An náire an spreagadh a bheidh ag Scartlets agus Cúige Laighean ar thairseach na staire

Grand Slam, Corn na gCuradh...agus an Pro 14? An gcuirfidh Cúige Laighean le stór na hÉireann san Aviva?


An náire an spreagadh a bheidh ag Scartlets agus Cúige Laighean ar thairseach na staire

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Cuirfidh Cluiche Ceannais an Pro 14a idir Cúige Laighean agus na Scarlets ón mBreatain Bheag clabhsúr ar shéasúr rugbaí na gclubanna.  Beidh buaiteoirí an chluiche, a bheas á imirt san Aviva in Áth Cliath, áirithe feasta ar an gcéad dream a bhuaigh an Pro 14. An Pro 12 a bhí ar an gcomórtas go dtí an séasúr seo.

Is iad na Scarlets curaidh an chomórtais faoi láthair agus beidh siad ar a míle dícheall ag iarraidh greim a choinneáil ar an gcoróin sin an Satharn seo. Ní dóigh go mbeidh Cúige Laighean, curaidh na hEorpa le coicís anois, sásta a seans féin ar an ngradam sin a ligean le sruth ró-éasca, go háirithe tar éis dóibhsean an lámh in uachtar a fháil le pointe amháin ar Chúige Mumhan, i gcluiche leathcheannais uafásach crua san RDS an Satharn seo caite.  

Ach sin go díreach an dúshlán atá roimh fhir Átha Cliath agus Leo Cullen an Satharn seo. Seo é an tríú cluiche crua agus tábhachtach ag Cúige Laighean in imeacht trí seachtaine.  Bhí siad in Bilbao coicís ó shin ag imirt i gcoinne Racing 92 i gcorn na gcuradh agus i gcoinne Chúige Mumhan a bhí siad seachtain ó shin. An mbeidh ar a gcumas dul ag an tobar arís an Satharn seo agus an bhfuil dóthain sa tobar céanna le hochtó nóiméad d’imirt dhian a sheasamh? Is minic mé ag scríobh faoi dhoimhneacht an phanéil ag Cúige Laighean agus an rogha mhór imreoirí ar ardchaighdeán atá acu. Bhuel seo í an tástáil air sin anois.

Thug Cullen scíth do Sexton, Kearney agus Leavy an Satharn seo caite, ach mar sin féin cheap mé go raibh leithéidí Furlong agus James Ryan ag tuirsiú faoi leath ama i gcoinne na Muimhneach. Is cinnte go bhfuil an t-uafás rugbaí imeartha an séasúr seo ag imreoirí Chúige Laighean. D’imir cuid acu leis na Leoin ó dheas sa Nua-Shéalainn ag tús an tséasúir, mar sin féin beidh a lucht leanta dílis ag súil go bhfuil iarracht amháin eile iontu an Satharn seo.

Seo é an ceathrú babhta ag na foirne seo a bheith ag imirt i gcoinne a chéile an séasúr seo. D’imir siad faoi dhó sa Pro 14, agus bhí an lá le Cúige Laighean san RDS agus bhí siad ar comhscór sa mBreatain Bheag. Chas  siad ar a chéile den tríú babhta i gcluiche leathcheannais Chorn na gCuradh san Aviva cúig seachtaine ó shin agus bhí an lá gan stró (38 – 16) le Cúige Laighean.

Seans gurb é an náiriú sin an spreagadh is mó a bheidh ag na cuairteoirí.  Tá a fhios acu go bhfuil siad i bhfad níos fearr ná an taispeántas a thug siad sa gcluiche sin. Ní hamháin sin ach is iad na Scarlets an t-aon fhoireann ar domhan a bhfuil seans acu anois stop a chur leis an mborradh atá faoi cháil fhoirne rugbaí na tíre seo. 

Má theipeann ar na Scarlets an Satharn seo, beidh muid ag fad ag ceiliúradh ré órga rugbaí na hÉireann, Grand Slam, Corn na gCuradh agus an Pro 14 freisin i 2017/18.

Meas tú an bhfuil sé sinn i ndán dúinn?

Níl ach cluiche amháin eile agus ochtó nóiméad rugbaí ar an Satharn beag seo idir muid féin agus freagra na ceiste sin.  

Fág freagra ar '
An náire an spreagadh a bheidh ag Scartlets agus Cúige Laighean ar thairseach na staire'

  • Carraig

    Ar bís!