100 bliain ó tharraing múinteoir Gaeilge raic ag slógadh Óglaigh na hÉireann i gCathair Saidhbhín

Dúirt Michael Walsh as Cathair Saidhbhín ag cruinniú poiblí gur mhairtírigh a bhí sna fir a bhásaigh Seachtain na Cásca agus go ‘dtitfeadh na daoine a thug a mbás orthu fós’

100 bliain ó tharraing múinteoir Gaeilge raic ag slógadh Óglaigh na hÉireann i gCathair Saidhbhín

Cothrom an lae seo céad bliain ó shin cuireadh múinteoir Gaeilge as Ciarraí ar a thriail i gCathair Saidhbhín as “caint cheannairceach” i mí Lúnasa na bliana 1916.

Ar 15 Lúnasa, bhí slógadh ag Óglaigh na hÉireann ag Sráid an Mhargaidh Nua i gCathair Saidhbhín, áit a raibh Michael Walsh, múinteoir Gaeilge as an gceantar, ag tabhairt óráide uaidh.

Labhair Walsh faoi “na fir a bhásaigh ar son na hÉireann” agus dúirt lena raibh cruinnithe go “dtroidfidh [siad] agus básóidh [siad] ar son na hÉireann”.

“Is mairtírigh iad na fir a bhásaigh ar son na hÉireann agus cuimhneofar orthu i stair na hÉireann. Ní Briotanaigh sinn, ná Francaigh,” a dúirt sé.

Dúirt sé ansin go dtitfeadh na daoine a mharaigh na “mairtírigh” fós agus bhéic daoine ón slua “na reibiliúnaithe abú!”, “an Kaiser abú!” “bíodh an diabhal ag Sasana agus a rí Seoirse!”

Le linn na trialach, dúirt an Constábla Ross go bhfaca sé fear i lár an tslua ag béiceadh an amhráin ‘Easter Week’ agus go raibh daoine eile i láthair ag béiceadh “na reibiliúnaithe abú!” agus “an Kaiser abú!”

Dúirt sé gur chuala sé Walsh ag rá: “Is Éireannaigh sinn agus troidfimid ar son na hÉireann, agus ba uasal an troid í sin. Is mairtírigh iad na fir a caitheadh i mBaile Átha Cliath agus cuimhneofar orthu. Ní Francaigh sinn ná Iodálaigh. Titfidh na daoine a thug a mbás orthu fós!”

Agus an Constábla Malone á chroscheistiú le linn na trialach, dúirt sé gurbh iad mná an bhaile a d’eagraigh an slógadh i gcomhar le hÓglaigh na hÉireann agus go raibh 140 duine i láthair.

Ciontaíodh Walsh agus fear eile a bhí ag labhairt ag an slógadh, Diarmuid Ó Ríordáin. Gearradh fíneáil £10 ar an Ríordánach nó, sa chás nach n-íocfadh sé í, dhá mhí i bPríosún Thrá Lí agus cuireadh bannaí síochána bliana air.

Measadh gurbh é Walsh an duine “ba chontúirtí” den bheirt agus gearradh fíneáil £20 air nó dhá mhí i bPríosún Thrá Lá, agus cuireadh bannaí síochána bliana airsean chomh maith.

Fág freagra ar '100 bliain ó tharraing múinteoir Gaeilge raic ag slógadh Óglaigh na hÉireann i gCathair Saidhbhín'