10 mórscéal faisin agus stíle na bliana 2018 – idir mhaith agus olc

Ó Rihanna a bheith gléasta mar Phápa ag an Met Gala i Nua-Eabhrac go dtí táirgí cúraim cnis de chuid Alex Steinherr a bheith ar díol i Penneys, bhí neart údar cainte ag lucht faisin agus stíle le linn na bliana


10 mórscéal faisin agus stíle na bliana 2018 – idir mhaith agus olc

Is nós ag foilseacháin de gach cineál ag an tráth seo bliana súil siar a thabhairt ar an mbliain atá imithe agus smaoineamh ar na nithe a fhanfaidh inár gcuimhne. Tá neart a fhanfaidh linn, idir dhearfach agus diúltach, maidir le cúrsaí faisin agus stíle in 2018.

Treocht na bliana: priontaí ainmhithe 

In 2018 ba dheacair earraí faisin a raibh priontaí ainmhithe orthu a sheachaint i bhformhór na siopaí éadaigh nó ar na suíomhanna díolachán ar líne.

Bhíodar ann, ba chuma cad a bhí uait, barréide, gúna, sciorta, treabhsar, bróga nó beilt agus cuma an ainmhí ar an éadach a bhí orthu. Bhí an liopard, an séabra agus an toirtís le feiceáil go coitianta agus cé go raibh mé féin in amhras faoi ar dtús chuaigh mé i gcleachtadh de bheagán air i gcaitheamh na bliana.

Margadh cúraim cnis na bliana: táirgí Alex Steinherr i Penneys

Tá stádas ag Alex Steinherr mar bhandia i gcúrsaí cúraim cnis le tamall. Mhéadaigh an stádas sin nuair a tháinig sé chun solais go raibh sí ag obair i ngan fhios don saol mór le dhá bhliain anuas ar shraith nua d’ábhair cúraim cnis dá cuid féin. Ba gheall le míorúilt ón mbandia é nuair a fógraíodh go mbeidh na táirgí sin ar díol i siopaí Primark – Penneys sa tír seo – ar phraghsanna idir €4 agus €6 an ceann. Margadh smididh na bliana 2018 gan cheist.

Feachtas margaíochta seafóideach na bliana

Scríobh mé ar Tuairisc.ie tamall ó shin faoi Dolce & Gabbana agus faoi cháil na conspóide agus an chiníochais a leanann an bheirt deartháireacha cáiliúla. Bhí siad sa nuacht arís le déanaí faoi fheachtas margaíochta an-mhaslach ina raibh mainicín le feiceáil ag ithe píotsa le cipíní itheacháin de chuid na Síne. Rinne siad ráiteas mar fhreagra ar na gearáin, ina ndúirt siad: ‘We offer our sincerest apologies to Chinese people worldwide’. 

Branda Smididh na Bliana…Huda Beauty

Ba le linn na bliana atá díreach caite a bhain an branda smididh a bhunaigh Huda Kattan faoin teideal Huda Beauty barr feabhais amach, cé gur sa bhliain 2013 a bhunaigh an blagadóir ar dtús é.  Thóg sé go dtí seo uirthi gach earra smididh a bhféadfá smaoineamh air a fhorbairt. Tá cónaí ar Huda Kattan in Dubai ach tá a cuid táirgí le fáil sa tír seo anois i siopaí Brown Thomas. As feabhas na dtáirgí sin thabharfainn an gradam di as branda smididh na bliana a fhorbairt.

Geit faisin na Bliana

Bhí go leor radhairc aite agus aisteacha arís i mbliana ag an Met Gala i NuaEabhrac ach is beag ceann acu a tharraing an oiread airde agus a tharraing Rihanna agus í gléasta in éide an Phápa! Lena ceart a thabhairt di, is léir go ndearna sí beagán machnaimh ar an scéal mar gurbh é ‘Heavenly Bodies: Fashion and the Catholic Imagination’ téama na bliana 2018 ag an mhórócáid ghalánta sin. Fós féin, bhí sé aisteach agus bhain sí geit as gach duine a chonaic í.

Táirge nuálach na bliana – ‘Airwrap’ le James Dyson

Murab é an costas an tslat tomhais atá agat chaithfí an fearas gruaige nua ar a dtugtar an Airwrap ón dearthóir innealtóireachta cáiliúil James Dyson a mholadh mar tháirge nuálach na bliana 2018. Fágann an costas atá air, €499.99 sa tír seo, gur beag duine a bheidh in acmhainn é a cheannach. Leis an ngléas seo is féidir an ghruaig a dhíriú nó coirníní a chur inti chomh maith lena triomú ag an am céanna. An rud is suntasaí faoin uirlis nua seo ná nach mbíonn teas ollmhór á úsáid aige fearacht mar a bhíonn ag triomadóirí de ghnáth, rud a fhágann go ndéanann sé níos lú dochair don ghruaig féin.

