0.6% de cheisteanna Dála i nGaeilge agus beag spéis ag Teachtaí Dála i ngnóthaí Gaeilge nó Gaeltachta

Ba é an Teachta Dála Éamon Ó Cuív a chuir 26 ceann den 42 ceist a cuireadh síos le freagairt i nGaeilge

30/01/2014. Dublin Scenes - Weather. Pictured Leinster House in Dublin this afternoon looking through the gates. Met Eireann issued a weather warning for the comming weekend. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Níor cuireadh i nGaeilge ach 42 ceist den bheagnach 7,500 ceist pharlaiminte a freagraíodh sa Dáil ó cuireadh tús le himeachtaí na Dála tar éis shos an tsamhraidh i mí Mheán Fómhair.

Ba é an Teachta Dála Éamon Ó Cuív a chuir 26 ceann den 42 ceist a cuireadh síos le freagairt i nGaeilge. B’ionann an 42 ceist agus 0.6% de na ceisteanna ar fad a cuireadh síos le freagairt.

Bhain sé cinn de na ceisteanna a chuir iar-aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, i nGaeilge, le hábhair eile seachas cúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus Gaeloideachais.

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na ceisteanna parlaiminte a cuireadh síos sa Dáil ó mhí Mheán Fómhair gur beag spéis ar chor ar bith atá ag Teachtaí Dála in eolas ná i bhfreagraí a lorg i dtaobh ceisteanna a bhaineann leis an teanga.

Le linn an 17 lá a raibh an Dáil ina suí ón 22 Meán Fomhair, cuireadh 47 ceist Dála, idir cheisteanna Béarla agus cheisteanna Gaeilge, a bhain go sonrach le cúrsaí teanga, Gaeltachta nó Gaeloideachais.

Le linn an 17 lá sin, bhí cúig lá ann nár cuireadh síos aon cheist Dála a bhí i nGaeilge nó aon cheist Dála a bhain le polasaí teanga nó Gaeltachta an Stáit.

Ar an 29 Meán Fomhair cuireadh ceist amháin i nGaeilge a bhain le forbairt cé i gConamara agus ceist amháin i mBéarla a bhain le héileamh ar mhaolú ón nGaeilge do mhúinteoirí bunscoile.

Ar an Déardaoin an 1 Deireadh Fómhair, níor cuireadh aon cheist i nGaeilge ach bhí ceist Gaeltachta amháin ann a bhain leis an gconspóid maidir le haersheirbhís Árann.

An Teachta Dála Éamon Ó Cuív.
An Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Ar an Máirt an 20 Deireadh Fómhair, cuireadh ceist amháin síos i nGaeilge, ceist ó Éamon Ó Cuív a bhain le teidlíocht feirmeora ó Ghaillimh faoin ‘Scottish Derogation’.

Ba é an lá is mó a cuireadh ceisteanna i nGaeilge ná an 24 Meán Fómhair nuair ba é babhta an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta é ceisteanna ó bhéal a fhreagairt. An lá áirithe sin, cuireadh síos 10 gceist i nGaeilge agus ceist amháin i mBéarla a bhain le gnóthaí Gaeltachta.

Seachas Éamon Ó Cuív (FF), chuir ceathrar Theachtaí Dála eile ceisteanna parlaiminte síos i nGaeilge ó d’fhill an Dáil i ndiaidh an tsamhraidh – Aengus Ó Snodaigh (SF), Michael Kitt (FF), Caoimhghín Ó Caoláin (SF) agus Seán Kyne (FG).

Seacht gceist Gaeilge ar fad a chuir Ó Snodaigh síos, cúig cinn a tháinig ó Kitt agus dhá cheann an duine a chuir Kyne agus Ó Caoláin.

Fág freagra ar '0.6% de cheisteanna Dála i nGaeilge agus beag spéis ag Teachtaí Dála i ngnóthaí Gaeilge nó Gaeltachta'

  • sean@hotmail.com

    Cuir an suarachas sin i gcomparáid le tír bheag ar nós Malta agus an tacaíocht iontach laidir a thugann na teachtaí agus na ceannairí dá dteanga bheag féin ansin ar bhonn laethúil. Is buailte, spleách, tréithlag, an drong sinn. Ná bí ag súil le ceannaireacht cultúir ó na preampalláin sa Dáil.