ASNC – ‘Wee groupy bossman’ Ultaise le fostú

Beidh sé ag obair go dlúth le Ronnie Ridge, Grúpghuru na Gaeilge

‘Wee groupy bossman’ Ultaise le fostú ag RTÉ

‘Íocfaidh Denis O’Brien leath an tuarastail agus seasfaidh an Doras Ultaise an leath eile’ – b’shin an chosaint a rinne RTÉ ar maidin ar a chinneadh ardfheidhmeannach a cheapadh le cúram a dhéanamh dá pholasaí Ultaise.

An ‘Wee groupy bossman’ an teideal oifigiúil a bheidh ar an nGrúpcheannasaí Ultaise agus beidh an té a cheapfar ar aon stádas le Ronnie Ridge a bheidh ag cur tús lena fheachtas tochailte i nDomnach Broc go luath, féachaint le cnámha pholasaí Gaeilge an stáisiúin a thabhairt as an bpluais ina bhfuil siad caite.

Beidh an Grúpghuru Gaeilge agus an ‘Wee groupy bossman’ Ultaise ag obair as lámha a chéile.

“I have a hape o work on and a dale mair to dae with the wee dafty wains in Casla,  but I’ll give him a wee han,” arsa Ronnie Ridge le Ar Son na Cúise ague é ag cleachtadh a chuid Ultaise sa ‘front bar’ i dTí Sé ar an gCeathrú Rua aréir.

Tuigtear do Ar Son na Cúise agus do Ar Son na Cúise amháin go dtabharfar piocóid nua agus seansluasaid do Ronnie ach go mbeidh teacht ag an Ultaiseoir orthu Satharn agus Domhnach.

“We gave a sop to the ‘Greenies’, so we may as well please the’ Orangies’ too, loike,” a dúirt urlabhraí Mhontrós.

“Céim mhór chun cinn,” a dúirt guth nár aithin muid.

Fág freagra ar 'ASNC – ‘Wee groupy bossman’ Ultaise le fostú'