100 bliain ar aghaidh, ní mar a chéile atá an teannas idir an dá stát ach is ann dó i gcónaí

Ag cuimhneamh ar bhunú an stáit 100 bliain ó shin a bheifear go luath ach fadhbanna móra atá gan réiteach a bheidh ar intinn na bpolaiteoirí in 2022

100 bliain ar aghaidh, ní mar a chéile atá an teannas idir an dá stát ach is ann dó i gcónaí

Go mall cúramach a thabharfaidh muid faoi 2022, déarfainn. Bhain Covid-19 tuisle asainn anuraidh leis an ráig fhíochmhar a scaip ar nós na gaoithe trínár saol i dtús na bliana. Tá ráig eile againn anois agus an cineál nua den víreas, Omicron, ag cothú imní agus éiginnteachta.

Beidh muid ag machnamh ar ár stair agus ar bhunú ár stáit ag tús na bliana freisin. Ar an 16 Eanáir 1922 a tugadh an chumhacht ar láimh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ó údaráis na Breataine go dtí údaráis an tsaorstáit nua. Céad bliain dár gcionn ní mar a chéile atá an teannas idir an dá stát ach tá sé ann i gcónaí. Níl réiteach go fóill ar cheist an Bhreatimeachta agus prótacal Thuaisceart Éireann. Tá socruithe trádála le déanamh agus cúrsaí custaim le cur ina gceart ach le fírinne baineann an deacracht faoin bPrótacal níos mó leis an gceist nach bhfuil freagra faighte uirthi le céad bliain anuas.

An bealach le hómós a thabhairt d’fhéiniúlacht na ndaoine ar fad a mhaireann ar an oileán ionas go mbeidh siad in ann maireachtáil le chéile. Ní chuidíonn an teannas polaitiúil agus an imní leanúnach atá ar Aontachtaigh go ndéanfaí beag is fiú díobh ina aon socrú nua in Éirinn.

Ó dheas den teorainn tá an víreas ag coinneáil na bpolaiteoirí ar a n-airdeall agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis an bpaindéim i gcónaí. Tá na pobalbhreitheanna ag tabhairt ábhar machnaimh dóibh freisin. Le bliain anuas, tá Sinn Féin ag dul ó neart go neart agus beidh na páirtithe eile ag iarraidh a mheas cén bealach is fearr dóibhsean an rath atá orthu a láimhseáil.

Faoi láthair, fanfaidh páirtithe an rialtais le chéile ar mhaithe le straitéis dóibh féin a cheapadh. Faoi dheireadh na bliana tá sé i gceist go mbeadh Micheál Martin ag aistriú amach as oifig an Taoisigh agus go mbeidh Leo Varadkar ar ais inti. Céard a chiallóidh sé sin d’Fhianna Fáil?

Tá go leor de bhaill an pháirtí ag léiriú a míshástachta le Martin agus lena cheannaireacht ar an bpáirtí. An ngníomhóidh siad nuair a bheidh a sheal mar Thaoiseach caite? An mbeidh siad ag iarraidh ceannaire a chur ina áit a bheadh níos toilteanaí labhairt le Sinn Féin tar éis an chéad olltoghcháin eile?

Má éiríonn chomh maith le Sinn Féin agus atá á thuar sna pobalbhreitheanna le gairid beidh siad sa tóir ar pháirtí le dul i gcomhrialtas leo. An mbeadh Fianna Fáil faoi cheannaire nua sásta tabhairt faoi sin? An mbeidh orthu glacadh leis go bhfuil siad ina mionpháirtí anois cé gur acu is mó atá Teachtaí sa Dáil faoi láthair?

Dúirt an Taoiseach le gairid nach gcreideann sé i dtoghcháin a bheith á ngairm de ghrá toghcháin. Tá an iomarca le cur i gcrích ó thaobh sláinte, tithíochta agus aeráide, a dúirt sé. Tá an seans ann freisin, ar ndóigh, má thiteann an rialtas seo as a chéile gur orthu a íocfaidh an pobal a gcuid mífhoighde leis an láimhseáil a rinneadh ar an bpaindéim. B’fhéidir, má bhíonn dóthain iarrthóirí ag Sinn Féin an babhta seo go mbeidh siad níos gaire do thromlach ná mar a shíleann muid ag an tráth seo.

Caolseans gur in 2022 a tharlóidh an chéad olltoghchán eile mar go bhfuil an phaindéim fós le sárú agus páirtithe an rialtais sásta seasamh le chéile faoi láthair. Ní mór cuimhneamh i gcónaí nach le gean ar a chéile ach le gráin ar an namhaid – Sinn Féin sa gcás seo – atá siad mar sin. Ar ndóigh d’fhéadfadh eachtra gan choinne tarlú as seo go ceann bliana a d’athródh cúrsaí.

De réir mar a bhíonn Covid-19 á cheansú, is mó an brú a chuirfear ar pholaiteoirí a gcuid geallúintí a chomhlíonadh. Tá an ghéarchéim tithíochta fós ina neart, agus caithfear a léiriú go bhfuil an aicme pholaitiúil dáiríre faoi chúrsaí aeráide. Tá an córas sláinte fós ina chíor thuathail agus idir an dá linn tá costas an bhreosla agus an costas maireachtála trí chéile ag ardú as cuimse. Tabharfaidh sin a seacht ndóthain le déanamh dóibh gan trácht ar aon streachailt inmheánach sna páirtithe éagsúla.

Fág freagra ar '100 bliain ar aghaidh, ní mar a chéile atá an teannas idir an dá stát ach is ann dó i gcónaí'

  • Aonghus

    Imní na nAontachtaithe go ndéanfaí beag is fiú díobh ina bhac ar shocrú nua in Éirinn?

    Cáide ó ceapadh tusa i do urlabhraí don DUP a Mháirín?

    A mhalairt atá fíor. Sé Borris Johnson atá ag cothú teannais agus imní i measc na nAontachtaithe ag cur deiridh leis an bpribhléid a bhí acu ó chéad imirt an chárta buí ag Churchill san 19ú aois.

    Labhair le feirmeoirí, lucht gnó agus earnáil na déantúsaíochta ó thuaidh agus déarfaidh siad leat gurb é an prótacal a thugann an craiceann is a luach dóibh leis an árdú suntasach ar ghnó agus chomoibriú thuaidh/theas.

    Cuideoidh seo le socrú nua in Éirinn agus chuifeadh ráiteas ón Uachtarán nach ionann a thuilleadh home rule agus Rome rule dlús leis.

  • An Teanga Bheo

    Ar ndóig is am iontas é FF agus FG in Rialtas tréimhse blianta a bheadh ann in 1922 agus is stát neamhaontaithe i an Bhreatáin. Is minic feallaire i crúchas agus stadás na h Impireacht las amuigh den Eoraip ?