100 grúpa ‘Is Leor Beirt’ ar fud na hÉireann

Seoladh pacáiste nua tacaíochta don ghréasán chiorcail chomhrá ‘Is Leor Beirt’ i mBéal Feirste agus Baile Átha Cliath inné. Rinneadh ceiliúradh ar shárú na clochmhíle de 100 grúpa comhrá ag na hócáidí freisin

Clíona Ní Chiosáin ag seoladh 'Is Leor Beirt'
Clíona Ní Chiosáin ag seoladh ‘Is Leor Beirt’

Tá níos mó ná 100 grúpa curtha ar bun ag an ngréasán comhrá ‘Is Leor Beirt’ atá faoi chúram Chonradh na Gaeilge. Seoladh pacáiste nua tacaíochta do bhallghrúpaí an ghréasáin ó Bhaile Átha Cliath agus ó Bhéal Feirste maidin inné.

Ba í Clíona Ní Chiosáin, aisteoir agus ambasadóir Sheachtain na Gaeilge i mbliana, a bhí ina haoi ag ócáid Bhaile Átha Cliath agus na dornálaithe Oilimpeacha Michael Conlan agus Paddy Barnes ina n-aíonna ag ócáid Bhéal Feirste.

Dúirt an bheirt dornálaithe ar Twitter go raibh siad sásta a bheith i láthair ag an ócáid agus go raibh siad beirt ag dul an Ghaeilge a fhoghlaim.

Is í aidhm na ngrúpaí comhrá Is Leor Beirt ná deis úsáide, cleachtaidh agus sóisialaithe do dhaoine ar mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú.

San áireamh sna pacáistí tacaíochta a d’fhorbair Conradh Gaeilge tá lámhleabhar ina bhfuil réimse leathan ábhar chun daoine a spreadh chun cainte, mataí beorach le nathanna Gaeilge úsáideacha; agus leabhair nathanna cainte.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán an Chonartha, gur “áis phraicticiúil é an pacáiste tacaíochta” a spreagfadh na grúpaí comhrá chun cainte ar ábhair shuimiúla.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, bainisteoir ardú feasachta an Chonartha, gur chuir sé áthas uirthi gur sáraíodh an céad ach gur mhaith léi níos mó grúpaí fós a chlárú leis an ngréasán.

“Tá sé an-éasca grúpa nua Is Leor Beirt a bhunú – níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile ar bhonn rialta i gcaifé áitiúil, sa cheaintín san ionad oibre, sa pháirc ag am lóin nó ar shiúlóid sa tráthnóna mar shampla,” a mhínigh sí.

Cuirfear pacáistí tacaíochta do ghrúpaí a chuirfidh isteach orthu trí am, áit agus sonraí teagmhála an chiorcail Is Leor Beirt a sheoladh chuig isleorbeirt@cnag.ie.

Fág freagra ar '100 grúpa ‘Is Leor Beirt’ ar fud na hÉireann'