100 duine á lorg do dhráma nua faoi ‘Cath na Ceathrún Rua’

Déanfar oifigí an chomhlachta drámaíochta Fíbín a oscailt go hoifigiúil an mhí seo chugainn le mórléiriú nua faoi eachtra stairiúil a tharla ar an bhaile Gaeltachta i gConamara

100 duine á lorg do dhráma nua faoi ‘Cath na Ceathrún Rua’

Tá 100 duine á lorg chun páirt a ghlacadh i ndráma nua faoi eachtra stairiúil a tharla ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Tá cuireadh tugtha ag an gcomhlacht Fíbín d’aon duine ar suim leo a bheith páirteach sa mhórléiriú éisteacht a dhéanamh ina gcuid oifigí ar an Tulaigh an deireadh seachtaine seo.

Cuirfear fáilte, a deirtear, roimh aisteoirí as an áit, ceoltóirí agus “aon duine eile” ar suim leo a bheith mar chuid den athinsint ar an eachtra a tharla i mí Eanáir 1880 a dtugtar ‘Cath na Ceathrún Rua’ uirthi.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Darach Ó Tuairisg, stiúrthóir Fíbín, gur cúis áthais dó go bhfuil deis faighte ag Fíbín léiriú a dhéanamh ar “scéal fíorthábhachach i gChogadh na Talún ag deireadh an 19ú céad”.

“Deirtear gurb é ‘Cath na Ceathrún Rua’ a spreag Cogadh na Talún agus gur i ndiaidh na heachtra sin a thosaigh daoine ag dó amach na dtiarnaí talún. Tháinig Michael Davitt ar an láthair nuair a chuala sé faoi, bhí Charles Parnell ag caint mar gheall air agus é ag cuartú tacaíochta sna Stáit Aontaithe agus pléadh an eachtra i bparlaimint Shasana.

“Deirtear gur tháinig an RIC isteach chun cúpla tionónta a díshealbhú agus gur éirigh le muintir na háite stop a chur leo. Deirtear freisin gur éirigh le muintir na háite 200 saighdiúir de chuid an RIC a chur faoi léigear sa mbeairic agus is mar gheall air sin nár tharla aon díshealbhú,” a dúirt Ó Tuairisg. 

Déanfar oifigí an chomhlachta drámaíochta Fíbín a oscailt go hoifigiúil an mhí seo chugainn leis an mórléiriú nua seo ‘Cath na Ceathrún Rua’, ar chúl a n-oifigí ar an Tulaigh.

Philip Doherty, stiúrthóir ealaíne nua Fíbín a ceapadh sa ról sin ag tús na míosa, a scríobh an seó nua agus is é a bheidh ar an stiúir chomh maith.

As contae an Chabháin do Philip Doherty, stiúrthóir ealaíne nua Fíbín agus tá blianta fada caite aige ag plé le cúrsaí drámaíochta mar scríbhneoir agus mar stiúrthóir agus is é a bhunaigh an comhlacht Gonzo Theatre i mbaile an Chabháin.

“Bím buíoch i gcónaí as an bpost atá agam, ag cruthú drámaí. Anois agus mé ag tabhairt faoi shaothair nua a chumadh do chomhlacht mar Fíbín i mo ról nua, is onóir mhór dhom é. Bhí meas agam i gcónaí ar stíl fhísiúil mhisniúil amharclannaíochta Fíbín, an ceiliúradh a dhéanann siad ar an nGaeilge agus fís an chomhlachta i gcroílár Chonamara aoibhinn álainn. Tá mé ag súil go mór le scéalta nua a insint chun ceangal a dhéanamh le lucht féachana nua agus seónna nua a chruthú,” arsa Philip Doherty.

– Beidh na héisteachtaí ar siúl i gCeannáras nua Fibín ar an Tulaigh, díreach le hais ceannáras TG4, amárach an Satharn 13 Iúil ag 12i.n. Beidh na haisteoirí ar fad ag teastáil don chleachtadh agus don léiriú ón 12 – 25 Lúnasa 2019

Fág freagra ar '100 duine á lorg do dhráma nua faoi ‘Cath na Ceathrún Rua’'

  • Danielle nic aoidh

    Ba haoibheann liom an Deis Seo a bheith agam, tá suim agam sa gaeilge agus bím I gconaí sáite sna chláir ar an teilifís, fosta tá taithí agam ag aisteoireacht