‘You won’t read that in the mainstream media!’ – cás na meán traidisiúnta

Níl an t-amhras as cuimse a léirítear i dtaobh na meán traidisiúnta tuillte acu, in ainneoin gach rud…

Ní dhéanfaidh scríbhneoir an cholúin seo dearmad go deo ar an gcéad uair a chuala sé duine fásta ag rá go neamhbhalbh nach raibh muinín aige as duine fásta eile.

Bhí slua ar an gcéibh i gCill Rónáin in Inis Mór, ag feitheamh le teacht loinge ón mórthír. Thug an tréimhse feithimh deis bhreá do ghasúr óg cúléisteacht le comhrá a spreag iontas agus oscailt súl in éineacht. Go háirithe nuair a thug tuin an chainteora le fios go raibh sé ar tí rud éigin mailíseach a rá.

“Ní chreidfinn an lá geal uaidh,” a dúirt sé le fear a bhí ina sheasamh lena ais. B’fhollas láithreach an tarcaisne agus an t-amhras ina ghlór, fiú agus gan aithne dá laghad ag an éisteoir ar an duine a bhí faoi chaibidil.

Tagann cor dá leithéid i saol gach ógánaigh.

Faightear amach go hindíreach nó, má bhíonn mí-ádh ort go díreach, nach féidir brath i gcónaí ar bhriathra daoine eile.

Dá luaithe a léirítear an fhírinne léanmhar is ea is fearr é.

Ach, tarlaíodh sin luath nó mall, is céim mhór chun tuisceana í nach ndéanfaidh tú dearmad uirthi ar feadh i bhfad.

Ba léir go raibh mo dhuine i gCill Rónáin ag cur síos ar dhuine eisceachtúil amháin, is é sin le rá ar dhuine a thuill amhras ar chúis éigin nár bhain le daoine eile.

Is doimhne an t-amhras agus an tarcaisne a léiríonn an t-Uachtarán Trump agus a lucht leanúna gach uair a lochtaíonn siad na meáin thraidisiúnta nó na meáin phríomhshrutha (‘mainstream media’). Ach tá amhras den sórt céanna ag leathadh le tamall i dtíortha eile chomh maith, Éire ina measc.

Tá sciar den amhras seo réasúnta, agus folláin. Tugann na meáin shóisialta deis do gach duine aird a tharraingt ar bhearnaí, ar thuairisceoireacht chlaonta agus ar bhotúin a fhoilsítear sna gnáthmheáin. Má fheiceann léitheoirí botún sa cholún seo, mar shampla, is féidir leo gearán agus ceartú a sheoladh chuig eagarthóir Tuairisc.ie in imeacht cúpla soicind.

Baineann idir iriseoirí agus léitheoirí tairbhe freisin as an deis atá acu, a bhuí leis na meáin shóisialta, tuairimí réasúnta faoi ábhar foilsithe a nochtadh agus a phlé.

Ach tá, ní foláir a admháil, an baol ann i gcónaí freisin go ndéanfadh scata mór neamhaird iomlán de na gnáthmheáin, ach amháin d’fhonn a bhfaillí agus a gclaonta (mar a shíltear) a cháineadh.

“RTE is hopeless, completely out of touch,” a dúirt fear as Boston liom ar Twitter tar éis na buamála inar maraíodh triúr le linn Mharatón na cathrach in 2013.

Bhí sé ag tagairt d’ainmneacha agus de ghrianghrafanna de dhaoine ar dúradh go raibh na póilíní sa tóir orthu, a d’fhoilsigh seirbhísí nuachta áirithe tar éis na buamála. Ní raibh ainm ná grianghraf ar bith eisithe ag na póilíní, agus níor craoladh iad ar RTE ná ar ghnáthmheáin eile.

Fuarthas amach faoi cheann cúpla uair an chloig nach raibh na póilíní in amhras in aon chor faoi na daoine a ainmníodh. Ar ndóigh, níor mhol mo dhuine stuaim ná aireachas RTÉ, fearacht go leor daoine a scaipeann gearáin faoi ‘nuacht’ a deir siad a cheileann na gnáthmheáin ar an bpobal.

Cuirtear claonadh nó meatacht i leith na meán traidisiúnta ar an gcaoi chéanna toisc nach mbíonn ‘nuacht’ thábhachtach foilsithe acu. Ní haon dochar mar sin na bunphrionsabail iriseoireachta a shonrú arís eile.

Ní fiú d’eagarthóir ar bith scéal nuachta a fhoilsiú murar féidir freagra sásúil a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas:

An bhfuil an scéal fíor agus inchruthaithe?

An scéal fiúntach é?

An scéal suimiúil é?

Is féidir ‘nuacht’ a shásaíonn an tríú coinníoll thuas a scaipeadh gan stró. Scéal mar seo, abair:

Ar fhaitíos na bhfaitíos, ní foláir é seo a fhógairt go soiléir: NÍL OIREAD NA FRÍDE DEN FHÍRINNE SA ‘SCÉAL’ ATÁ SCRÍOFA SA TVUÍT BHRÉAGACH THUAS.

Nílimid fágtha cheal léas dóchais. B’fhéidir go bhfuil casadh na taoide romhainn. Gach uair a chuireann Donald Trump i leith na ngnáthmheán go bhfuil ‘nuacht bhréige’ foilsithe acu, neartaíonn sé muinín daoine réasúnta as na meáin sin.

Tiocfam slán, le cúnamh Donald.