100,000 cás den choróinvíreas dearbhaithe ar fud an domhain

An Iodáil an tír is measa atá buailte san Eoraip agus nach mór 4,000 cás sa tír sin

100,000 cás den choróinvíreas dearbhaithe ar fud an domhain

Tá os cionn 100,000 cás de Covid-19 dearbhaithe anois ar fud an domhain agus 3,400 duine básaithe de bharr an ghalair.

Tá téarnamh déanta cheana ag os cionn leath de na daoine a bhuail an galar a bhfuil a lorg fágtha aige ar 85 tír ar fud an domhain mhóir.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, baineann breis is 80,500 cás den ghalar leis an tSín, mar ar thosaigh Covid-19, tá os cionn 6,500 cás sa Chóiré Theas  agus tá beagnach 5,000 cás san Iaráin. An Iodáil an tír is measa atá buailte san Eoraip agus nach mór 4,000 cás sa tír sin.

Idir an dá linn, iarradh ar bhreis is 60 ball foirne in Ospidéal na hOllscoile i gCorcaigh iad féin a choinneáil amach ó dhaoine eile mar gheall ar an gcás den choróinvíreas a aimsíodh san ospidéal.

Is é an cás sin an chéad chás de Covid-19 in Éirinn nár tolgadh thar lear é agus baineann sé le fear  a chaith seal san ospidéal sular tastáladh don ghalar é.

Tá diansrianta ar chuairteoirí i bhfeidhm san ospidéal i gCorcaigh mar a bhfuil cúram leighis á chur ar an bhfear meánaosta atá á choinneáil amach ó dhaoine eile.

16 cás den víreas atá aimsithe in Éirinn go n-uige seo agus thar tír isteach a tháinig an víreas i ngach cás acusan seachas cás Chorcaí.

Tuairiscítear, áfach, go bhfuil lucht leighis den tuairim go mbeidh na céadta cás eile ann as seo go ceann cúpla seachtain.

Sa chás go rachadh an scéal in olcas dhúnfaí scoileanna agus gnóthaí go leor agus chuirfí ócáidí spóirt agus ócáidí poiblí eile ar ceal.

Táthar ag súil i gcónaí nach mbeidh gá lena leithéid cé go bhfuil sé ina imní mhór go mbeidh an galar á scaipeadh i measc an phobail laistigh den tír féin.

Tá 13 cás de Covid-19 ar an taifead ó dheas agus cúram á chur ar na daoine sin san ospidéal. Tá sé chás acusan san oirthear, sé cinn san iarthar agus ceann amháin sa deisceart. Tá trí chás ó thuaidh den teorainn.

Chuir Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath in iúl do mhic léinn agus baill foirne aréir go raibh baint ag cás den ghalar leis an gcampas sin. Tá cuid den champas dúnta mar bheartas réamhchúraim.

Moltar don phobal cloí le comhairle lucht sláinte maidir le glaineacht agus sláinteachas.

 

Fág freagra ar '100,000 cás den choróinvíreas dearbhaithe ar fud an domhain'