100 bliain tar éis an Éirí amach an ionann Éireannach agus Béarlóir as na 26 contae?

Más féidir an náisiún (nó na náisiúin ar fad i náisiún na hÉireann) a thabhairt le chéile, b'fhéidir gur chuma ann nó as an dá stát, a deir ár gcolúnaí

An Taoiseach standing at the doorway of Padraig Pearse's cottage in Ros Muc, Connemara, Monday. Pic: Seán Ó Mainnín.
Pic: Seán Ó Mainnín.

Tá 2016 tosnaithe. Polaiteoirí tosnaithe ar an mbréagchráifeacht agus ar an mbréagphoblachtachas. Teachtaí Dála agus iad ar a gcroí díchill d’iarraidh bheith i lár an aonaigh ag gach aon chomóradh, amhail scata comhairleoirí contae á mbrú féin os comhair na gceamaraí nuachta nuair a bhíonn ceannaire an pháirtí ar cuairt chucu.

Tá na páirtithe polaitiúla ag rith agus ag rás ag d’iarraidh ‘An Comóradh is Fearr RIAMH’ a eagrú. Feisteas míleata ar lucht Shinn Féin chun iad féin a dressáil suas le dul ag máirseáil timpeall in éide na tréimhse. Is cosúil go bhfuilid tar éis béasaí ár mbráithre Oráisteacha a tharrac chucu féin go fonnmhar.

Bíodh acu. In ionad a bheith ag sodar i ndiaidh na bpolaiteoirí, a bprócadóirí agus a ngiollaí, is dóigh liom gur tábhachtaí dúinn, mar Éireannaigh, dul os comhair an scátháin agus ceist a chur orainn féin cad is brí le 1916 dúinne? An mbaineann sé linn in aon chor ar na saolta seo? An amhlaidh nach féidir linn brath ar an Stát agus ar ár gceannairí ceiliúradh nó comóradh cuí a dhéanamh ar 1916, nó an amhlaidh go bhfuilid ag tabhairt léargas cruinn dúinn ar cad is brí le bheith id’ Éireannach in 2016 nó go deimhin in 2116?

De réir na bolscaireachta – ‘an líne oifigiúil’ –’tabharfaidh Éire 2016 léargas don domhan ar ár dturas ar leith i dtreo neamhspleáchais’. Ach cé tá ar ‘ár dturas’, agus cén saghas neamhspleáchais atá bainte amach againn’? Ní maith lenár Rialtas é seo a admháil, ach tá áitín bheag ar a dtugtar na Sé Chontae, i measc rudaí eile, agus cé go ndeir ‘an líne oifigiúil’ aríst linn go ‘(m)bainfidh an bhliain 2016 le gach duine ar an oileán seo agus lenár gcairde agus lenár muintir thar lear,’ is cosúil go bhfuil glactha ina iomláine ag polaiteoirí an deiscirt le sainmhíniú na Breataine ar Éirinn – an 26 contae – agus go bhfuil normalú déanta ar an dtuiscint sin.

Agus é ag trácht ar cheist na ‘Breatimeachta’ (Brexit) an tseachtain seo caite dúirt ár dTaoiseach Ionúin linn go gcrochfaí claí na teorann aríst ar an bpointe boise dá mba rud é go bhfágadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach. Agus é ar chlár teilifíse le déanaí le plé a dhéanamh ar 1916, dúirt an t-iar-aire rialtais de chuid Fhine Gael Ivan Yates gur ‘náisiún beag de 4.5 milliún duine sinn’. Anois, b’fhéidir nár cheart do leathamadáin ar mo chumasa a bheith d’iarraidh ceacht a mhúineadh do phiardaí móra na tíre seo, ach is cosúil go gcaithfear an difríocht idir ‘náisiún’ agus ‘stát’ a mhíniú dóibh.

Sa chiall is leithne is ionann ‘náisiún’ agus grúpa nó grúpaí daoine go bhfuil tréithe comónta acu maidir le cultúr, teanga, traidisiúin, stair agus eitneachas, nó meascán mearaí de na tréithe agus gnéithe sin. Is ionann ‘stát’ agus pobal ‘polaitiúil’ eagraithe fé aon rialtas amháin. Is é mian mo chroí istigh do 2016 ná go bhfillimis, mar Éireannaigh, ar bhrí cheart an náisiúin nuair atáimid ag caint ar Éirinn. Éireannaigh agus náisiún na hÉireann.

Ní cás a chur i gcuimhne do Yates go bhfuil sé mhilliún duine in Éirinn. Tá leathmhilliún duine a thugann Éireannaigh orthu féin sna sé chontae, mar aon le leathmhilliún eile a thugann Éireannaigh Tuaisceartacha orthu féin. Nach mbaineann siad siúd linne? Nach aon chlann amháin sinn? Is cosúil nach ea. Féach gurb é an tAire Gnóthaí Eachtracha a bhíonn ag plé le ceist an tuaiscirt, agus nach bhfuil formhór na bpáirtithe polaitíochta sa deisceart sásta ionadaíocht a dhéanamh ar phobal na sé chontae agus dul ag obair lastuaidh den teorainn. Mar is léir os na físeáin bholscaireachta atá á gcur le chéile acu don gcomóradh, is ionann a bheith i do Éireannach agus a bheith i do Bhéarlóir os na 26 contae.

