White Hunger: úrscéal a shéidfidh gaoth trí chroí an léitheora

Tá ‘White Hunger’, an chéad úrscéal ag an scríbhneoir Fionlannach Aki Ollikainen, ainmnithe ar liosta fada na bliana seo don Man Booker International Prize. Níl iontas ar bith ar ár léirmheastóir.

white_hunger_cream_fullsize_hires

Den dara huair le ráithe anuas, tá mé faoi gheasa ag scríbhneoir óg ón bhFionlainn. Sofi Oksanen a bhain an anáil díom ag deireadh na bliana seo caite; an iarraidh seo ba é Aki Ollikainen a tháinig idir mé agus codladh na hoíche. ‘Idir mé agus codladh na hoíche’ a deirim toisc nach aon léitheoireacht éadrom atá in White Hunger, atá ainmnithe ar liosta fada na bliana seo don Man Booker International Prize.

Gorta Mór na Fionlainne, a tharla idir 1866 agus 1868 agus inar maraíodh 270,000 duine, nó 15 faoin gcéad de dhaonra na tíre ag an am, is ábhar don úrscéal gearr seo. Samhlaigh Gorta Mór na hÉireann agus brat sneachta anuas air.

Tríd an sneachta tiubh seo a threabhann príomhcharachtair White Hunger – máthair óg, a hiníon agus a maicín as tuaisceart na Fionlainne – agus iad ar a mbealach ó dheas ar thóir bia. De réir a chéile múchann an t-ocras iad, plúchann an sneachta iad, agus tosaíonn an ghaoth a shéideann tríd na cnámharlaigh le taobh an bhóthair ag séideadh trí chroí an léitheora.

Ó Ollikainen féin a ghoid mé múnla na samhla thuas, an ceann faoi chroí an léitheora.

‘Matsson saw into Teo’s thoughts through the opening his eyes had drilled.’

Níl san abairt thuas ach líne ghearr, cuma na simplíochta uirthi fiú amháin, ach léiríonn sí tuiscint dhomhain ní amháin ar an duine, ach ar céard is litríocht ann. Nuair a tháinig mé uirthi, d’fháisc mé an leabhar le m’ucht agus lig mé liú beag asam, fios agam go raibh laoch nua litríochta aimsithe agam.

Stíl shamhlaíoch, shaothraithe atá ag Ollikainen atá simplí ar an gcéad radharc ach a bhfuil doimhneacht dhiamhair ag baint léi ar an dara hamharc. Tá mearbhall draíochtúil ag baint le cuid mhór de na meafair in White Hunger, rud nach ionadh agus na príomhcharachtair ag dul glan as a meabhair leis an ocras:

The sky is the colour of a snake’s eye. The first star lights up and Marja feels the snake watching her and Juho. She looks back at the snake, eye to eye, but she cannot fool it.

Cé hí an nathair? An spéir? An t-ocras? An geimhreadh? Dia féin? Faoin léitheoir atá. Meallann Ollikainen an léitheoir leis ó mheafar míorúilteach amháin go meafar míorúilteach eile, tríd an sneachta, i dtreo an deiridh – deireadh a thabharfaidh ardú croí gan choinne don léitheoir.

Níl in White Hunger, a foilsíodh i bhFionlainnis sa bhliain 2012, ach an chéad saothar ficsin le Aki Ollikainen, ar iriseoir agus grianghrafadóir é le nuachtán áitiúil i mbaile Kolari in iarthuaisceart na Fionlainne. Foilsíodh an dara húrscéal leis i bhFionlainnis anuraidh agus tá súil agam nach mbeidh moill ar aistriúchán. Emily agus Fleur Jeremiah – máthair agus iníon – a d’aistrigh White Hunger do Peirene Press, agus tá léitheoirí an domhain faoi chomaoin mhór ag an mbeirt bhan seo as scríbhneoir óg fíorchumasach a chur inár láthair.

White Hunger ar fáil ó Peirene Press. (NASC: http://www.peirenepress.com)