‘What’s going on? I’m hearing a lot of Irish on the plane’ – comhdháil stairiúil Ghaeilge i bPrág

Bhí an chomhdháil ba mhó riamh a eagraíodh trí Ghaeilge taobh amuigh d’Éirinn ar siúl i bPrág an tseachtain seo caite

‘What’s going on? I’m hearing a lot of Irish on the plane’ – comhdháil stairiúil Ghaeilge i bPrág

Mícheál Mac Craith agus Gearóid Denvir le hiarscoláirí dá gcuid Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Máirín Nic Eoin, Pádraig Ó Liatháin, Rióna Ní Fhrighil, Róisín Ní Ghairbhí agus Caitríona Ó Dochartaigh ag an gcomhdháil in Ollscoil Shéarlais

‘What’s going on? I’m hearing a lot of Irish on the plane’ arsa an duine taobh liom agus mé ar eitilt Aer Lingus E10644 go Prág Dé Céadaoin seo caite. Nuair a mhínigh mé di go raibh comhdháil faoi litríocht agus chultúr na hÉireann agus na hEorpa le bheith ar siúl trí mheán na Gaeilge i bPrág bhí iontas uirthi, an t-iontas sin a bhíonn ar Éireannaigh aonteangacha uaireanta nuair a chloiseann siad an Ghaeilge á labhairt go nádúrtha timpeall orthu. Ní iontas ach bród agus ardú meanman a bhí le brath, áfach, i gcaitheamh na laethanta a chaith rannpháirtithe na comhdhála céanna in Ollscoil Shéarlais i bPrág ag teacht le chéile acadúil a mbreathnófar siar air mar ócáid stairiúil agus mar chlochmhíle thábhachtach i stair an Léinn Éireannaigh go hidirnáisiúnta.

Cuid de lucht páirte na comhdhála taobh amuigh d’Áras Ambasadóir na hÉireann i bPrág

Agus fáilte fhlaithiúil Ghaelach á cur romhainn oíche Déardaoin, dúirt Ambasadóir na hÉireann i bPoblacht na Seice, a Shoilse Charles Sheehan, nár chreid sé go bhféadfadh sé tarlú go mbaileodh slua chomh mór de lucht léinn na Gaeilge i bPrág agus go raibh sé iontach bródúil as an obair a bhí á déanamh ag Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Shéarlais chun teanga, litríocht agus léann na Gaeilge a chur chun cinn. Ina aitheasc, a bhí go hiomlán trí Ghaeilge, thug an tAmbasadóir aitheantas ar leith don duine a raibh an fhís aige, an Dr Radvan Markus, scoláire litríochta agus teanga agus léachtóir in Ionad an Léinn Éireannaigh. Tá an Ghaeilge á múineadh in Ollscoil Shéarlais ó thosaigh Brian Ó hEithir, mac Bhreandáin, rang ansin sé bliana is fiche ó shin.

Tá a hionad ar an gclár ag neartú ón mbliain 2000 ar aghaidh, agus éileamh an-mhaith anois ar na ranganna bunleibhéil agus ardchaighdeán inniúlachta á bhaint amach ag na mic léinn a dhéanann staidéar uirthi ar feadh tréimhse iomlán a gcéime.

An Dr Radvan Markus leis na cúntóirí Lucie Gillová, Václava Thomas agus Jaroslava Marešová in Áras an Ambasadóra

Is duine é Radvan Markus a rinne an turas teanga ón bhfoghlaim ab initio go máistreacht. Tá leabhar critice foilsithe aige ar léiriú Éirí Amach 1798 i litríocht na hÉireann sa dá theanga; d’aistrigh sé an t-úrscéal L’Attaque le hEoghan Ó Tuairisc go Seicis, agus beidh a aistriúchán ar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain i gcló gan mhoill. Tá dlúthghaol idir teagasc na teanga, an taighde litríochta agus ceird an aistriúcháin sna cúrsaí Gaeilge a mhúintear i bPrág. Cé gur fiosracht faoin teanga féin a mheallann mic léinn isteach sna bunranganna, is minic gurb í an dúil i litríocht agus i gcultúr na Gaeilge a spreagann mic léinn Sheiceacha chun ardleibhéal teanga a bhaint amach.

‘Ar an Imeall i Lár an Domhain: An Tairseachúlacht i Litríocht agus i gCultúr na hÉireann agus na hEorpa’ téama na comhdhála, agus mheall an téama sin breis agus seasca tairiscint páipéir, sa chaoi gurbh í seo an chomhdháil ba mhó riamh a eagraíodh trí Ghaeilge taobh amuigh d’Éirinn.

