1,000 cuairteoir sa mhí chuig Teach an Phiarsaigh ó osclaíodh Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh

Tá súil ag an OPW go mbeidh ‘ar a laghad an líon céanna cuairteoirí ann’ i mbliana is a bhí ann anuraidh, bliain chomórtha Éirí Amach 1916

1,000 cuairteoir sa mhí chuig Teach an Phiarsaigh ó osclaíodh Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh

Thug tuairim is 1,000 duine sa mhí cuairt ar Theach an Phiarsaigh i Ros Muc ó osclaíodh Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh ar an láthair ag deireadh na bliana seo caite, de réir figiúirí atá faighte ag Tuairisc.ie.

Thug Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) le fios do Tuairisc.ie gur thug 5,260 duine cuairt ar an ionad nua sna cúig mhí ó thús na Samhna 2016 go deireadh an Aibreáin 2017. Dúirt urlabhraí de chuid an OPW go bhfuil an Oifig “an-sásta” le líon na gcuairteoirí go dtí seo.

“Tá súil againn go mbeidh ar a laghad an líon céanna cuairteoirí ann i mbliana is a bhí ann anuraidh, i mbliain chomórtha 2016, agus go mbeidh muid in ann na huimhreacha sin a fhás bliain i ndiaidh bliana amach anseo,” a dúradh.

D’oscail an Taoiseach Enda Kenny Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh ar an 10 Samhain, breithlá an Phiarsaigh, anuraidh. Bhí an t-ionad nua ar cheann de mhórthionscadail chapititil an Rialtais do Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016. Chaith Pádraig Mac Piarais samhraí na mblianta 1909 go 1915 sa teach os cionn Loch Oiriúlach i Ros Muc.

Tá an togra comórtha i gConamara roinnte ina thrí chuid: Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Slí na Coille (an bealach suas chuig an teach), agus Teach an Phiarsaigh féin.

Tá caifé le bheith san Ionad Cultúrtha nua freisin agus tá súil ag an OPW go n-osclófar an samhradh seo é. Táthar ag súil go gcríochnófar an obair fheistithe ar an gcistin go luath agus go bhfógrófar tairiscintí do chomhlachtaí lónadóireachta ina dhiaidh sin.

Tá an t-ionad á úsáid ag dreamanna éagsúla mar láthair cheoil, taispeántais, seoltaí, agus léachtaí. Le cúpla seachtain anuas, bhí An tEarrach Thiar á léiriú ag Liam Ó Maonlaí ann, bhí taispeántas ag an ngrúpa ealaíne as Ros Muc ‘Scuab Fraoch’ san ionad, seoladh Aonach Tailteann ann, agus bhí oíche filíochta Ó Íochtar Mara in ómós Chaitlín Maude ann.

An chéad ócáid eile a bheidh ar siúl ná taispeántas de saothar an ealaíontóra, Nuala Ní Fhlathúin, le cabhair ó Oireachtas na Gaeilge, in mbaineann sí úsáid as seanphictiúir de Scoil Éanna le píosaí nua ealaíne a chruthú. Beidh an taispeántas sin á sheoladh ar an 20ú Bealtaine.

Fág freagra ar '1,000 cuairteoir sa mhí chuig Teach an Phiarsaigh ó osclaíodh Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh'