1,000+ cainteoir laethúil Gaeilge in ocht gcinn de cheantair Ghaeltachta

Cérbh iad na ceantair Ghaeltachta is mó fás agus is mó meath ó thaobh na teanga de?

Carraroe

Tá os cionn 1,000 cainteoir laethúla Gaeilge ag maireachtáil i seacht gcinn de na ceantair i gCatagóir A agus i gceantar amháin i gcatagóir B de réir an nuashonruithe a rinneadh ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007.

Is i Machaire Chlochair i nGaeltacht Thír Chonaill atá an líon is airde cainteoirí laethúla Gaeilge – tá os cionn 2,000 cainteoir sa cheantar sin. Tá breis agus 2,000 cainteoir i gceantar na Ceathrún Rua ina bhfuil mórchuid de thoghroinn an Chrompáin i nGaeltacht Chonamara.

Is i gceantair Ghaeltachta na Gaillimhe agus Thír Chonaill atá na sé cheantar eile a bhfuil os cionn 1,000 cainteoir laethúla ina gcónaí iontu. Is é Anagaire i nDún na nGall an t-aon cheantar i gCatagóir B a bhfuil an méid sin cainteoirí ann. Deirtear sa tuarascáil a foilsíodh inniu go mbeadh Gaeltacht Rann na Feirste, a áirítear le toghroinn Anagaire, i gCatagóir A toisc go bhfuil an teanga i bhfad níos sláintiúla sna bailte fearainn sa cheantar sin ná mar atá sa chuid eile den toghroinn.


1. Na ceantair ina bhfuil níos mó ná míle cainteoir laethúil Gaeilge

Screen Shot 2015-05-29 at 19.37.09
FOINSE: Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011

Tháinig fás ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcúig cheantar i gCatagóir A idir na bliana 2007 agus 2011. Bhí trí cinn den chúig cheantar sin i nGaeltacht Chiarraí agus péire i nGaeltacht na Gaillimhe, toghroinn Chill Chuimín ina measc – an t-aon cheantar Gaeltachta ‘láidir’ atá fágtha sa tír de réir an taighde nua.


2. Na ceantair ‘Catagóir A’ inar fhás céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge

Screen Shot 2015-05-29 at 19.36.48
FOINSE: Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011

Ba mhó an fás fós ar cheantair áirithe i gcatagóir B. Léim An Clochán i gCiarraí ó 33% go 46% in imeacht ceithre bliana de réir na tuarascála agus cé go n-áirítear i gCatagóir C i gcónaí é, dá leanfaí leis an bhfás ag an ráta sin, bheifí ag súil gur i gCatagóir A a bheadh an toghroinn faoin mbliain 2019. Tabharfar suntas ar leith don fhás atá tagtha ar chéatadán na gcainteoirí i mBéal Átha an Ghaothraidh i nGaeltacht Chorcaí freisin, tháinig an ceantar seo aníos ó Chatagóir C go Catagóir B nuair a léim an céatadán de chainteoirí laethúla ó 45% go 59%.


3. Na ceantair ‘Catagóir B’ inar fhás céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge

Screen Shot 2015-05-29 at 19.38.34
FOINSE: Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011

Is mó meath ná fás a bhain do na ceantair a áiríodh i gCatagóir A sa bhliain 2007. Thit trí cinn ar fad ó Chatagóir A go Catagóir B sa tuarascáil nua: An Spidéal, Ceathrú Thaidhg agus Cill Chuimín (Gleann Trasna). Thit céatadán na gcainteoirí laethúla i 15 toghroinn eile i gCatagóir A, cé gur fhan na ceantair sin sa chatagóir chéanna. Ba é An Turlach i nGaillimh an t-aon áit nár tháinig méadú nó laghdú ann ó thaobh na gcainteoirí laethúla de.


