Yes Minister! An rialtas in aimhréidh agus an Dáil ar sos

Dá mba scéal de chuid Yes Minister é, bheadh cúis gháire againn, ach tá muid ag brath ar an rialtas mí-éifeachtach seo le muid a stiúradh as sáinn na Breatimeachta

21/07/2016. President of France Franois Hollande Visit - Ireland. Pictured President of France Francois Hollande (The French Republic Co-Prince of Andorra) is greeted by Taoiseach and Fine Gael leader Enda KennyÊat Government Buildings in Dublin Ireland this morning. Photo: Sam Boal/Rollingnews.ie
Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá an Dáil ar scor don samhradh, agus é sin ina ábhar faoisimh don rialtas bacach seo atá in aimhréidh ar an oiread sin cúiseanna éagsúla agus ag an oiread leibhéal éagsúil.

Ar na gcéad dul síos, cé go leagtar síos sa mBunreacht go gcaithfidh an rialtas feidhmiú mar aonad, ní raibh aontas ar bith eatarthu féin maidir leis an rún i dtaobh aisghairm an Ochtú Leasú ná níor éirigh leo fiú gothaí na haontachta a chur orthu féin.

Is léir anois, freisin, gur tháinig toradh an reifrinn sa mBreatain aniar aduaidh orthu agus nach raibh aon phlean B acu le déileáil le himeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.

Ní bhfuair an Taoiseach aon chúnamh ó Angela Merkel i mBeirlín, ach d’aithin uachtarán na Fraince, Francois Hollande, go bhfágann ceist an Tuaiscirt gur cás faoi leith an tír seo maidir leis an idirbheartaíocht le Sasana.

Ach ansin thacaigh Kenny le héileamh Hollande go mbrostódh Sasana leo as an Aontas a luaithe agus ab fhéidir, in ainneoin go ndúirt an tAire Airgeadais, Michael Noonan, an lá céanna, gur ceart go dtógfaimis féin agus na Sasanaigh go réidh é.

Ag Noonan a bhí an ceart ar ndóigh, mar níl aon obair ullmhúcháin déanta againn don idirbheartaíocht a bheidh ar bun idir an tAE agus an Bhreatain nó don idirbheartaíocht dhíreach a bheidh ar bun idir sinn féin agus Sasana.  Tá am ag teastáil uainn.

Ach má bhí an ceart ag Noonan maidir le tús a chur le Breatimeacht, bhí a bhéal ar leathadh aige agus staid na heacnamaíochta á plé i bhfianaise an €280 milliún sa bhreis a bheidh orainn a íoc isteach san Aontas.

Mhaígh Noonan nach mbeidh aon tionchar ag an íocaíocht bhreise seo ar an gcáinaisnéis i mí Dheireadh Fómhair, ach seafóid ghlan amach is amach atá sa mhéid sin.

Céard a bhí beartaithe aige don €280 milliún sular thuig sé go mbeadh air é a thabhairt don Aontas?

Tá an íocaíocht seo le déanamh mar gheall ar fhigiúirí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh  a thug le fios gur fhás an geilleagar 26%.  Tá a fhios ag leipreacháin na sráide nár fhás, ach i bhfianaise an fhigiúir gan bhunús seo, caithfidh muid an íocaíocht bhreise seo a dhéanamh.

Agus cuimhnigh – cé go ndearna Noonan iarracht a thabhairt le fios gur cás aon uaire é seo – go mbeidh orainn an t-airgead breise seo a íoc gach bliain mura dtarraingíonn na hollchomhlachtaí a gcuid maoine breise amach as an tír.

Thar thréimhse ceithre bliana, €1.1 billiún atá i gceist.

D’fhéadfaí an-chuid tithe a thógáil leis an méid sin, nó an-chuid bardaí ospidéil a oscailt, nó an-chuid seirbhísí cearta a sholáthar do dhaoine a bhfuil gá acu leo.

Ach ná bímis buartha. Deir Noonan nach mbeidh aon tionchar ag an íocaíocht seo ar an gcáinaisnéis.

Seo, is léir, rialtas nach bhfuil a fhios acu céard tá ar bun ar chor ar bith acu.

Ní nach ionadh mar sin gur lig siad osna faoisimh ar theacht shos an tsamhraidh.

Agus iad ag dul ar an sos sin, ní tearc na samplaí eile dá mí-éifeacht. Is ar éigean go bhfuil coistí an Oireachtais curtha ar bun acu, cé go mbíonn an t-aos polaitiúil de shíor ag trácht ar an tábhacht ar leith a bhaineann leis na coistí céanna.

Cúig mhí i ndiaidh an olltoghcháin, agus is ar éigean ach an oiread go bhfuil aon reachtaíocht nua curtha i gcrích.

Nó céard faoin bpraiseach a bhain leis an bhfógra faoi fhóram uile-oileánda chun Brexit a scrúdú, fógra a rinneadh gan an scéal a phlé leis na haontachtóirí roimh ré?

Cuimhnímis chomh maith ar an nglacadh a bhí acu le moladh Shinn Féin maidir le reifreann faoin teorainn i ndiaidh reifreann na Breatimeachta inar vótáil móramh sna Sé Chontae fanacht san AE. Thug Fianna Fáil agus Fine Gael droim láimhe leis an moladh le seanbhlas.

Ach tamall gairid ina dhiaidh sin d’athraigh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin a phort agus an lá dár gcionn rinne Kenny aithris ar a mháistir agus dúirt gur dóichí go mbeadh reifreann faoin teorainn ann mar thoradh na Breatimeachta!

Dá mba scéal de chuid Yes Minister é, bheadh muid ag gáire, ach tá muid ag brath ar an rialtas mí-éifeachtach seo le muid a stiúradh as sáinn na Breatimeachta agus rogha réasúnta a dhéanamh idir fanacht le long an Aontais Eorpaigh atá ag dul go tóin poill os comhair ár gcuid súl nó sampla Shasana a leanúint.

B’fhéidir go mbeadh muid in ann an dá thaobh den tír a choinneáil sa mbád céanna – in aimhréidh na tubaiste!