‘You can tell Liam Ó Cuinneagáin what you want, I’ll sort him out too’ — feirmeoir ciontaithe as oibrí de chuid Oideas Gael a ionsaí

Feirmeoir caorach ciontaithe as ionsaí a dhéanamh ar threoraí siúlóide de chuid Oideas Gael i nGleann Cholm Cille

‘You can tell Liam Ó Cuinneagáin what you want, I’ll sort him out too’ — feirmeoir ciontaithe as oibrí de chuid Oideas Gael a ionsaí

Ciontaíodh agus gearradh fíneáil inné ar fheirmeoir caorach Gaeltachta as ionsaí a dhéanamh ar threoraí siúlóide de chuid Oideas Gael, an t-ionad foghlama Gaeilge do dhaoine fásta i nGleann Cholm Cille.

I gCúirt Dúiche an Chlocháin Léith, shéan an feirmeoir, Cathal Haughey, as an mBaile Ard i nGleann Cholm Cille, gur ionsaigh sé Tony Birtill, as Learpholl, agus é ag treorú grúpa ceathrair a bhí i mbun siúlóide trí Ghleann Cholm Cille in 2015. Dúirt Birtill leis an gcúirt gur thug sé an ceathrar ar an tsiúlóid mar chuid de scannán poiblíochta.

Casadh an grúpa siúlóirí agus Haughey ar a chéile ar an mBaile Ard. Dúirt Haughey gur bhuail sé buille “nach raibh chomh trom sin” ar Birtill nuair a d’éirigh achrann eatarthu sna cnoic.

Dúirt Birtill sa chúirt gur mhol sé do Haughey glaoch a chur ar stiúrthóir Oideas Gael, lucht eagraithe na siúlóide, leis an scéal a phlé.

Mhaígh Birtill gur thug Haughey le fios go ‘mbreathnódh sé i ndiaidh’ Ó Cuinneagáin freisin.

“Mr Haughey said you can tell Liam [Ó Cuinneagáin] what you want. I’ll sort him out too,” a dúirt Birtill.

Bhí grúpa siúlóide Oideas Gael ag siúl ar thalamh coimín ar an sliabh. Tá Haughey ar dhuine d’úinéirí an choimín agus bíonn caoirigh dá chuid ar féarach ann. Shéan sé gur ionsaigh sé Birtill, ach dúirt gur bhuail sé é agus é ag síneadh a lámha amach leis an ngrúpa a stopadh nuair a rinne Birtill iarracht siúl thairis.

“He pushed into me then and said to the group, ‘that is enough for assault’. I don’t agree I struck Mr Birtill,” a dúirt sé.

Ciontaíodh Haughey as ionsaí a dhéanamh ar Birtill agus gearradh fíneáil €100 air.

Fág freagra ar '‘You can tell Liam Ó Cuinneagáin what you want, I’ll sort him out too’ — feirmeoir ciontaithe as oibrí de chuid Oideas Gael a ionsaí'

  • spleodar

    Baaaaaaaaaaaaaaaaaaa, ba cheart na deontais Ghaeltachta a bhaint den ainchuinsi sin!

  • Fearn

    “thug Haughey le fios go ‘mbreathnódh sé i ndiaidh’”

    An raibh ceann capaill sa leaba?

  • Seathrún Céitinn

    B’fhéidir gur cuireadh isteach ar na caoraigh agus iad ag iompair uain, agus gurbh é ba chúis leis an ionsaí a rinneadh ar an lucht siúlóide. Ar hiarradh céad sula ndeachthas ar an talamh?