1,499 cás nua fógartha, 63 duine atá buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

1,078 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,499 cás nua fógartha, 63 duine atá buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

Tá 1,499 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

300 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 310 inné, agus bhí 63 acusan in aonad dianchúraim, laghdú ón 66 a bhí i gceist inné.

1,078 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,552 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

362 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, i gcomparáid le 345 inné, agus tá 27 díobhsan in aonad dianchúraim, duine níos lú ná inné. Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,311,183 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,206,162 duine.

Tá deireadh á chur sa Tuaisceart leis na scaradh sóisialta i siopaí agus áiteanna eile taobh istigh. Déanfar cinneadh faoi thithe tábhairne agus bialanna an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar '1,499 cás nua fógartha, 63 duine atá buailte ag an víreas in aonad dianchúraim'