‘Why do you paint your sheep?’ – céad slán le céad ceist thurasóirí Chorca Dhuibhne

Bíonn an-chuid bráca ag baint leis an mbiaiste turasóireachta do mhuintir na háite i gCorca Dhuibhne ach is maith ann na turasóirí céanna d’ainneoin a gcuid ceisteanna neafaiseacha

‘Why do you paint your sheep?’ – céad slán le céad ceist thurasóirí Chorca Dhuibhne

Um an dtaca seo bliana, agus na scoileanna ag athoscailt agus idir mhúinteoirí agus scoláirí ag filleadh go drogallach ar a gcuid peann, tagann sámhnas beag éigin ar thionscal na turasóireachta anseo i gCorca Dhuibhne. Ní bhíonn oiread céanna clanna timpeall. Ní bhíonn an fuadar millteach céanna faoi na máithreacha agus na haithreacha d’fhonn smacht a choimeád ar na rudaí beaga nó spéis a mhúscailt sna déagóirí patuara gurbh fhearr leo bheith in aon áit eile ar domhan seachas ar na laethanta saoire IS MEASA RIAMH. Feictear dom go minic gur mó strus, tuirse agus bailitheacht a bhíonn ar na clanna céanna agus iad ag gabháil an bóthar amach seachas mar a bhíonn orthu ag tús a dturais.

Is í an turasóireacht cnámh droma na heacnamaíochta anseo i gCorca Dhuibhne, agus is beag duine nach bhfuil ag brath ar an dtionscal seo chun a mbuillin a dhéanamh. Tá bialanna, tábhairní agus lóistíní ag muintir na háite. Tá comhlachtaí iompair agus gnóthaí eachtraíochta ann. Fiú iad siúd nach bhfuil sáite go díreach sa ghnó – ar nós iascairí, feirmeoirí agus oibrithe ollmhargaí – faighid ar fad buntáiste éigin ós na sluaite a thagann siar chugainn gach bliain.

Is ait an t-ainmhí an Ciarraíoch, fé mar a dúirt an P.O fadó, agus cé go bhfuilimid ag brath orthu cuireann na turasóirí an phip cheart orainn uaireanta. Na sluaite ar pháillí an Daingin agus pictiúir á dtógaint acu de gach aon rud beo agus neamhbheo atá os a gcomhair, iad beag beann ar na h-aborigines atá d’iarraidh dul don bhanc nó lítear bainne a cheannach. Na busanna agus na veaineanna campála ina dtranglam ar na bóithre cúnga caola, gan cíos, cás nó cathú orthu ach bheith ag baint lán a súl as an gceantar máguaird, agus sinne teanntaithe laistiar díobh chomh mall le slimide a bheadh tar éis leathfhoraois raithní a ól. Agus na ceisteanna. Ó a chroí deoil, na ceisteanna.

I gCorca Dhuibhne tá oidhreacht, stair, cultúr agus teanga na muintire, chomh maith le háilleacht nádúrtha agus áiseanna den scoth. Ba dhóigh leat gurb iad na nithe úd is mó a mhúsclódh fiosracht na ndaoine, ach ní hea in aon chor, mar ar cheann de na ceisteanna is comónta a chuirtear orainn tá an seod seo leanas:

“Why do you paint your sheep?”

Dá mbeadh euro faighte agam gach uair a chuala é sin mar cheist, ní fheicfí teirce ná uireasa sa tír seo go deo aríst. Ní bheadh taithí ar rainseoirí móra Mheiriceá ná ag feirmeoirí gustalacha na mór-roinne ar bheith ag cur breasail ar do chaora d’fhonn iad a aithint ó chaoirigh na gcomharsan, ach is ait na rudaí a bhíonn ag déanamh tinnis dóibh. Bhí fear ón mbaile seo bunbhailithe den cheist sin tamall ó shin, agus nuair a tháinig lánúin chnagaosta go maith chuige leis an cheist, d’fhéach sé ar an bhfear go sollúnta dáiríre agus dúirt leis “well my dear man tis the same reason your wife has nice makeup and lipstick on”.

Bheifeá ag fiafraí díot féin uaireanta conas a bhíonn cuid acu tar éis an beart a dhéanamh chomh fada seo in aon chor, fé mar a bhíos nuair a tháinig fear chugam isteach agus fuadar fé, cuma na heagla ar a phlaosc:

“Quick,” arsa é sin, “there’s a sheep out there and he’s not in a cage.”

Uair eile ghabh sean-cháitín isteach chugainn agus í tagtha ar thuras speisialta chun an áit a fheiscint, ó bhí ardsuim aici san ábhar. Ach is cosúil go raibh radharc na súl ag teip ar an mbean bhocht agus nach raibh The Blasket Centre léite i gceart aici, mar tar éis di tamall a thabhairt ag féachaint thairsti, tháinig sí chugainn agus d’fhiafraigh ‘where do they make the baskets?’

Pé áit ina mbíonn na sluaite turasóirí bíonn cine ar leith daoine a chaitheann an biaiste ar fad ag dul ar fud na tíre agus iad ina gcruthúnas daonna ar an seanfhocal go mbíonn siúlach scéalach – na tiománaithe bus.

Nuair a bhíd seo cruinnithe le chéile bíonn scéalta le hanamacha na marbh acu, cé gur deacair a dhéanamh amach ar uairibh cé acu ag scaitseáil nó a mhalairt atáid. Bhí tiománaí amháin ag insint scéil fé bhabhta amháin go raibh lán bus de yeainceanna aige ar camchuairt istigh in Árainn.

Bhí sé ráite aige leo go mbeadh ceol traidisiúnta á sheinm dóibh i dtigh an óil an oíche áirithe seo. Chuadar ann, agus tar éis do Shonaí Choilm Learaí cúpla port a chasadh, d’fhéach sé ar na Poncánaigh a raibh cuma ábhairín corrabhuaiseach orthu. D’fhiafraigh sé díobh ar thaitin an ceol leo, agus dúradar leis gur thaitin ach ‘When are Colm and Larry coming on?’

Chloisfeá rudaí ós na turasóirí babhtaí agus ní ag gáirí a bheifeá ach oiriúnach le ceangal. Bhíos ag obair I dtábhairne nuair a bhíos níos óige agus ailp fir ón bpríomhchathair go raibh mos an airgid uaidh agus cuma na ciotrúntachta ar a chuntanós. Bhí a shóinseáil á chomhaireamh agam, mé á áireamh os ard as Gaelainn, ach chuaigh na sums sa bhfraoch orm agus dheineas botún. D’fhéach fear an mhustair agus an ghustail orm, amhail is gur mé an stumpa amadáin ba mheasa a tháinig os a chomhair riamh, agus d’fhógair le drochmheas ‘Perhaps you wouldn’t have made a mistake if you counted in English.’

Ba cheart naomh a dhéanamh díom nuair nár leagas amach le fiftí de dhorn é ar an bpointe boise.

Slán abhaile leis na turasóirí, agus beidh dhá chéad míle fáilte rompu aríst an bhliain seo chugainn, mar is iad a choimeádann ár gceannacha os cionn uisce i gceantair turasóireachta mar Chorca Dhuibhne. Gan iad, bheimis gan scéal gan eachtraí gan pingin gan faic.