Go deimhin, ní cuimhin liom an oiread sin páipéar a bheith á léamh ag aon chomhdháil Ghaeilge in Éirinn féin. Bhí scoláirí i láthair ó níos mó ná deich n-institiúid ardléinn ar oileán na hÉireann, chomh maith le scoláirí Seiceacha, agus daoine atá lonnaithe in ollscoileanna sa Fhrainc, san Fhionlainn, sa Pholainn agus i Meiriceá Thuaidh. I measc na n-aoichainteoirí bhí an tOllamh Mícheál Mac Craith O.F.M., a tháinig ó Collegio San Isidore sa Róimh, fear a bhí lárnach i gcothú léann na Gaeilge in Ollscoil Shéarlais ag tús na mílaoise nuair a bhí sé féin fós ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Mar shagart Proinsiasach ar saineolaí é ar stair an oird sin ar Mhór-Roinn na hEorpa, ní raibh duine níb’ oiriúnaí le labhairt faoi ról cultúrtha agus polaitiúil na bProinsiasach ag comhdháil a bhí ar siúl i bPálás Sweerts-Špork ar an tsráid Hybernská, cúpla slat ó iarcholáiste na bProinsiasach Éireannach a bunaíodh i 1629.

Nuala Ní Dhomhnaill agus Daniela Theinová. Pictiúr: Václav Bernard

Gné shuaithinseach de chuid na comhdhála ba ea an léiriú a tugadh ar ildisciplíneacht léann na Gaeilge mar atá sé á chleachtadh anois in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Ó léacht oscailte Rióna Ní Fhrighil faoin bhfilíocht chomhaimseartha agus dioscúrsa na gcearta daonna go dtí léacht chlabhsúir Alan Titley faoin léiriú a thugann scéalta beatha na Gaeltachta ar luachanna cultúrtha na bpobal as ar tháinig siad, caitheadh solas ar raon ilghnéitheach réimsí scoláireachta: an teangeolaíocht fheidhmeach, an chritic liteartha agus chultúir, léann na himirce, an pholaitíocht, cúrsaí oideachais, stair na heaglaise, na daonnachtaí digiteacha, léann na lámhscríbhinní, stair na litríochta, léann an bhéaloidis agus an taibhléirithe, an litríocht chomparáideach, léann an aistriúcháin.

Oíche cheoil i Mainistir Strahov. Pictiúr: Václav Bernard

Mar chuid de chlár na comhdhála, bhí turas treoraithe ar leabharlann cháiliúil Mhainistir Strahov, agus oíche filíochta agus cheoil i gceann de na seomraí Barócacha ansin. Ba dhraíochtúil an timpeallacht í le dánta Nuala Ní Dhomhnaill a chloisteáil á léamh ag an bhfile féin agus ag na haistritheoirí Seicise Daniela Theinová agus Martin Světlík. Léigh Alan Titley scéalta agus dánta freisin, agus ba léir gur bhain an lucht éisteachta Seiceach an taitneamh céanna as saothar na beirte agus a bhain na hÉireannaigh a bhí i láthair. Mar chuid den chlár, bhí ceol cláirsí agus amhráin Ghaeilge ó Shíle Denvir agus amhráin Ghaeilge, Seicise agus Catalóinise ó Kateřina García agus Pádraig Ó Liatháin.

Scríbhneoirí, aistritheoirí agus ceoltóirí ar an ardán i Mainistir Strahov. Pictiúr: Václav Bernard

Agus slua mór ag filleadh abhaile ar an eitleán tráthnóna Dé Domhnaigh, bhí ár gcomhphaisinéirí ag cur suntais arís sa Ghaeilge a bhí á cloisteáil timpeall orthu. Beidh comhdháil idirnáisiúnta faoin téama ‘Athshamhlú Traidisiún’ ar siúl faoi choimirce an Chumainn Idirnáisiúnta um Staidéar ar Litríochtaí na hÉireann (IASIL) in Ollscoil Radboud Nijmegen san Ísiltír an samhradh seo chugainn. Beidh fáilte roimh pháipéir ó scoláirí Gaeilge agus fáilte roimh pháipéir i nGaeilge. Seans go mbeidh Micheál Ó Conghaile ann, mar a bhí sé i bPrág, agus leabhair Ghaeilge agus aistriúcháin ón nGaeilge ar díol aige do phobal idirnáisiúnta. Is cinnte nach ndéanfar aon ábhar iontais den Ghaeilge a bheidh le cloisteáil ag an gcomhdháil sin. Trasnaíodh tairseach ag an gcomhdháil i bPrág agus níl aon dul siar.

Fuair lucht eagraithe na comhdhála tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus ó Chultúr Éireann, chomh maith le cúnamh ó Chónaidhm na nEagraíochtaí agus na nIonad do Léann na hÉireann san Eoraip (EFACIS).