10 gcéim shimplí le bheith i do bhréagaisnéiseoir…

Níl aon ghá le taighde tuirsiúil, lean na deich gcéim shimplí seo agus beidh tú i do bhréagaisnéiseoir oilte

10 gcéim shimplí le bheith i do bhréagaisnéiseoir…

Tá tú ag iarraidh dul le scaipeadh na bréagaisnéise ach níl a fhios agat cá dtosóidh tú? Ná bíodh imní ort! Níl sé deacair. Níl aon ghá le taighde tuirsiúil nó seiceáil sonraí nó fíricí fadálacha. Lean na deich gcéim shimplí seo agus beidh tú i do bhréagaisnéiseoir oilte níos gasta ná a thógann sé ar an Journal.ie ceann de na ‘fact checks’ sin a chur le chéile.

  1. Athrá. Déan athrá arís agus arís agus arís eile ar an mbréag. Inis an bhréag chéanna le bréagaiséiseoirí eile ar an taobh céanna leat. Dá mhéad athrá a dhéantar ar bhréag, is ea is mó a cheapann daoine go gcaithfidh go bhfuil sí fíor.
  2. Bí sonrach i do chuid bréag. Ná habair go bhfuil ‘a lán’ mná geala á n-éigniú ag inimircigh dhubha. Bíodh figiúr sonrach agat. ‘Bhí 123 cás sna cúirteanna anuraidh inar ciontaíodh duine dubh as bean gheal a éigniú.’ Ceapfaidh daoine ‘123 cás? Is léir go bhfuil a chuid obair bhaile déanta ag an mboc seo.’
  3. Is fearr bréag mhór ná bréag bheag. Mar a dúirt Joseph Goebbels: Má insíonn tú bréag atá mór go leor agus má leanann tú ort á rá arís agus arís, diaidh ar ndiaidh creidfidh daoine í.’
  4. Lean ort ag caitheamh amach bréag i ndiaidh bréige i ndiaidh bréige. Tá siad éasca le cumadh. Faoin am go mbeidh amadán éigin d’iriseoir a chreideann i ‘fíricí’ tar éis an bhréag a bhréagnú beidh an bhréag tar éis taisteal timpeall an domhain agus beidh an dochar déanta. Ní bheidh an t-amadán d’iriseoir ábalta coimeád suas leis na bréaga mar tógann sé i bhfad níos mó ama bréag a bhréagnú ná mar a thógann sé ceann a chumadh nó a scaipeadh.
  5. Tá mothúcháin níos láidre ná fíricí. Mar shampla, scaip grianghraf de pháiste marbh, bíodh baint aige leis an scéal nó ná bíodh, agus úsáid é chun do namhaid a ionsaí. Cuirfidh an grianghraf fearg agus alltacht ar dhaoine agus nuair a bhíonn daoine feargach ní stadann siad le smaoineamh go criticiúil.
  6. Rugadh ort sa bhréag? Abair go bhfuiltear ag iarraidh do shaoirse cainte a cheilt ort.
  7. Níor oibrigh sé sin? Ná bí buartha. Abair rud éigin thar a bheith antoisceach nó conspóideach nó bladhmannach. Mar shampla, is ‘Naitsíoch’ é an té a bhréagnaigh do bhréag! Anois tá gach éinne ag caint faoi sin seachas faoi do bhréag. Fadhb réitithe!
  8. Chomh maith leis an athrá ar na bréaga a chum tú nó a scaip tú cheana, bí ag cumadh nó ag scaipeadh bréaga nua an t-am ar fad. Ceann de na cúiseanna go scaipeann bréaga níos fearr ná fíorscéalta ar na meáin shóisialta mar gur maith le daoine rudaí nach bhfuil cloiste acu cheana, agus is maith leo a cheapadh go bhfuil siad ‘ar an eolas’ roimh dhaoine eile.
  9. Scaip bréaga agus cothaigh amhras faoi fhoinsí nuachta agus iriseoirí iontaofa. Ní gá go gcreidfeadh daoine do bhréaga ar fad le go n-éireodh leat. Is leor go gcuirfeadh tú ina luí orthu go bhfuil gach foinse eolais amhrasach agus nach bhfuil aon ‘fírinne’ ann.
  10. Téigh ar ais go dtí uimhir a 1 agus tosaigh arís…

Fág freagra ar '10 gcéim shimplí le bheith i do bhréagaisnéiseoir…'

  • Oól Ó Braoin

    Thar cionn uilig gan aon bhréag…

  • WTF

    Iontach maith.

  • Dada nua anseo!

    Ní feiniméan nua an bhréagfhaisnéiseoireacht!

    Is léir go bhfuil na 10 gcéim shimplí sin ar eolas go maith ag seirbhísí faisnéise na dtíortha cumhachtacha e.g. SAM, an Rúis agus ár seanchairde i Londain i.e. ag na bréagfhaisneoirí móra. Agus ag na hiontraimí bolscaireachta a úsáideann siad.
    Ní dóigh go mbeidh aon rud nua le foghlaim acu as alt seo Tuairisc.ie. Agus ar ndóigh ní chaithfidh siad bheith buartha faoi phointe 6.

    Agus má chuirtear fírinní nach n-oireann dóibh os comhair an tsaoil, dá n-ainneoin, is féidir leo géarleanúint a dhéanamh ar an té a nocht an fhírinne – féach cás Julian Assange, mar shampla.