903 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,049 cás nua fógartha, 66 duine atá buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

Tá 1,049 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

310 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 296 inné, agus bhí 66 acusan in aonad dianchúraim, duine níos mó ón 65 a bhí i gceist inné.

903 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,548 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

345 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt, i gcomparáid le 373 Dé hAoine, agus tá 28 díobhsan in aonad dianchúraim, le hais 31 Dé hAoine. Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,310,435 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,205,042 duine.

Mura mbíonn aon chomharthaí sóirt orthu, ní dhéanfar tástáil feasta ar pháistí bunscoile a bhíonn i dteagmháil le duine ag an scoil a bhfuil an víreas air. Ní gá dóibh fanacht sa bhaile ón scoil ach oiread.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu nach dóigh go gcuirfear an clár vacsaínithe do leanaí faoi 11 bliain i bhfeidhm i mbliana fiú má mholtar sin a dhéanamh.

Fág freagra ar '1,049 cás nua fógartha, 66 duine atá buailte ag an víreas in aonad dianchúraim'