1,000 cás nua den chóróinvíreas fógartha, Leibhéal 5 á mheas

Tá molta ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go gcuirfí srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm sa stát go léir ar feadh sé seachtaine

1,000 cás nua den chóróinvíreas fógartha, Leibhéal 5 á mheas

Tá 1,000 cás eile den choróinvíreas deimhnithe ag an Roinn Sláinte.

Triúr eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 1,299 cás nua den Covid-19 deimhnithe le lá anuas. Beirt eile atá básaithe de dheasca an ghalair.

Bhain 102 de chásanna an lae inniu le contae na Mí, 88 cás a bhí i gCorcaigh agus 75 cás a bhí i nGaillimh. 32 cás a bhí i nDún na nGall, 32 cás eile a bhí i bPort Láirge, 26 cás a bhí i Maigh Eo, agus naoi gcás a bhí i gCiarraí.

Contae na Mí anois an contae Gaeltachta is airde a bhfuil an ráta coicíse den ghalar – 402.

365 cás in aghaidh gach 100,000 an ráta i nDún na nGall, 237 an ráta i gCorcaigh agus 229 an ráta sa Ghaillimh.

175 an ráta i gCiarraí, 123 atá i Maigh Eo agus 109 atá i bPort Láirge.

217.9 ráta náisiúnta coicíse an ghalair, ardú ó 135 seachtain ó shin.

254 den 1,000 cás nua inniu a bhí i mBaile Átha Cliath, 81 cás a bhí i gcontae an Chabháin agus bhain an 301 cás eile le 16 contae éagsúil.

Tá 246 duine a bhfuil an Covid-19 orthu sna hospidéil agus tá 30 duine díobh in aonad dianchúraim.

213 othar a bhfuil an Covid-19 tolgtha acu a bhí sna hospidéil ó thuaidh den teorainn tráthnóna inniu agus bhí 26 díobh in aonad dianchúraim.

Tá molta ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go gcuirfí srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm sa stát go léir ar feadh sé seachtaine.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoigeach Leighis na Roinne Sláinte, go raibh líon na gcásanna “ag ardú” i gcónaí.

“Is den riachtanas é anois díreach nach mbuailfidh aon duine go sóisialta ach leis an líon is lú daoine is féidir. Gach uair a bhíonn tú i dteagmháil go fisiciúil le duine eile, tá tú ag tabhairt deis don víreas scaipeadh,” a dúirt sé.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go ndéanfaí comhairle NPHET “a phlé go mionchúiseach”. Ag labhairt dó sa Bhruiséil níos luaithe inniu, dúirt Micheál Martin go raibh cúrsaí “an-tromchúiseach” agus go mbeadh gá le gníomh eile a dhéanamh.

Chinn NPHET a moladh a dhéanamh i ndiaidh an chruinnithe a bhí inné acu agus seoladh an chomhairle i litir chuig an Aire Sláinte, Stephen Donnelly.

Tá srianta níos déine á gcur i bhfeidhm ó thuaidh den teorainn tráthnóna agus an coróinvíreas ag scaipeadh go rábach ansin i gcónaí.

Ní bheidh cead ag daoine a bheith taobh istigh ag ithe ná ag ól i dteach ósta, i mbialann ná i gcaifé tar éis a 6.00pm. Caithfidh gach bialann tabhair leat dúnadh ag a 11.00 agus ní bheidh cead alcól a dhíol in ollmhargadh ná i siopa eischeadúnais óna 20.00.

Ní bheidh cead oscailte ag gruaigeadóirí ná sciamhlanna agus beidh srianta breise ar ionaid aclaíochta.

Ní raibh glacadh rómhaith ag Edwin Poots, an tAire Talmhaíochta in Stormont leis na srianta nua seo. B’fhearr le Poots srianta logánta sna ceantair is measa atá buailte ag an víreas mar dar leis, go gcaithfí a bheith “níos glice” ag déileáil leis an Covid-19.

Dúirt Poots gur inis na comhairleoirí leighis agus eolaíochta dó féin go príobháideach céard is cúis leis an mbrúisc cásanna ach nár chuir siad an t-eolas sin ar fáil go poiblí. Mhaígh Poots go raibh daoine “ar nós cuma liom” faoi na treoracha i rith an tsamhraidh agus luaigh sé ceiliúradh iarchluichí go speisialta.

Nuair a fiafraíodh de an cluichí CLG a bhí i gceist aige, dúirt sé nach raibh “aon eagraíocht faoi leith” i gceist aige ach nár chuidigh “droch-iompar daoine” i rith an tsamhraidh leis an scéal.

“An té a bhfeileann an caipín dó, caitheadh sé é,” a dúirt an tAire Talmhaíochta.

72,424 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 25,177 cás ó thuaidh den teorainn agus 47,427 cás ó dheas di.

2,449 duine a raibh an galar tolgtha acu atá básaithe ó thús na paindéime, 608 duine ó thuaidh agus 1,841 ó dheas.

Fág freagra ar '1,000 cás nua den chóróinvíreas fógartha, Leibhéal 5 á mheas'