ευρώ, ὕβρις, χάος: Ceacht Gréigise don Ghréig agus don Eoraip

Nach iontach gurb iad sinsir Alexis Tsipras agus Yanis Varoufakis féin a thug na focail dúinn is fearr a chuireann síos ar an gcruachás ina bhfuil an Ghréig, agus an Eoraip trí chéile?

171401002_844407b

Is minic a chuimhnigh mé ar ranganna Sean-Ghréigise na meánscoile le coicís anuas: sé huaire an chloig sa tseachtain ag foghlaim teanga atá marbh leis na cianta ach atá ar cheann de na bunsraitheanna faoi theangacha, faoi fhealsúnacht agus faoi chultúr na hEorpa agus an Iarthair trí chéile.

Trí fhocal go háirithe a phreab isteach i m’aigne.

ευρώ (eabhró), n: euro. Ní focal Sean-Ghréigise é ευρώ ó cheart, ar ndóigh, ach focal Nua-Ghréigise.

Fuair an tSean-Ghréigis bás thart ar an am céanna gur breacadh na chéad línte Sean-Ghaeilge síos ar pár; labhraíonn Alexis Tsipras (Chéad Aire na Gréige) agus Yanis Varoufakis (Aire Airgeadais na Gréige) teanga atá níos éagsúla le teanga Hóiméir ná mar atá an teanga atá á léamh agatsa faoi láthair ó theanga Leabhar Cheanannais.

Ar a shon sin, is léir don dall (nó don té atá in ann aibitir na Gréige a léamh, pé scéal é) gur ón bhfocal Sean-Ghréigise Ερώπη (‘An Eoraip’) a thagann ευρώ.

Ar chaoi ar bith, tá a fhios againn uilig cén chiall atá leis an bhfocal sin, mar tá sé scríofa, in aibitir na Gréigise, ar na nótaí lena n-íocaimid ár bpiontaí. Is ea, ní inniu ná inné a thriail pobal 11 mhilliún duine a dtoil a bhrú ar 335 mhilliún duine eile den chéad uair; agus airgeadra aonair na hEorpa á bhunú, d’éiligh an Ghréig go mbeadh ainm an airgeadra clóite ina n-aibitir féin ar nótaí na dtíortha i limistéar an euro ar fad. An t-am sin, d’éirigh leo (agus cén fáth nach n-éireodh? Tá sanasaíocht an fhocail ευρώ agus coincheap na hEorpa fite fuaite leis an tSean-Ghréig).

Ach tá an chosúlacht ar an scéal agus seo á scríobh nár éirigh le dúmhál mothúchánach na Gréige an iarraidh seo agus nach fada eile a mbeidh gá leis an bhfocal ευρώ ar ár gcuid nótaí euro. Chuile sheans go mbeidh an leagan ευρώ ar na nótaí sin chomh húsáideach céanna faoin am seo an t-seachtain seo chugainn, agus tatú ainm iarleannáin trasna ar na slinneáin.

βρις (húbras), f: uabhar, sotal, mire. Téarma den scoth é seo chun cur síos ar iompar lucht idirbheartaíochta na Gréige agus cruachás na tíre sin á phlé ad nauseam (mo leithscéal as teanga mharbh eile a tharraingt isteach sa scéal) le coicís anuas: ‘tabhair níos mó airgid dúinn, airgead nach bhfeicfidh sibh ar ais choíche muna dtugtar dúinne é ar ár dtéarmaí féin, nó séidfimid an euro ar fad as a chéile.’

Oireann an fho-bhrí ‘sotal’ den fhocal βρις d’iompar Yanis Varoufakis go háirithe. ‘Drochlá don Eoraip,’ a thug Aire Airgeadais na Gréige ar an lá gur dhún a thír an doras ar lámh chúnta cáiníocóirí i dtíortha Eorpacha éagsúla a bheidh 320 míle ευρώ as póca mar gheall ar caper seo na Gréige.

An fho-chiall ‘mire’ den fhocal βρις is fearr a oireann do Chéad Aire na Gréige, Alexis Tsipras féin agus reifreann gairthe aige faoi thairiscint dheireanach tarrthála na hEorpa.

Ar mire a bhí Tsipras má chreid sé go mbeadh aon mhuinín ag éinne de lucht idirbheartaíochta na hEorpa as ó shin i leith.

Ach bhí sé an-chliste más rud é gur theastaigh uaidh féin a theacht slán ón ngéarchéim pholaitiúil agus shóisialta a leanfaidh má bhíonn ar an nGréig an euro a fhágáil. An reifreann: cleas na bpolaiteoirí a dteastaíonn uathu an fhreagracht faoi chinntí deacra an tsaoil a chur ar an bpobal.

Χάος (cáos), n: anord, duibheagán, duifean gan deireadh. Seo an méid a bhéidh roimh mhuintir na Gréige má thagann an tuar faoin tairngreacht – nó romhainn go léir má thiteann an euro as a chéile ar fad tar éis Grexit.

Ní ghuím ar éinne é, ach sin é an rud faoin gcoincheap eile sin a chum a muintir na Sean-Ghréige: i δημοκρατία (‘daonlathas’). Faigheann gach pobal na polaiteoirí atá tuillte acu.

Fág freagra ar 'ευρώ, ὕβρις, χάος: Ceacht Gréigise don Ghréig agus don Eoraip'