1,000 post breise ag ÚnaG ach maoiniú a fháil

'Suas le 1,000 post breise thar thréimhse 5 bliana' dá mbeadh breis airgid ann

Steve Ó Cúláin SÓM

Tá sé tughta le fios ag Príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Stiofán Ó Cúláin go bhféadfaí suas le 1,000 post breise thar thréimhse 5 bliana a chruthú agus úsáid na Gaeilge mar ghnáthurlabhra pobail a mhéadú 25% thar 20 bliain ach na buiséid chuí a bheith ar fáil.

Dúirt sé an méid sin agus é ag tabhairt fianaise don Choiste um Chuntais Phoiblí i dTeach Laighean níos luaithe inniu.

Dúirt sé freisin go gcaithfeadh an bonneagar ceart a bheith ar fáil sa Ghaeltacht, go háirithe córas leathanbhanda ardluais ar chostas réasúnta agus aonaid fiontraíochta d’ardchaighdeán. Thagair sé do riachtanais foirne san Údarás agus dúirt gur gá “struchtúr oiriúnach foirne a bheith in áit ó 2015 ar aghaidh.”

Bhí an Príomhfheidhmeannach os comhair an choiste chun plé a dhéanamh ar chuntais iniúchta an Údaráis don bhliain 2013.

Pléadh cás Arramara Teo, an cuideachta stáit feamainne a díoladh le cuideachta i gCeanada níos luaithe i mbliana, ag an gcruinniú freisin.

Dúirt Séamus Mac Eochaidh, feidhmeannach sinsearach de chuid Údarás na Gaeltachta, leis an gcomhchoiste gur “basket-case” a bhí in Arramara nuair a bheartaigh an tÚdarás é a chur ar an margadh i dtús 2010. Aon euro amháin a bhí á thairiscint ar an gcomhlacht ag an am, a dúirt sé. Cuireadh cás Arramara faoi bhráid Bhord an Údaráis ar dhá ócáid déag fad is a bhí sé á dhíol.