101 bás eile fógartha, an líon is mó a fógraíodh aon lá ó thús na paindéime

Dheimhnigh an Roinn Sláinte 879 cás nua den choróinvíreas, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá go dtí seo i mbliana

101 bás eile fógartha, an líon is mó a fógraíodh aon lá ó thús na paindéime

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 101 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, an líon is mó básanna a fógraíodh aon lá ó thús na paindéime.

Dheimhnigh an Roinn Sláinte 879 cás nua den choróinvíreas, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá go dtí seo i mbliana.

Bhain 83 de na básanna le mí Eanáir agus bhain 18 acu le mí Feabhra.

“Is é an bealach is fearr le hómós a léiriú dóibh siúd a fuair bás de dheasca an Covid-19, dá muintir agus dá gcúramóirí, ná cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí,” a dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan.

Dúirt sé gur bhain líon ard na mbásanna faoi láthair leis an mbrúisc den ghalar a tháinig roinnt seachtainí ó shin.

“Cé go bhfuil an-dul chun cinn déanta againn i dtaobh líon na gcásanna den ghalar atá á dtuairisciú, caithfidh laghdú mór eile teacht ar líon na gcásanna,” arsa an Dr Holohan.

1,388 othar a bhfuil an galar orthu a bhí sna hospidéil tráthnóna agus bhí 207 acusan in aonad dianchúraim.

Bhain 79 de na cásanna nua inniu le Corcaigh, 53 cás a bhí i nGaillimh agus 43 cás a bhí i gcontae na Mí. 29 cás nua a bhí i bPort Láirge, 15 cás a bhí i nDún na nGall, 14 cás a bhí i gCiarraí agus 12 cás a bhí i gCiarraí.

Bhain 383 den 1,388 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 455 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát. Ráta 665 a bhí i bPort Láirge, 514 a bhí i Maigh Eo, 479 a bhí i gcontae na Mí agus 428 a bhí i nDún na nGall. Ráta 408 a bhí i nGaillimh, 384 a bhí i gCorcaigh agus 213 a bhí i gCiarraí.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt, 447 cás nua a deimhníodh. Fógraíodh go bhfuil 17 duine eile básaithe sa Tuaisceart de dheasca an ghalair.

Tá 716 othar in ospidéil an Tuaiscirt a bhfuil Covid-19 orthu agus tá 66 acusan in aonad dianchúraim.

303,145 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 198,424 cás ó dheas den teorainn agus 104,721 cás ó thuaidh di.

5,296 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 3,418 duine ó dheas den teorainn agus 1,878 duine ó thuaidh di.

Idir an dá linn, tá sé ina imní ar eolaithe i Sasana go bhfuil athrú nó sóchán tagtha ar gheanóm nó DNA an chineál den choróinvíreas atá ag scaipeadh as Sasana.

Tá an t-athrú sin feicthe freisin ar an víreas a aithníodh ar dtús sa mBrasaíl agus san Afraic Theas, ar a dtugtar an E484K.

Cé go bhféadfadh an t-athrú seo éifeachtúlacht na vacsaíní a mhaolú, tá na saineolaithe den tuairim go n-oibreoidh siad ar an gceann nua seo agus tá rialtais ar an ndícheall ag iarraidh a scaipeadh a stopadh.

Tá roinnt cásanna den chineál nua aimsithe i Sasana a dúirt an tAire Sláinte Matt Hancock inniu. Deimhníodh 11 cás in Bristol agus 32 cás i Learpholl. Deimhníodh 11 cás den víreas a aithníodh ar dtús san Afraic Theas i Sasana agus ní raibh na hothair sin thar lear ná aon duine a bhain leo.

Is í comhairle an Dr Julian Tang, víreolaí in Ollscoil Leicester do dhaoine “fanacht sa mbaile” mar gurb é sin an bealach is éifeachtaí le cineálacha nua den choróinvíreas a stopadh gan ligean dó scaipeadh sa bpobal. Is é nádúr víris, a deir sé, a bheith “á chur féin in oiriúint don scaipeadh trí bheith ag síorathrú”.

Sa chás is measa deir na saineolaithe go bhféadfaí mionathrú a dhéanamh ar na vacsaíní le cosaint a fháil ó na víris athraithe.

Údar dóchais gur foilsíodh torthaí tástálacha ar vacsaín na Rúise, an Sputnik V, san iris leighis The Lancet inniu agus gur léirigh Céim 3 de na trialacha go raibh éifeachtúlacht 91.6% ag an vacsaín sin in aghaidh an Covid-19.

Ghlac 20,000 duine páirt i dtrialacha Chéim 3 agus ní mór dhá shnáthaid den vacsaín a fháil.

Sular foilsíodh torthaí Chéim 3, bhí an Rúis tosaithe ag tabhairt na vacsaíne do dhaoine a bhí os cionn 18 bliain.

Dúirt Kirill Dmitriev, Ceannaire Chiste Infheistíochta na Rúise, a bhí páirteach i bhforbairt na vacsaíne seo, go raibh sí cláraithe cheana féin i 16 tír.

“Tá deireadh anois le hargóintí lucht cáinte na vacsaíne, tá deireadh ráite ag The Lancet,” a deir Dmitriev.

Tá Sputnik V saor go maith agus is féidir é a stóráil i ngnáthchuisneoir. Fágann an scéala seo go bhfuil armlón eile anois ann i gcoinne an choróinvíris.

Fág freagra ar '101 bás eile fógartha, an líon is mó a fógraíodh aon lá ó thús na paindéime'