Wir haben es nicht gewüsst: fás na hIoslámafóibe san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh

Ná bíodh sé á rá againn, i gceann deich mbliana, nach raibh a fhios againn céard atá ag tarlú inár measc faoi láthair, a scríobhann ár gcolúnaí

8567825104_7a32a83018_o.jpg

Bac a chur ar Mhoslamaigh taisteal go dtí na Stáit Aontaithe, sin a bhí á mholadh ag Donald Trump, duine d’iarrthóirí an Pháirtí Phoblachtánaigh sa rása go dtí an Teach Bán, agus é ag caint Dé Luain.

An lá céanna, bhí an Ioslámafóibe in ard a réime ar an taobh eile den Atlantach freisin. Chaith Geert Wilders, ceannaire an pháirtí frith-inimirce PVV san Ísiltír, tvuítamach inar iarr sé ar ‘dhaoine ar mhaith leo a bheith ina mbaill pharlaiminte, a bhfuil misneach acu, a bhfuil grá acu don Ísiltír agus a gcuireann an Ioslám déistin orthu’ CV a chur chuig an bpáirtí.

Ioslámafóibe i bhfógra poist: tá rud éigin fíorscanrúil ag tarlú i sochaí ina bhfuil a leithéid inghlactha. Ag iarraidh teacht i dtír ar an eagla atá ar dhaoine roimh Mhoslamaigh i ndiaidh na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla in San Bernardino agus i bPáras atá Trump agus Wilders, ar ndóigh.

Is féidir linn an bheirt seo agus polaiteoirí eile dá leithéid a cháineadh. Is féidir linn ciníochas a chur ina leith. Is féidir linn iad a thabhairt chun na cúirte, fiú amháin, má théann siad rófhada. Ach dáiríre píre, ní hiad polaiteoirí na heite deise radacaí féin an fhadhb. An chluas éisteachta atá á tabhairt dóibh ag sciar den phobal, sin í an fhadhb. An neamhaird atá á déanamh ag sciar i bhfad níos mó den phobal de na comharthaí go bhfuil an Ioslamafóibe ag fás go tréan inár dtimpeall, sin í an fhadhb.

Tharla an t-uileloscadh toisc gur thug gnáthdhaoine cluas éisteachta do phraeitseálaithe an fhuatha. Tharla an t-uileloscadh toisc go ndearna gnáthdhaoine neamhaird den fhuath a bhí ag fás go tréan ina dtimpeall. 

Nuair a bhí an t-uileloscadh thart, ní raibh le rá ag na gnáthdhaoine seo ach: Wir haben es nicht gewüsst.

Ná bíodh sé á mhaíomh againne, i gceann deich mbliana, nach raibh a fhios againn céard atá ag tarlú inár dtimpeall faoi láthair.

Diúltaímis d’Ioslámafhaisisteachas ISIS, ach diúltaímis chomh láidir céanna don Ioslámafóibe – an faisisteachas frith-Ioslámach – atá ag fás inár measc.

Fág freagra ar 'Wir haben es nicht gewüsst: fás na hIoslámafóibe san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh'