10 gcéim na háilleachta ón gCóiré Theas

Tugann ár gcomhfhreagraí léargas ar dheasghnátha cúraim cnis mhná na Cóiré Theas a bhfuil cáil orthu faoina gcraiceann álainn

10 gcéim na háilleachta ón gCóiré Theas

Tá an meas ar tháirgí áilleachta ón Chóiré Theas ag méadú ar fud an domhain le tamall anuas.

Ar cheann de na cúiseanna leis sin tá an tsuim a chuireann pobal na tíre sin i gcúrsaí cúram cnis. Cuireann siad de stró orthu féin am a chaitheamh gach lá ag tabhairt aire mar is ceart dá gcraiceann.

Ach ní stró dóibhsean é, i ndáiríre, mar go bhfuil sé de nós acu ó bhíonn siad an-óg cúram ceart a dhéanamh dá gcraiceann. Is gnáthchuid de chúraimí an lae agus na hoíche dóibh é.

Tá 10 gcéim sa phróiseas iomlán a bhíonn acu le cúram a dhéanamh dá gcraiceann:

1. Glantóir Ola

Baineann céim a haon leis an smideadh a ghlanadh den aghaidh go dúthrachtach. Baintear úsáid as glantóir ola a chuirtear ar an aghaidh agus ar an muineál sula nitear iad in uisce bog.

2. Glantóir Uiscebhunach

Glanadh dúbailte atá i gceist sa dara céim ach gur táirge ar nós glóthach nó cúr a bhfuil uisce mar bhunús aige a úsáidtear. Tá ciall leis an dara glanadh seo mar go mbaineann an chéad cheann substaintí olúla den chraiceann agus glanann an dara hiarracht gach rud eile.

3. Scamhóir

Glantar amach na cealla marbha ón gcraiceann leis seo mar ullmhúchán do na chéad chéimeanna eile. Má dhéantar an scamhadh seo mar is ceart beidh na táirgí a chuirfear ar an gcraiceann ina dhiaidh sin in ann sú go domhain isteach ann. Go hiondúil is táirge ina bhfuil aigéid ann a úsáidtear don scamhadh seo.

4. Tonóir

Baineann an ceathrú céim le tonóir aghaidhe a chur ar an gcraiceann. Is fearr leo ceann a roghnú atá go maith le hiodráitiú a dhéanamh ar an gcraiceann agus seachnaíonn siad cinn a bhfuil alcól mar bhunús leo.

5. Úscra

Cé go mbreathnaíonn an táirge seo ar nós uisce, is cosúil le tonóir láidir é a chuireann tuilleadh uisce sa gcraiceann agus a chothromaíonn amach go deas é. Bíonn ceimiceáin éagsúla san úscra seo a chabhraíonn le gach cineál maitheasa a chur ar ais sa chraiceann.

6. Séiream/ Ampoule

Is é seo croílár an phróisis do mhuintir na Cóiré Theas agus ní fhágfaidís an chéim seo ar lár riamh. Roghnaítear an séiream le dul i ngleic le haon fhadhbanna craicinn agus is féidir díriú ar chraiceann tirim, póireanna, aicne, spotaí dorcha nó an aois.

7. Uachtar Súl

Thart ar na súile a bhíonn an craiceann is éadroime agus is fíneálta agus is ansin is túisce a fheictear roic agus comharthaí na haoise. Cuirtear uachtar deas timpeall ar na súile ag an gcéim seo den phróiseas.

8. Maothóir

Is cuma cén cineál craicinn atá ar dhuine, tá sé an-tábhachtach go deo maothóir maith a úsáid. Cinntíonn an maothóir ceart go gcoinnítear gach deoir uisce sa chraiceann agus meastar sin a bheith ar cheann de na céimeanna is tábhachtaí a bhaineann le cúram cnis.

9. Masc

Cuirtear brat, atá déanta as cadás go hiondúil, a bhfuil úscra deas air ar an aghaidh ar feadh 10 nóiméad. Súnn an craiceann isteach an mhaitheas ar fad.

10. Fachtóir Cosanta Gréine (FCG)

Cuireann muintir na Cóiré Theas an-bhéim ar fad ar FCG ceart a úsáid agus déanann siad gach iarracht an iomarca gréine a sheachaint. Ní smaoineoidís ar a dhul amach faoin aer gan FCG agus creideann siad go bhfuil sé ar cheann de na bealaí is fearr leis an gcraiceann a choinneáil óg agus, ar ndóigh, ailse chraicinn a sheachaint.

Is deacair a shamhlú go mbeadh an fhoighne ag mórán againn sa taobh seo den domhan gach ceann de na deich gcéim sin a leanúint gach lá.

Ach is cosúil gur cuid de chultúr an phobail é sa Chóiré Theas fiú mura mbíonn deis acu gach céim a dhéanamh gach lá.

Ach dá bhféadfaimis an sampla seo a leanúint uair nó dhó sa tseachtain tá mé cinnte go rachadh sé chun tairbhe go mór dúinn féin agus dár gcraiceann. 

Fág freagra ar '10 gcéim na háilleachta ón gCóiré Theas'

  • Frainc

    Tugaimidne an-bhascadh agus an-bhualadh ar an gcraiceann anseo.

  • Samuel

    An craiceann agus a luach againn anseo!