‘We did not touch the heart of the people…we knew only English’ – W. B. Yeats

Tugann eolas a d’aimsigh ár gcolúnaí sa ‘Claidheamh Soluis’ léargas dúinn ar dhearcadh an Phiarsaigh ar fhilíocht Yeats agus ar dhearcadh Yeats ar cheist na Gaeilge

150 bliain ó shin a rugadh William Butler Yeats. Rinneadh comóradh air mar is cuí i mbliana ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain. Tugadh aird faoi leith ar an gcomóradh i Sligeach. Chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 500,000 euro ar fáil leis an gcomóradh a eagrú.

Nach aisteach mar sin nár chuir an Roinn béim ar bith ar an tionchar a bhí ag an nGaeilge ar Yeats!

Is fíor gur cosúil nach raibh mórán Gaeilge ag Yeats agus ní scríobhadh sé Gaeilge ach cé a d’fhéadfadh a shéanadh go bhfuil scáil na Gaeilge ar chuid an-mhór dá shaothar?

Níl amhras ar bith freisin nár casadh neart Gaeilgeoirí leis thart faoi Thúr Bhaile Uí Lí nuair a thosaigh sé féin agus Lady Gregory ag bailiú scéalta, béaloideas agus filíocht sna bólaí sin.

Chuir siad suim mhór i bhfilíocht Raiftearaí.

Nuair a scocraíodh leacht a chur ar uaigh Raiftearaí i Reilig Chill Fhínín, bhí Yeats ar dhuine acu siúd a chuidigh leis an airgead a chur le chéile.

Caithfear a chur san áireamh freisin go ndeachaigh Yeats isteach i mBráithreachas na Poblachta ina óige.

Tá sé ráite nach raibh aon mheas ag Pádraig Mac Piarais ar fhilíocht Yeats. Ní baileach gurb shin é a dúirt sé sa tagairt a léigh mise. Tá sé ráite freisin, ar ndóigh, gur fhág James Joyce rang Gaeilge a bhí ag an bPiarsach de bhrí gur cháin an Piarsach an Béarla.

Cé a chreidfeadh é sin? Ba í teanga a athar í agus ba mhór an gean a bhí ag an athair agus ag an mac ar litríocht an Bhéarla.

Nuachtán dátheangach ba ea An Claidheamh Soluis le linn don Phiarsach a bheith ina eagarthóir air idir 1903 agus 1909.

Oideachas dátheangach an aidhm a bhí ag an bPiarsach i Scoil Éanna agus ina chuid scríbhinní faoin ábhar.

Ós ag caint ar Scoil Éanna é, bhí Yeats ar dhuine de na léachtóirí seachtracha a bhí ag an Scoil.

Sa mbliain 1914, d’eagraigh Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide ócáid i gcuimhne ar Thomás Dáibhís a rugadh céad bliain roimhe sin. Tugadh cuireadh do Phádraig Mac Piarais agus do W. B. Yeats. Chuir duine de lucht ceannais an Choláiste, John Pentland Mahaffy, an ócáid ar ceal, de bharr go raibh an Piarsach, a dúirt sé, ag moladh do dhaoine gan a dhul isteach in arm na Breataine.

Cháin Yeats Mahaffy faoin gcinneadh a rinne sé.

Maidir le dearcadh an Phiarsaigh ar fhilíocht Yeats, seo mar a dúirt sé sa gClaidheamh Soluis uair amháin: “while personally we have a high admiration for much of Mr Yeats’s work we agree with “P.E.M.” that the movement of which that work is a product is just what he describes it — “a movement of defeat”— for it is a movement to achieve the psychologically impossible — the expression of Irish Nationality in English”.

An ‘P. E. N.’ sin ar thagair an Piarsach dó, ainm cleite a bhí ann ar scríbhneoir a scríobh cuntas ar léacht a thug Yeats i San Francisco tamall gearr roimhe sin.

Thug Yeats cuntas ar an obair a rinne sé féin agus daoine eile leis an National Literary Society a chur chun cinn. D’admhaigh sé nach raibh ag éirí go maith leo. “We did not touch the heart of the people,” a dúirt sé, “we knew only English, and a new movement had to come in the language of the people”.

Mhol sé ansin an obair a bhí ar bun ag Dúbhghlas De hÍde.

Seo mar a dúirt sé.

‘We did not think Dr. Hyde and his friends would succeed in the work they undertook, and they themselves did not think so.

‘The whole country caught fire, as no man could have foreseen: and when such a miracle as that takes place, when a country takes on itself to learn a difficult language it had forgotten, to revive a tongue in which the modern world does not transact its thoughts or its business, you may know that there is some great need. I will not say today that the battle is won, but I will say this, that life has come back into the country.’

Sách ráite, by daid.

Fág freagra ar '‘We did not touch the heart of the people…we knew only English’ – W. B. Yeats'

  • Seán Mag Leannáin

    Alt an-spéisiúil by daid.

  • Seán Mag Leannáin

    Mhol Eoin Ó Murchú an t-alt seo ar chlár Vincent Browne ar TV3 aréir. Bhí Mick Clifford i gcathaoir an Bhrúnaigh ar an gclár. Bhí Eoin agus a leathbhádóir Marie-Louise O’Donnell ann mar aoí-léirmheastóirí ar na nuachtáin. Thapaigh Eoin an deis, agus ní don chéad uair a rinne sé amhlaidh, a mheabhrú don phainéal agus don lucht féachána go bhfuil na meáin Ghaeilge ann le cois na mór-mheán Béarla. Murab ionann agus go leor Gaeilgeoirí mór le rá eile a bhíonns go minic os comhair an phobail ar na mór-mheáin Bhéarla ní dhéanann Eoin dearmad riamh ar an teanga, agus déanann sé seo i slí dheas chaolchúiseach a théanns i bhfeidhm ar dhaoine. Gura fada buan é Eoin – Gael dílis i measc mhaithe agus mhóruaisle na mór-mheán Béarla.