‘You can’t speak English never mind Irish’ – 45 bliain ó tosaíodh an feachtas do Scoil an tSeachtar Laoch

Tá tuairisc a craoladh den chéad uair i 1971 faoin bhfeachtas le scoil lánGhaeilge a bhunú i mBaile Munna ar fáil an athuair ar Chartlann RTÉ. Labhair Tuairisc.ie le príomhoide na scoile faoi

Os cionn dhá scór bliain ó shin bhí feachtas ar bun i mBaile Munna i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath le scoil lánGhaeilge a bhunú sa cheantar. Craoladh tuairisc faoin bhfeachtas ar an gclár Féach ar RTÉ agus tá an tuairisc sin le feiceáil arís ar shuíomh Chartlann RTÉ

Dúirt príomhoide na linne seo Fiachra Ó Domhnaill le Tuairisc.ie gur sháraigh lucht an fheachtais na constaicí a bhí rompu na blianta fada ó shin agus gur iontach an tionchar a bhí ag an scoil ar an gceantar ó bunaíodh í.

“Tá an dara Gaelscoil anois ann i mBaile Munna, is léiriú ann féin an méid sin ar an tógáil phobail a tharla i ndiaidh bhunú na scoile seo. Ba iad lucht na n-árasán a d’éiligh an scoil, mar is léir ón tuairisc ar Féach, agus bhí go leor fadhbanna acu an scoil a fháil.

“Bhí sagart an pharóiste ag rá le muintir na háite ‘you can’t speak English never mind Irish’ le linn an fheachtais. Ach sáraíodh na constaicí agus tá an scoil ina cuid lárnach den cheantar anois. Ní chreidfeá líon na ndaoine a bheannaíonn i nGaeilge dom agus mé ag siúl timpeall an bhaile,” a dúirt Ó Domhnaill.

Dúirt sé go bhfuil mic, iníonacha agus garmhic agus gariníonacha na ndaoine a d’fhreastail ar an scoil nuair a osclaíodh í sna 1970í anois ag freastal uirthi agus go bhfuil naisc láidre teaghlaigh agus pobail le brath inti.

“Tá grúpaí ann a d’eascair ón scoil, ciorcail chomhrá, grúpaí damhsa agus ceoil agus cumainn spóirt ann a mbíonn go leor Gaeilge le cloisteáil iontu. Tá cúpla leaid ag imirt le foirne CLG Bhaile Átha Cliath agus is i nGaeilge a labhraíonn siad nuair a thagann siad ar cuairt,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘You can’t speak English never mind Irish’ – 45 bliain ó tosaíodh an feachtas do Scoil an tSeachtar Laoch'

  • mary horgan

    ba bhrea liom da dtabharta e cur in ord domsa

  • R. ua Ruairc

    Ba dheas an t-alt agus físeán gearr sin a fheiceáil. Cé nach raibh aon cheangal agam fhéin le B M thug bua muintir Scoil an tSeachtar Laoch an ionspioráid dom ins na seachtóidí. Thugadar an-spreagadh dom an teanga a fhoghlaim – míle buíochas libh.

    Comhghairdeas libh as an dara scoil a chur ar bun. Níor chuala mé faoi go dtí inniu. Nár laga Dia sibh.

    Tá bhur dea-thionchar fós ag leathadh ná bíodh aon imní oraibh !

  • Máire Breathnach

    an féidir ‘follow-up’ a dhéanamh leis na daoine a d’fhreastail ar an scoil seo agus iad óg?