‘Who wouldn’t want to go to a place called Dingle to see a dolphin called Fungie?’ arsa Johnny Depp

I 1991, thiomáin Johnny Depp agus Gerry Conlon ó iarthar Bhéal Feirste go dtí iarthar Chiarraí agus fonn orthu an deilf cháiliúil Fungie a fheiceáil

‘Who wouldn’t want to go to a place called Dingle to see a dolphin called Fungie?’ arsa Johnny Depp

Fungie sa Daingean. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tráchtann aisteoir Hollywood Johnny Depp i leabhar nua ar thuras bóthair a thug sé go dtí Corca Dhuibhne in éineacht le Gerry Conlon, duine de Cheathrar Guildford.

Scríobh Depp an réamhrá do In the Name of the Son, beathaisnéis nuafhoilsithe faoi Conlon le Richard O’Rawe, agus cuireann an t-aisteoir síos ann ar a chairdeas leis an bhfear a daoradh chun príosúin san éagóir.  I 1991 a thiomáin Depp agus Conlon ó iarthar Bhéal Feirste go dtí iarthar Chiarraí agus fonn orthu an deilf cháiliúil Fungie a fheiceáil. Deir Depp gurbh fhurasta é féin a mhealladh ar an aistear.

“Gerry had no need to convince me, of course I was going to say yes. Who wouldn’t want to go to a place called Dingle to see a dolphin called Fungie?” a scríobhann sé.

Dúirt Depp gur ghoill sé air nuair a chéadchuala sé na sonraí faoin drochíde a thug údaráis Shasana do Conlon nuair a gabhadh é san éagóir mar gheall ar bhuama a phléasc in Guildford in 1974.

Chaith Conlon, Paul Hill, Paddy Armstrong agus Carole Richardson 15 bliain i bpríosún sular glanadh a n-ainm.

Fág freagra ar '‘Who wouldn’t want to go to a place called Dingle to see a dolphin called Fungie?’ arsa Johnny Depp'