100 bliain ó Éirí Amach na Cásca agus tá an ‘Béarla éigeantach’ ag bagairt orainn

Tá siad linn fós, na daoine sin ar thagair an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn dóibh tráth, mar ‘those for whom the Irish language isn’t half dead enough' a deir Seán Ó Cuirreáin, an chéad duine a bhí ina Choimisinéir Teanga in Éirinn

Fogra 1916 strap

Dearg le Fearg
Cuid den slua a bhí i láthair ag ‘Lá Mór na Gaeilge’ i mBaile Átha Cliath, agóid faoi chearta teanga a reáchtáladh i ndiaidh do Sheán Ó Cuirreáin a fhógairt go raibh sé ag éirí as a phost mar Choimisinéir Teanga. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá a gcúinní féin curtha i leataobh i stair chearta teanga na tíre seo do bheirt fhear a thug dúshlán na n-údarás sna cúirteanna ar chúiseanna an-difriúil ar fad – Niall Mac Giolla Bhríde a rugadh i dTír Chonaill sa mbliain 1861 agus Mihai Avadenei a saolaíodh 125 bliana níos deireanaí sa Rómáin, in oirthear na hEorpa.

Bhí an tír seo faoi smacht na Breataine nuair a tharla an chéad chás acusan i 1905 agus bhí baint lárnach ag fear amháin a bhí sáite ann – Pádraig Mac Piarais – leis na hiarrachtaí i 1916 le ceannas na Breataine anseo a bhriseadh agus le hÉire “saor agus Gaelach” a thabhairt ar an bhfód. 

Ba sa phoblacht neamhspleách a d’eascair in imeacht ama as ghníomhartha Mhic Phiarais agus a chomhghleacaithe a tharla an dara cás cúirte, sa mbliain 2015.

Tugadh Niall Mac Giolla Bhríde as Cnoc a’ Tí, an Craoslach, os comhair na cúirte i 1905 mar go raibh a ainm agus a sheoladh ‘doléite’ ar a charr capaill. I nGaeilge a bhí siad agus sa chló Gaelach. Cúisíodh agus ciontaíodh faoi dhó é agus chuir an fhíneáil dhá scilling oiread oilc ar Chonradh na Gaeilge gur iarr siad ar dhlíodóir, Pádraig Ó Gallchóir, as Mín Tine Dé i nDún na nGall, achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.

Ba é Pádraig Mac Piarais an t-abhcóide a láithrigh thar ceann an dlíodóra sin san achomharc chuig an Court of King’s Bench. Chaill sé an cás, an t-aon uair a thóg an Piarsach riamh ceannas ar chás mar abhcóide i láthair cúirte. D’fhág breith na cúirte sin gur daingníodh an prionsabal go raibh sé mídhleathach ag duine a ainm agus a sheoladh a bheith i nGaeilge agus sa chló Gaelach ar a charr capaill.

I Sord Cholmcille, Baile Átha Cliath a bhí cónaí ar Mihai Avadenei, ón Rómáin ó dhúchas, nuair a rinne seisean achomharc chun na hArd-Chúirte in 2015 ar cheist eile a bhain le cearta teanga. Bhí sé le cur ina leith go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar alcóil ach d’éiligh sé go raibh a chearta teanga á sárú mar gur i mBéarla amháin seachas go dátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, a bhí an fhoirm ina raibh tuairisc ar an leibhéal alcóil a bhí sa sampla anála a thug sé do Gharda i stáisiún Shráid an Stórais.

Níor mhaígh sé riamh go raibh Gaeilge aige ach bhí sé ag brath ar fhoclaíocht i rialú a rinneadh ceithre bliana roimhe sin go gcaithfeadh an fhoirm a bheith i mBéarla agus i nGaeilge le cloí leis an dlí. Chinn an tArd-Chúirt go raibh an ceart ar fad aige. Chaith an Rialtas le cás Avadenei mar ábhar práinne agus mar lúb ar lár sa dlí; eisíodh rialacháin nua a threoraigh go mbeadh bunús dlíthiúil feasta leis an bhfoirm áirithe seo fad is go raibh sí i mBéarla i nGaeilge.

Is deacair géilleadh don smaoineamh go raibh aon lúb ar lár riamh sna rialacháin sin a leasaíodh go práinneach i 2015. Bhí lúb ar lár an-suntasach, áfach, sa mbealach a raibh na rialacháin á gcur i bhfeidhm ag údaráis na nGardaí más i mBéarla amháin a bhí na foirmeacha á gcur i gcló.  An leigheas simplí a bhí ar an gcás ná treoir a thabhairt do na Gardaí a gcuid córas a leasú le cinntiú go mbeadh na foirmeacha á soláthar go dátheangach ach is cosúil ar chúis éigin gurbh fhusa an dlí a athrú ná sin a dhéanamh. 

Léiríonn an dá chás cúirte – agus 110 bliain eatarthu – nach furasta spás a chruthú nó a choinneáil do theanga na nGael i riaradh an dlí agus an chirt.

Ach ní bhaineann an fhadhb sin leis na cúirteanna amháin. 

Sa mbliain 1928 rinne duine d’airí Rialtais na tíre seo rialacháin nua a threoraigh go mbeadh tréimhse trí bliana ag aon fhostaithe nua a mbeadh cúraimí Gaeltachta orthu sna húdaráis áitiúla nó sna húdaráis sláinte le hoiread Gaeilge a shealbhú le go bhféadfaidís a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na teanga sin. Bheidís le briseadh as a gcuid oibre mura mbeadh an cumas sin sa teanga bainte amach acu laistigh den tréimhse trí bliana. Leathnaíodh scóip na rialachán sin sa mbliain 1944 agus cuireadh le líon na bpostanna sa Ghaeltacht a mbeadh dualgas teanga ag baint leo. 

Ach níor cuireadh aon chuid de na rialacháin teanga seo i bhfeidhm riamh agus ina áit sin, gach uair go raibh an spriocdháta do thosú na rialachán ag teannadh leo síníodh ordú chun an dáta tosaithe a chur ar athló, ar feadh sé mhí nó bliana. Cuireadh an spriocdháta ar athló ar a laghad 54 huaire idir 1928 agus 1966, tráth ar cuireadh deireadh ar fad leis agus ar ceapadh plean nua ina áit. Fós féin, agus muid ag comóradh 100 bliain ó Éirí Amach na Cásca 1916, is beag d’fhostaithe an Stáit ar a bhfuil cúramaí Gaeltachta orthu a bhfuil sé de dhualgas orthu teanga an phobail ansin a bheith ar a dtoil acu.

Cuireadh deireadh le Gaeilge ‘éigeantach’ sa státseirbhís le cinneadh a rinne Rialtas sa mbliain 1974. Cuireadh an cinneadh i láthair an phobail go príomha mar ghníomh le meas agus dea-mhéin a chothú don teanga. Go deimhin dúirt an tAire Airgeadais ag an am, Richie Ryan, sa Dáil ar an 5 Nollaig 1974 nach “céim síos é an cinneadh ach a mhalairt.” Dúirt sé freisin go raibh “an Ghaeilge agus an Béarla ar aon dul anois agus tig le duine don chéad uair post sa Státseirbhís a bhaint amach gan Béarla…”

Níor cuireadh i bhfeidhm mar is ceart riamh an mhalairt chórais a bhí beartaithe agus a bhronnfadh pointí breise ag tráth earcaíochta agus ardaithe céime ar dhaoine le Gaeilge le cinntiú go mbeadh dóthain daoine fostaithe sa státchóras le seirbhís a sholáthar don phobal trí Ghaeilge. Mhair an córas lochtach sin go dtí 2013 tráth ar ceapadh córas níos lochtaí fós le cur ina áit.

Go deimhin, chomhairligh mé i scríbhinn ag an am don Taoiseach agus don Tánaiste go mbeadh an cur chuige nua ina theip shuntasach agus gur “Béarla éigeantach” sa státchóras a bheidh fágtha mar oidhreacht aige. Tá muid ag druidim níos giorra dó sin lá i ndiaidh lae nuair a chuirtear san áireamh anois go bhfuil ranna éagsúla Rialtais ag rá nach bhfuil aon ghá dóibh poist a aithint mar chinn go mbainfeadh riachtanas Gaeilge leo nó Airí ag rá gur “ar bhonn deonach” a chuirfidh foireann a gcuid ranna seirbhís trí Ghaeilge ar fáil. Níl de bhrí le baint as an mhéid sin ach gur tuilleadh imeallú ar an nGaeilge a tharlóidh i gcóras riaracháin phoiblí an Stáit.

I ndeireadh an lae mura bhfuil dóthain foirne le líofacht i nGaeilge sa státchóras nó mura bhfuil bealach ann lena chinntiú go mbeadh Gaeilge ag fostaithe Stáit a d’fhreastalódh ar phobal na Gaeltachta, is fánach an ní é a bheith ag caint ar chor ar bith ar chearta teanga.

Go simplí, feictear dom gur gníomh ciniciúil gan tairbhe é cearta teanga a ghealladh don phobal nó na cearta sin a dhaingniú le dlí mura bhfuil córas éifeachtach i bhfeidhm le cinntiú gur féidir géilleadh do na cearta sin; níl sin ann faoi láthair.

Tá dul chun cinn déanta ag teanga na nGael i réimsí áirithe den saol – sna meáin chumarsáide nó sa chóras oideachais, cuir i gcás. Tá sí ar leataobh agus in áit na leathphingine níos measa ná riamh sa chóras riaracháin phoiblí agus níl aon léargas ar fáil faoi láthair nach mar sin a fhágfar í.

Ar ndóigh, tá fostaithe stáit ann a thacaíonn go mór le cás na teanga ach tá siad imeallaithe agus is mionlach iad. Os a choinne sin, tá siad linn fós na daoine sin ar thagair an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn dóibh tráth, mar “those for whom the Irish language isn’t half dead enough.” Táid ann freisin a chreideann go bhfuil leigheas simplí ar chás na Gaeilge don chuid sin den phobal a roghnódh an teanga sin a úsáid: “Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í!” Is mór idir sin agus an mhian a mheasfainn a bhí go daingean i gcroí an Phiarsaigh d’Éire ‘saor agus Gaelach’ agus é ag láithriú sa chúirt thar cheann Niall Mhic Giolla Bhríde i 1905.

Logo 1916 wide

Fág freagra ar '100 bliain ó Éirí Amach na Cásca agus tá an ‘Béarla éigeantach’ ag bagairt orainn'

  • Seán Mag Leannáin

    Lomchlár na fírinne san alt seo le Seán Ó Cuirreáin. “Tá dúl chun cinn déanta ag teanga na nGael i réimsí áirithe den saol – sna meáin chumarsáide nó sa chóras oideachais, cuir i gcás. Tá sí ar leataobh agus in áit na leathphingine níos measa ná riamh sa chóras riaracháin phoiblí agus níl aon léargas ar fáil faoi láthair nach mar sin a fhágfar í.”

  • Seán Ó Floinn

    Bhíodh Gaeilge éigeantach ann don státseirbhís tráth dá raibh ach fuarthas réidh leis mar go mbíodh daoine á bhfostú nach raibh oiriúnach don phost ach a raibh Gaeilge mhaith acu. Botún atá ann an Ghaeilge a iarraidh ar lucht na státseirbhíe.

  • Somerfeld

    An bhfuil a fhios ag Seán Ó Floinn an raibh Gaeilge ag an Rialtóir ‘Light Touch’ Airgeadais ? Cabhródh an t-eolas sin liom géarchéim an mbanc a thuiscint.

  • Seán Mag Leannáin

    Bhí Gaeilge den scoth ag Ken Whitaker, Noel Dorr, Leon Ó Broin agus go leor leor eile de na Státseirbhísigh is fearr a d’oibrigh riamh i státchóras na hÉireann. Lena chois sin ba thírghráthóirí iad. Is ar éigean má bhí Gaeilge ar bith ag an gcuid is mó de na hardbhainisteoirí stáit a stiúraigh long an stáit i dtreo na gcarraigeacha le dhá scór bliain anuas. Ar a laghad ar bith cinntíonn dátheangachas go bhfuil éirim áirithe ag duine agus má bhíonn dá theanga na tíre seo aige/aici gach seans go bhfuil tírghrá de shaghas éicint ag an duine seo.

    • Darragh Ua Caoimh

      Máire Mhac an tSaoi san áireamh ar an liosta san chomh maith?