10 gceist faoin bhfiosrúchán baincéireachta

Agus cúrsaí baincéireachta á bhfiosrú ag coiste Dála tá sraith ceisteanna (agus freagraí) faoin bhfiosrúchán ag ár gcolúnaí.

17/12/2014. Dail Committee - Inquiry into the Bank
An saineolaí airgeadais Peter Nyberg ag Teach Laighean don bhfiosrúchán a bhfuil tús á chur inniu leis. Pictiúr: Photocall Ireland

1. Tá an coiste seo ag éisteacht leis an gcéad fhinné, sé bliana tar éis don rialtas a raibh Brian Cowen i gceannas air barántas a eisiúint a chlúdaigh taiscí, iasachtaí agus sócmhainní uile na mbanc Éireannach. An féidir moill mar sin a chosaint?

Ní féidir dáiríre. Má theastaíonn cúpla leithscéal uait, d’fhéadfaí a rá go raibh an rialtas chomh gnóthach ar feadh scaithimh agus iad ag déileáil le gearchéim airgeadais an stáit agus na mbanc nach raibh deis acu chun fiosrú Oireachtais a chur i mbun oibre.

 

2. An leor é sin mar leithscéal? Ráiméis!

Aontaím leat. Ach éist leis an leithscéal eile. Diúltaíodh i reifreann i 2011 do leasú ar an mBunreacht a neartódh cumhacht fhiosrúcháin choistí Oireachtais, dá nglacfaí leis. Thóg sé tamall ar an rialtas reachtaíocht a dhréachtadh chun déileáil leis an laincis a chuir an Chúirt Uachtarach ar choistí Oireachtais i gcás mhainistir Leath Ratha (Abbeylara) i 2002. Níl an dlí nua sin i bhfeidhm ach le bliain.

 

3. Ceart go leor, ach arís ní leor é mar leithscéal. Agus nach bocht an scéal é nár chuir coiste Oireachtais fios ar an Iar-Thaoiseach Brian Cowen, nó ar an Iar-Rialtóir Airgeadais Patrick ‘Ná Bí Buartha’ Neary agus a leithéid. Dá mbeadh córas feidhmiúil parlaiminteach againn, nach mbeadh cruacheisteanna curtha orthu i dTeach Laighean i bhfad roimhe seo.

Táimid ar aon tuairim. Aon cheist eile?

 

4. Cé mhéad atá caite ag an stát leis na bainc a choinneáil ar snámh? Agus nach léir anois go raibh an barántas a thug an rialtas i 2008 iomarcach?

Tá €64bn caite ag an rialtas ar na bainc agus ar aisíoc iasachtaí na mbanc. Gan amhras, bhí an socrú a rinneadh i bhfad rófhlaithiúil. Is féidir é a lochtú ar dhá chúis: toisc go ndearnadh é, agus nár cuireadh srian ar an mbarántas ina dhiaidh sin.

 

5. An féidir leis na gCoiste iachall a chur ar dhaoine fianaise a thabhairt?

Is féidir, ach amhain i gcás daoine thar lear, Mario Draghi mar shampla.

 

6. Chuala mé nach mbeidh cead ag an gCoiste duine ar bith a lochtú sa tuairisc ar a saothar. Fíor nó bréagach?

Fíor, mar gheall ar an dlí. Dúirt comhairleoirí dlí an choiste leo freisin nár chóir tuairim a nochtadh agus ceisteanna á gcur, agus nár chóir treoircheisteanna a chur ach oiread.

 

7. Treoircheisteanna? Coiscithe? Sampla le do thoil?

Ná habair: “Nach léir anois go ndearna tú botún uafásach?”

Abair: “An bhfuil tú sásta nach ndearna tú botún ar bith?”

 

8. Ag cur laincisí mar sin, agus an mhoill, sa mheá, an mbeidh fiúntas ar bith ann?

Beidh, gan amhras. Brian Cowen agus Bertie Ahern ag freagairt ceisteanna. Táim ag tnúth leis.

 

9. Cé atá ar an gCoiste?

An cathaoirleach Ciarán Lynch, Eoghan Murphy, John Paul Phelan, Ciarán O’Donnell, Michael McGrath, Pearse Doherty, Joe Higgins, Michael D’Arcy, Susan O’Keeffe, Marc MacSharry, Sean Barrett.

 

10. Dúirt Ciarán Lynch go mbeadh an obair déanta acu faoi mhí na Samhna, 2015. Do bharúil?

Caolsheans, ar dhá chúis: d’fhéadfadh olltoghchán a bheith ann san idirlinn, nó tharlódh go mbeadh cás cúirte ina dtugtar dúshlán an choiste.

 

-Cuireann Cathal Mac Coille an clár ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE.

Fág freagra ar '10 gceist faoin bhfiosrúchán baincéireachta'