Fachtna Ó Drisceoil a chuirfidh an clár Tús Áite i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbliana.
Cuirfear tús inniu le séasúr nua de phríomhchlár cúrsaí reatha tráthnóna RnaG agus beidh athrú mór i gceist – an léiritheoir a bheidh anois ina láithreoir.
D’fhógair RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna gurb é Fachtna Ó Drisceoil, an t-iriseoir aitheanta as Baile Átha Cliath a thiocfaidh i gcomharbacht ar Michelle Nic Grianna mar láithreoir an chláir.
Fógraíodh chomh maith gurb í an craoltóir Duibhneach aitheanta Sinéad Ní Uallacháin a bheidh mar léiritheoir ar an tsraith nua.

Tá Michelle Nic Grianna ag filleadh ar sheomra nuachta na nDoirí Beaga i nDún na nGall a dúchais.
Idir Tús Áite agus Cormac ag a Cúig roimhe sin, bhí Ó Drisceoil ina léiritheoir ar chlár cúrsaí reatha tráthnóna RnaG ó 2012.
Dúirt sé go raibh ag súil go mór lena chúram nua.
“Is dúshlán a bheidh ann dom a bheith ag láithriú mar go bhfuil níos mó taithí agam a bheith ar an taobh eile den fhuinneog, ach mar a deir siad anáil na beatha an t-athrú.
“Tá súil agam go n-aimseoidh mé mo ghuth féin láithreoireachta sna míonna amach romhainn. ”
Craoltar Tús Áite ó Luan go hAoine ag 5pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Helena Lordan
Ana-áthas orm go mbeidh Fachtna Ó Drisceoil ina láithreoir ar Tús Áite amach anseo
Helena Lordan
Comhghairdeachas Fachtna. Áthas orm an dea-scéal a chloisint.
Muiris Ó Fiannachta
Maith thú, a Fhachtna! Comhghairdeas!
Fachtna
Is deas sin uaibh.
Solweg Uí Fhaoláin
Comhghairdeachas a Fhachtna!