4. Na ceantair ‘Catagóir A’ is mó meath de réir céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge

Screen Shot 2015-05-29 at 19.39.01
FOINSE: Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011

In ainneoin an fháis a tháinig ar an 13 toghroinn i gCatagóir B, tháinig laghdú ar chéatadán na gcainteoirí in ocht gceantar sa chatagóir sin – a bhformhór i nGaeltacht Thír Chonaill. Ba é Cró Bheithe i nDún na nGall is mó a shleamhnaigh – chuaigh sé ó 61% go 48% in imeacht ceithre bliana.


5. Na ceantair ‘Catagóir B’ is mó meath de réir chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge

Screen Shot 2015-05-29 at 19.39.24
FOINSE: Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011

Idir an dá linn, dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur gá don Stát na hacmhainní a chur ar fáil chun polasaí cumhachtach misniúil a chur i bhfeidhm le tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí Gaeltachta a chumasaíonn an pobal chun a theanga dhúchais a úsáid agus an pobal a fhorbairt.

“Léiríonn tuarascáil Chonchúir Uí Ghiollagáin maidir le todhchaí na Gaeltachta gur gá don Stát ní hamháin cur in iúl do phobal na Gaeltachta go seasann siad go hiomlán le Gaeltacht bhríomhar, láidir, inmharthanach, ach go ndéanfaidh siad tosaíocht láithreach leis seo a bhaint amach,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go mba chóir ‘maoiniú ceart’ a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta agus don chóras pleanála teanga nua atá tugtha isteach sa Ghaeltacht, chomh maith le ‘polasaí ceart oideachas Gaeltachta’ a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Gheall sé go mbeadh Conradh na Gaeilge lánsásta obair leis an rialtas agus na grúpaí pobail agus iad ag tabhairt faoin dúshlán atá roimh an nGaeltacht.

Fág freagra ar '1,000+ cainteoir laethúil Gaeilge in ocht gcinn de cheantair Ghaeltachta'

  • DecR

    Jesus Christ.

    I bhfad níos measa nar cheap mé.
    Is léir nach bhfuil ach 10 mbliana fagtha ag an teanga.

    Ba choir sult a bhaint astu. Is iad na bliana deireanacha :(

  • Eoghan ONeill

    Is dócha go bhfuil dearcadh Daniel O Connell i leith na teangan i réim i measc móraibh Mhuintir na Tíre anois agus is Anglos a bheas ionann uilig má leanann cúrsaí mar a bhfuil siad a dhul. Agus nach iontach a bheadh sé dá bhféadfaimís a dhul go hiomlán leis an chultúr is láidre ar fud na cruinne (ó thaobh ceoil, gnó agus fórsaí míleata) agus dearmad a dhéanamh ar fhoinsí cultúrtha ár sinsir. Ach faraor, i ndiaidh an iomláin is Gaeil muid agus ní Anglos. An bhfuil sé tráthúil dúinn fáinní a chaitheamh ar feadh tamaill ionas go gcuirfeadh aibhleóga beo na teangan aithne ar a chéile agus go
    spreagfadh Gaoth an Dóchais glórtha na nGael ar fud na tíre in athuair?

  • Concubhar

    Ní chreidim go bhfuil an teanga ag fáil bháis ach ag éabhló. Is le gach cuid den tír an Ghaeilge agus is Gaeltacht í ar fad, thuaidh is theas. Seans afach go gcaithfear sainmhíniú nua a dhéanamh ar an nGaeltacht chun an tuiscint traidisiúnta a leathnú le na cúinsí reatha a chur san áireamh. Siad na cúinsí sin go bhfuil líon cainteoirí na Gaeilge ag dul i lionmhaire, i nGaeltachtaí a áiríodh mar Ghaeltachtaí laga roimhe seo agus sna cathracha. Ní bás ach athfhás. Ní chiallaíonn sin nach bhfuil dúshláin romhainn ach má thugaimíd creidiúint ró mhór do na hamadáin sna meáin Bhéarla agus do namhaid eile na Gaeilge, beimíd ag cur ár lámh lena lámha agus iad ag iarraidh bás na Gaeilge a chinntiú.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “is Gaeltacht í ar fad, thuaidh is theas” agus an Bhreatain agus Meiriceá agus Eoraip agus ……