B’fhéidir go bhfuil cuid den locht orainn féin. B’fhéidir go bhfuilimid mar náisiún tar éis glacadh leis an gcríochdheighilt mar dhlúthchuid dár sainmhíniú ar cad is Éire ann. An léargas dúinn ar mheon na nÉireannach an bhean óg a thug béal agus bearradh do Mhartin McGuinness i rith feachtas toghchánaíochta na hUachtaránachta as a bheith, dar léi, ‘ag teacht anuas anseo lena bhagáiste’?  An mó duine agaibh a deir ‘Corcaigh’, nuair a chuirtear an cheist ‘cad í an dara cathair is mó in Éirinn?’  Nach minic a deirimid gur Tuaisceartach duine, ach gur Ciarraíoch, Corcaíoch nó Conallach duine eile? Nach mbímid de shíor ag caint ar an 80,000 cainteoir laethúil Gaelainne atá sa tír, staitistic a dhéanann neamhaird iomlán ar Ghaeil na sé chontae?

Bímid de shíor ag caint ar eagraíochtaí ‘náisiúnta’, cé nach mbíonn siad ag freastal ach ar chuid den náisiún. An féidir ‘An Craoltóir Náisiúnta’ a thabhairt ar RTÉ nuair nach mbíonn cuid shuntasach dá shaothar ar fáil don bpobal ó thuaidh, agus nuair nach mbíonn de thuairisciú acu ar an áit sin ach conspóidí polaitiúla agus tionóiscí bóthair? Cad fáth nach mbíonn feidhm ag eagraíochtaí ar nós Cumann na bhFeirmeoirí (The IRISH Farmer’s Association) agus Bantracht na Tuaithe (The IRISH Countrywomen’s Association) níos faide ó thuaidh ná an teorainn? Agus cé go bhfuil sé de chead ag éinne a saolaítear in Éirinn imirt don bhfoireann sacair, cad ina thaobh go dtugtar ‘Poblacht na hÉireann’ ar an bhfoireann ó dheas?

Níl trácht déanta fós agam ar an 800,000 duine a bhfuil cónaí orthu atá in oirthuaisceart na hÉireann a thugann Briotanaigh orthu féin. Caithimid a thuiscint gur cuid dár náisiún iad siúd chomh maith – mar atá na Gaeil, na Gaill, na Lochlannaigh, na Normannaigh, na Polannaigh, na Pacastánaigh, na Nigéaraigh srl. Caithfimid fealsúnacht an Brits Out a chaitheamh uainn –is ann don phobal seo in Éirinn, a bhfuil féiniúlacht iomlán Briotanach acu agus ní athróidh sé sin. Níl ann ach go bhfuil dearmad déanta acu ar an gcuid Éireannach dá bhféiniúlacht – nach raibh Ian Paisley é féin sásta Éireannach a thabhairt air féin, mar a bhí David Ervine? Más rud é gur féidir le duine a bheith ina Ghael-Mheiriceánach nó ina Londain-Éireannach, cad ina thaobh nach féidir le duine a bheith ina Éireannach-Briotanach?

Más féidir an náisiún (nó na náisiúin ar fad i náisiún na hÉireann) a thabhairt le chéile, b’fhéidir gur chuma ann nó as an dá stát.

Seans go bhfuil ré an phoblachtachais agus an náisiúnachais thraidisiúnta thart. B’fhéidir gur cheart dúinn a bheith ag féachaint i dtreo theoiric cheannaire na gCoirdíneach Abdullah Öcalan – an Cóifeidearálachas Daonlathach. Tá náisiún na gCoirdíneach lonnaithe i gceithre  stát – sa Tuirc, san Iaráic, sa tSiria agus san Iaráin, agus molann Öcalan gur cheart an Chordastáin a rith ar bhonn daonlathach bunaithe ar mheascán de dhlíthe na stát úd, dlíthe an Aontais Eorpaigh agus dlíthe na gCoirdíneach féin. De réir na teoirice seo, níl sa stát ach córas riaracháin, ach fíorchóras rialtais is ea an daonlathas.

Seo í an cheist; cad é, nó cad í, Éire i 2016 –stát nó náisiún?

Fág freagra ar '100 bliain tar éis an Éirí amach an ionann Éireannach agus Béarlóir as na 26 contae?'

  • Seán

    Ardfhear a Dháithí a bhuachaill. Chuir san le craobhacha me nuair a shleamhnaigh an t-ainfhios galldúda san thar ghob Yates..

  • Breathnóir

    Dar le daoine áirithe, is ionann, ach tá dul amú orthu.