10 ndea-rún faisin agus stíle do 2019…

10 gcinn de dhea-rúin ach is geall leis na Deich nAitheanta iad ag ár gcomhfhreagraí agus í ag smaoineamh ar an mbliain atá romhainn

10 ndea-rún faisin agus stíle do 2019…

Ní féidir rún a bhriseadh mura ndéanann tú aon cheann, ach seo an tráth den bhliain ar cuid den traidisiún againn é iarracht amháin eile a dhéanamh ord agus eagar níos fearr a chur ar chúrsaí an tsaoil. Tá deich gcinn de rúin dhaingne ar mo liosta féin do 2019 agus mé meáite ar gan aon cheann acu a bhriseadh.  

Earraí cóirthrádála ó fhoinsí eiticiúla a roghnú

Sin rún daingean nach bhfuil i gceist agam a bhriseadh i mbliana. B’fhéidir go bhfuil éadach agus earraí smididh le fáil níos saoire ó fhoinsí eile ach i ndeireadh an lae tá praghas an-mhór orthu dúinn ar fad mar chine daonna. Tá an oiread scannán faisnéise feicthe agam faoin ábhar le tamall anuas go dtuigim an cás agus ní féidir é a shéanadh. Creidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfadh muid ar fad ár n-iarracht bheag féin leis na fadhbanna móra seo a leigheas. Mar sin, earraí cóirthrádála ó fhoinsí eiticiúla a oiread agus is féidir an mana don bhliain romhainn.

Gan a bheith ródháiríre fúm féin agus a bheith beag beann ar thuairimí daoine eile fúm 

Go minic go dtí seo agus mé ag roghnú feistis is mó machnamh a dhéanfainn faoin tuairim a bheadh ag daoine eile faoi. As seo amach, más maith liom culaith ar leith nó má tá fonn orm béaldath bríomhar dearg a chaitheamh gan aon chúis ar leith, déanfaidh mé sin. Compord pearsanta an rud is tábhachtaí i ndeireadh an lae. 

Ní féidir géilleadh do chuile threocht i gcúrsaí faisin – bíonn blas ar an mbeagán 

Dá dtosófá ag ceannach éadaí chun a bheith chun cinn ar chuile threocht nua a thagann ar an margadh, bheadh tú ag ceannach gan stad, gan staonadh. Tá mé chun seasamh siar agus a bheith dílis don stíl a thaitníonn liom féin seachas a bheith ag leanúint an mhargaidh.  Éadach deas clasaiceach an chéad rogha agam agus corrphíosa atá ‘sa bhfaisean’ anois agus arís – sin an rogha stuama do 2019. 

Níos lú smididh a chaitheam 

Is annamh go bhfágfainn an teach gan smideadh a chaitheamh. Ach tá rún agam i mbliana éirí níos compordaí gan aon smideadh. Tuigim go maith gurbh fhearr i bhfad do mo chraiceann é mura gcaithfinn ach fachtóir cosanta gréine ar m’aghaidh tar éis aire a thabhairt don chúram cnis. Laghdú a dhéanamh ar an smideadh de réir a chéile, céim ar chéim – sin an straitéis seachas stopadh go hiomlán in aon iarraidh amháin.

Smaoinigh ar an seodra!

Ar nós gach duine eile, déarfainn, bím faoi bhrú agus faoi dheifir ag ullmhú le dul amach chuig ócáid shóisialta. Is cuma cé mhéad ama a chaitheann duine ag réiteach bíonn muid faoi dheifir ar deireadh agus is ag an tráth sin a dhéanaimse dearmad ar sheodra, uaireadóir, fáinní, muince agus mar sin de. Sa charr ar mo bhealach amach a smaoiním orthu ach tá rún agam in 2019 iarracht a dhéanamh gan a bheith faoi dheifir agus seodra a chaitheamh, go háirithe nuair a chuireann siad barr feabhais ar an bhfeisteas atá roghnaithe agam don ócáid.   

Scaif, miotóga agus spéaclaí gréine a bheith sa charr i gcónaí

Tá mé chun scaif agus miotóga a choinneáil i mo mhála nó sa charr i gcónaí. Níl mórán maitheasa a bheith ag siúl thart sa chathair sa bhfuacht agus gach scaif agus péire miotóg fágtha sa mbaile.  Agus ar mhaithe leis an dea-aimsir tá rún agam péire spéaclaí gréine a fhágáil sa charr freisin – ní fios cén uair a mbeidís ag teastáil.

Triail a bhaint as siopaí nua 

Caithfidh mé a admháil go gceannaím éadaí go minic sna siopaí céanna, ró-mhinic b’fhéidir. Tá rún agam an cleachtas sin a bhriseadh i mbliana agus siopaí nua a lorg a chuirfidh tuilleadh éagsúlachta i mo vardrús. Tá sé deacair siopaí nua a aimsiú agus tú i do chónaí in iarthar na tíre ach tá an domhan mór le fáil ar an idirlíon anois!

Treabhsair mar mhalairt ar jíons

Jíons is minice a chaithim nuair a bhíonn mé saor ón obair agus tá mé an-sásta leis an mbailiúchán agus na roghanna atá agam. Tá mé chun iarracht mhór a dhéanamh treabhsair agus sciortaí a cheannach agus a chaitheamh mar mhalairt ar jíons in 2019. Céim a haon den straitéis ná gan aon jíons nua a cheannach go ceann sé mhí ar a laghad!  

Masc aghaidhe agus cóireáil éadain níos minice

Tugaim féin aire mhaith do mo chraiceann agus tá mé seasta ag ceannach earraí cúraim cnis a fheileann dom ach ní théim chuig saineolaithe chun cóireáil éadain a fháil minic mo dhóthain. As seo amach, tá rún agam cóireáil éadain a fháil níos rialta – uair sa ráithe ar a laghad, seachas a bheith ag ceannach táirgí nua as mo stuaim féin i gcónaí.

An triomadóir gruaige a fhágáil ar leataobh  

Is maith a thuigim nach dtugaim oiread airde agus ba cheart dom ar mo chuid gruaige. Tá a fhios againn ar fad nach bhfuil an triomú sciobtha a dhéantar le triomadóir láidir go maith don ghruaig ach fós féin, is deacair é a sheachaint. Níl mé chun an triomadóir gruaige a úsáid gach uair a ním mo chuid gruaige feasta agus is seampú gan sulfáití amháin a roghnóidh mé i gcónaí feasta freisin. Beidh masc gruaige agus ola ghruaige ar mo liosta siopadóireachta go rialta freisin le gach iarracht an ghruaig a choinneáil sláintiúil.

Go n-éirí go geal  leat féin agus le do chuid rún féin in 2019.

Fág freagra ar '10 ndea-rún faisin agus stíle do 2019…'