‘You’ll never lace my boots Jim’ – Éamon McGee ag cur síos ar easaontas le Jim McGuinness

Deir Éamon McGee gur iomaí aighneas a bhí idir é féin agus bainisteoirí Dhún na nGall thar na blianta

‘You’ll never lace my boots Jim’ – Éamon McGee ag cur síos ar easaontas le Jim McGuinness

Éamon McGee agus Jim McGuinness. Pictiúr: Inpho

Agus é faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta le déanaí, rinne McGee tagairt do thitim amach idir é féin agus Jim McGuinness agus phléigh sé an chaint a rinne Kevin Cassidy le déanaí faoi easpa díocais fhoireann Ghaoth Dobhair

Deir Éamon McGee gur iomaí aighneas a bhí idir é féin agus bainisteoirí Dhún na nGall thar na blianta, Jim McGuinness ina measc. Tharla go raibh foinse an aighnis le McGuinness le fáil i scéal a d’inis McGee do Rónán Mac Aodha Bhuí ar Raidió na Gaeltachta.

Le linn an agallaimh, rinne McGee cur síos ar chluiche a imríodh idir a fhoireann féin, Gaoth Dobhair, agus foireann McGuinness, Naomh Conaill, blianta ó shin agus ar easaontas a tharla le linn an chluiche chéanna.

“Is cuimhin liom an t-am a raibh Jim ag imirt inár gcoinne thíos i Machaire Gathlán [páirc peile Ghaoth Dobhair]. Thosaigh Jim ag troid le duine de na leaids as Gaoth Dobhair agus chuaigh mise suas go dtí Jim agus dúirt mé,  ‘You’ll never lace my boots, Jim’.

Is léir nár thaitin an chaint sin le McGuinness mar ba é an deireadh an scéil gur bhuail fear na nGleannta “shot” ar Éamon McGee.

D’éirigh McGee as a bheith ag imirt do Dhún na nGall i ndiaidh shéasúr na bliana seo agus cé gur thug sé leis Bonn Uile-Éirinn agus trí Chraobh Uladh, is minic a díbríodh den phainéal é de bharr easpa smachta.

“Caitheadh amach den phainéal trí nó ceithre huaire mé. Chaith McEniff amach ón phainéal mé, chaith McIver amach as an phainéal mé. Bhí mé ag ‘party-áil’ nuair a bhí mé ceaptha a bheith ag traenáil.

“Tharla rud le John Joe Doherty ach ní raibh mé imithe ón phainéal ach ar feadh seachtaine nó coicíse agus bhí mé ar ais isteach. Tharla an rud céanna le Jim McGuinness nuair a bhí mé 26 nó 27. Fuair mé ciall ach bhí sí iontach mall ag teacht!”

Cuireadh den phainéal McGee go luath le linn réimis McGuinness. Tá cur síos déanta cheana ag daoine ar an tábhacht a bhain leis an gcéad chruinniú a bhí ag McGuinness lena chuid imreoirí in Óstán Rosapenna, ach ní raibh McGee i láthair ag an gcruinniú céanna.

“Bhuail mise le Jim thart ar choicís nó trí seachtaine roimh an chruinniú sin agus dúirt Jim, ‘Tá muid chun Craobh na hÉireann a bhaint’. Cheap mise, ‘Tá sé seo cloiste cheana agam, níl sé chun tarlú.’

“Dúirt Jim, ‘Cuireadh den phainéal thú trí huaire, cad é a dhéanfaidh tú difriúil an t-am seo?’ Dúirt mise le Jim go mbeadh sé difriúil an t-am seo agus go mbeadh mé ag traenáil 100%, no bother.”

Nuair a thuig McGee a dhéine is a bheadh an plean traenála ag McGuinness, shocraigh sé oíche amháin eile a bheith aige sula dtabharfadh sé fapo.

“An rud a tharla ná d’imigh an Aoine, d’imigh an Satharn agus chaill mé cluiche do Ghaoth Dobhair. Chuaigh an scéal ar ais go Jim agus dúirt Jim, ‘Nó, níl mé ag iarraidh a dhath ar bith den chraic seo ar an phainéal,’ agus chuir sé scairt orm agus dúirt sé ‘Tá tú imithe ón phainéal’.

“Bhí mé croíbhriste ag an am mar cheap mé go raibh mé críochnaithe leis an chontae. Bhí mé 26 nó 27 agus ní raibh mé chun seans eile a fháil. Bhí Jim chun fanacht thart ar feadh ceithre bliana agus bheadh mé róshean ina dhiaidh sin. An rud a rinne mé ná chuir mé mo chloigeann síos, d’oibrigh mé go crua agus fuair mé seans arís le Jim agus bhuaigh muid Craobh na hÉireann agus trí Chraobh Uladh.”

Labhair iarchomhghleacaí contae agus club McGee, Kevin Cassidy le Raidió na Gaeltachta le déanaí faoi na fadhbanna, dar leis, atá ag cur as d’fhoireann shinsir Ghaoth Dobhair faoi láthair.

D’aontaigh McGee le cuid mhaith dá raibh le rá ag Cassidy, ach bhí sé den tuairim go raibh plean fadtéarmach ag teastáil chun go mbeadh rath ar an gcumann amach anseo.

“Caithfidh tú plean a bheith agat. Aon duine atá ag teacht isteach go Gaoth Dobhair anois, chaithfeadh sé plean ceithre bliana, cúig bliana nó deich mbliana, fiú, a bheith aige mar tá lear mór imreoirí óga againn faoi aois agus tá sé tábhachtach go mbeadh na himreoirí sin ag teacht isteach chuig struchtúr maith, atmaisféar maith, nuair a thagann siad isteach san fhoireann shinsir.”

Fág freagra ar '‘You’ll never lace my boots Jim’ – Éamon McGee ag cur síos ar easaontas le Jim McGuinness'