Laoch ar lár na bliana: ‘Bloggers Unveiled’

Scríobh mé ar Tuairisc.ie níos túisce i mbliana faoin ‘Bullshitcallerouter’ ar Instagram a tharraing aird ar rudaí ar theastaigh iad a rá faoi bhlagadóirí áirithe de chuid na tíre seo agus na bréaga a fhoilsíonn siad ar na meáin shóisialta. Lean ‘Bloggers Unveiled’ den fheachtas le méar a dhíriú ar bhlagadóirí na mbréag. Bhí stádas an laoich ag ‘Bloggers Unveiled’ ar feadh tamaill ach ba léir nár tuigeadh go dtagann freagracht le cumhacht agus d’éirigh na hionsaithe níos pearsanta agus níos gránna. Sciobtha go leor, fuair daoine amach cé a bhí i mbun ‘Bloggers Unveiled’ agus cuireadh deireadh leis an gcuntas Instagram.

‘Tubaiste’ smididh na bliana: Srianta ar tháirgí Sephora anseo

Fógraíodh i rith na bliana nach mbeadh fáil a thuilleadh san Eoraip ar shraith áirithe de tháirgí smididh a bhíodh le ceannach ó shuíomh gréasáin Sephora as Meiriceá. Bhíodh tóir mhór anseo ar smideadh agus earraí cúraim cnis de chuid brandaí ar nós Drunk Elephant, Tatcha, Bite Beauty agus Milk Makeup nach raibh le ceannach anseo ach ar shuíomh Sephora i Meiriceá amháin. Ach cuireadh stop iomlán leis an gcleachtas sin agus is cosúil gur bhain an t-athrú polasaí le rialacháin Eorpacha nua faoi chosaint sonraí, an reachtaíocht ar a dtugtar GDPR. Bhí baint ag dleachtanna a chuir an tAontas Eorpach ar tháirgí as Meiriceá mar fhreagra ar dhleacht a bhí curtha ag údaráis Mheiriceá ar tháirgí Eorpacha roimhe sin leis an scéal freisin. Ba é toradh an scéil nach féidir na táirgí áilleachta sin a cheannach feasta ach i Meiriceá amháin. 

Réalta faisin na bliana: Meghan Markle

Sílim nach bhfuil dabht ar bith faoi cé a chaithfí a roghnú mar réalta faisin na bliana. Is cuma cén bharúil atá ag duine de theaghlach oga na Breataine níl amhras ar bith ach go mbíonn súile an domhain dírithe ar Bhandiúc Sussex, Meghan Markle, agus gur i gcroílár shaol an fhaisin a mhaireann sí. Is furasta di, a déarfadh daoine áirithe, tá saibhreas gan teorainn aici agus comhairleoirí faisin lena treorú i gcónaí ach níl mórán eile a mheallann oiread airde ón bpobal faoina rogha stíle lá i ndiaidh lae. Cinnte, is í Markle réalta faisin 2018.

Botún faisin na bliana:  Buataisí ‘Ugg’ arda

Bhí cinneadh déanta agam faoin gceann seo chomh fada siar le mí Feabhra agus ní fhaca mé aon táirge faisin ó shin a bhainfeadh an gradam de na buataisí Ugg a théann suas os cionn na nglún, chomh hard le do cheathrú, a cuireadh ar an margadh ar phraghsanna idir €250 agus €1,250. ‘Buataisí ceathrún’ a tugadh ar an saothar cruthaitheach nua seo ó dhearthóir as an mBeilg a bhfuil, creid é nó ná creid,  gradaim idirnáisiúnta buaite aige roimhe seo. Dúirt an dearthóir sin gur chosúil iad le “putting your thighs in butter”. Dúirt eolaí faisin amháin gurbh é an ‘end of civilisation’ a bhí i gceist leo agus mheabhraigh scríbhneoir eile nach mbeadh mórán maitheasa iontu don ‘ghnáthdhuine’ má bhí cuma mhíshlachtmhar orthu ar na mainicíní arda tanaí féin.

Fág freagra ar '
10 mórscéal faisin agus stíle na bliana 2018 – idir mhaith agus olc'