YouTube á aistriú go Gaeilge agus meitheal aistriúcháin curtha ar bun

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil cuid den fhoireann aistritheoirí a chuir Gaeilge ar Gmail anois ag cromadh ar YouTube a aistriú

YouTube á aistriú go Gaeilge agus meitheal aistriúcháin curtha ar bun

Tuigtear do Tuairisc.ie go mbeidh leagan Gaeilge den mhórshuíomh comhroinnte físeán YouTube ar fáil amach anseo.

Is leis an ollchomhlacht idirlín céanna Gmail agus YouTube araon agus tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil cuid den fhoireann aistritheoirí a chuir Gaeilge ar Gmail anois ag súil go gcuirfear Gaeilge ar YouTube go luath.

Níor fhreagair Google ceist ar an ábhar ó Tuairisc.ie.

Cothrom an ama seo dhá bhliain ó shin seoladh an leagan Gaeilge den chóras ríomhphoist Gmail i gceannáras Google i mBaile Átha Cliath.

Murab ionann agus leithéidí Twitter agus Facebook, a cuireadh ar fáil i nGaeilge trí shlua-aistriú. D’oibrigh meitheal bheag go dian, ar bhonn deonach, chun Gmail a chur fáil i nGaeilge. Is é an cur chuige céanna atá i gceist le haistriú YouTube.

Ba shaineolaithe teanga iad aistritheoirí Gmail, d’oibrigh cuid acu ar an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge. Obair dheonach ar fad a bhí i gceist le Gmail agus an mheitheal ag obair as lámha a chéile in Éirinn agus i Meiriceá.

Dúirt duine den mheitheal a d’oibrigh ar Gmail go raibh caint ann dhá bhliain ó shin go mbreathnófaí freisin ar leithéidí Google Drive, Google Calendar agus YouTube.

Ba é an tOllamh Kevin Scannell a bhí ag ceann na foirne dhá bhliain ó shin ach thug sé le fios do Tuairisc.ie le deireanas nach bhfuil baint aige leis an togra nua.

“Ba é Kevin a bhí ina cheann feadhna le Gmail, Twitter, agus Firefox go dtí seo agus is léir gur fearr an cur chuige sin [duine amháin i gceannas ar fhoireann bheag] ná cur chuige Facebook, cur chuige atá ródhaonlathach ar shlí agus a fhágann táirge an-lochtach ina dhiaidh,” a dúirt duine de mheitheal ‘YouTube’.

Luaigh Scannell na lochtanna sin nuair a phléigh sé slua-aistriú Twitter in 2015.

“Bhí go leor fadhbanna ann. Mar shampla bhí téarmaí éagsúla in úsáid ag na haistritheoirí difriúla: fón agus guthán; focal faire agus pasfhocal. Bhí botúin litrithe agus botúin ghramadaí ann agus go leor leor aistriúchán ó Google Translate a mhol daoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu, nó nach raibh Gaeilge ar bith acu,” a dúirt sé le Tuairisc.ie í mí Bhealtaine 2015, cúpla lá i ndiaidh sheoladh an leagain Gaeilge den suíomh sóisialta.

Tá YouTube ar fáil i 76 teanga faoi láthair, chomh maith le canúintí difriúla na Fraincise, na Portaingéilise agus na Spáinnise. Tá leaganacha ‘áitiúla’ den suíomh ar fáil i 88 tír, Éire ina measc. Ní fios go fóill cén uair a bheidh an suíomh, a mbíonn os cionn billiún duine ag breathnú air, ar fáil i nGaeilge.

Bunaíodh YouTube ar an 14 Feabhra 2005. Triúr iarfhostaí de chuid an chomhlachta PayPal a chur ar bun é agus dhíol siad le Google é, ar $1.7 billiún, i mí na Samhna na bliana 2006. Thuairiscigh anailísí de chuid Bank of America anuraidh gur fiú $70 billiún an suíomh anois.

Fág freagra ar 'YouTube á aistriú go Gaeilge agus meitheal aistriúcháin curtha ar bun'

  • Seanán Ó Coistín

    Ar deireadh thiar thall! Más mall is mithid. Chuir sé olc orm i 2007 nuair a chruthaíodh an fearann http://www.youtube.ie agus nach raibh Gaeilge le fáil air. Mhaígh Google go raibh na leaganacha éagsúla de YouTube amhail http://www.youtube.de logánaithe acu. Ní fíor sin don leagan Éireannach den suíomh.
    Táim ag tnúth go mór le seo.

  • Eoin Ó Murchú

    Obair in aisce sin obair nach dtugtar aon luach air. Is tábhachtach an Ghaeilge a fheiceáil in úsaid ag leithéidí Google, YouTube is eile, ach is cóir íoc go gairmiúil as aistritheóirí gairmiúla.

  • Críostóir Ó Faoláin

    Táim féin ag tnúth go mór leis, táim ag coiméad súil amach do leagan Gaeilge de Youtube le blianta. Sé mo mheon féin ná gur cóir den stáit airgead beag a chur i gciste chun cúpla togra mar seo a dhéanamh in aghaidh na bliana, agus pá mar is ceart a dhíol leis an bhfoireann leis.