10 mbliana caite ó rinneadh nuashonrú ar liosta na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoin Acht Teanga

Rinneadh 116 gearán anuraidh le hOifig an Choimisinéara a bhain le comhlachtaí nach dtagann faoi scáth na reachtaíochta, a bhformhór a bunaíodh le deich mbliana anuas

An Coimisinéir Teanga

Tá 10 mbliana ann ó rinneadh an nuashonrú is déanaí ar sceideal na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúil.

Ba i mBealtaine na bliana 2006 a rinneadh nuashonrú go deireanach ar sceideal na gcomhlachtaí, rud a fhágann go bhfuil ualach comhlachtaí poiblí a bunaíodh ó shin i leith nach bhfuil aon dualgas reachtúil teanga orthu, ina measc leithéidí Uisce Éireann agus an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Tugtar le fios i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inné go ndearnadh 116 gearán anuraidh lena Oifig a bhain le comhlachtaí nach dtagann faoi scáth na reachtaíochta.

Bhain formhór mór na ngearán sin le comhlachtaí poiblí a cuireadh ar bun ón uair a ndearnadh an nuashonrú is déanaí ar sceideal na gcomhlachtaí 10 mbliana ó shin.

Bhain 33 gearán den 116 gearán sin le hUisce Éireann, bhain 23 gearán leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, bhain ceithre ghearán leis an tSeirbhís Tástála Náisiúnta Gluaisteán agus bhain dhá ghearán leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Thug an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le fios nach raibh ar chumas a oifige na gearáin seo  a fhiosrú de bharr nár tháinig na comhlachtaí poiblí seo faoi scáth na reachtaíochta.

“Ní féidir liom a rá an raibh sárú reachtúil i gceist in aon chás fiú dá mbeidís faoi scáth an Achta,” a deir an Coimisinéir.

Deir an Coimisinéir gur furasta leigheas a fháil ar an bhfadhb seo ach gach comhlacht poiblí nua a thabhairt “go huathoibríoch faoi scáth na reachtaíochta, mar a tharlaíonn i gcás reachtaíocht eile”. Bhí nuashonrú uathoibríoch sceideal na gcomhlachtaí san áireamh i gceannteidil Bhille leasaithe Acht na dTeangacha Oifigiúla a foilsíodh anuraidh.

Tá éiginnteacht i gcónaí ann, áfach, faoi cathain a fhoilseofar an Bille féin.

Dúirt an Coimisinéir go bhfuil cuid de na gearáin seo curtha ar a súile aige do na comhlachtaí poiblí atá i gceist in ainneoin nach mbaineann an reachtaíocht teanga leo. Dúirt sé go raibh “an-chomhoibriú” ann i gcásanna áirithe, go háirithe i gcás an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Fág freagra ar '10 mbliana caite ó rinneadh nuashonrú ar liosta na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoin Acht Teanga'